Na Connachtaigh agus na hUltaigh ag brath ar thorthaí eile

Ar a laghad ar bith, léirigh na Muimhnigh agus na Laighnigh don domhan mór nach raibh siad cloíte go hiomlán…

Bundee Aki. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Bundee Aki. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Cáil agus bród, sin a raibh i gceist, ach ba leor sin. Bhí na Muimhnigh agus na Laighnigh díbeartha ón gcomórtas Eorpach, iad náirithe as baile an deireadh seachtaine roimhe sin, ach mar sin féin thug an dá chúige taispeántais iontacha uathu agus iad araon ag imirt sa mbaile an Satharn seo caite. Bhí an dá fhoireann dearfach agus díocasach, iad ag léiriú cuid den tseansprid trodach a thug chuig barr an chomórtais iad blianta eile roimhe seo.

Ní bheidh an cháil sin ar cheachtar acu ag deireadh an tséasúir seo, faraor. Mar sin féin, bhí sé ríthábhachtach nár luigh ceachtar den dá fhoireann síos agus gur léirigh siad don domhan mór nach raibh siad cloíte go hiomlán, ná sásta géilleadh don fhreasúra agus iad ag imirt sa mbaile go háirithe.

Tá ar an dá fhoireann cur chun páirce arís an deireadh seachtaine seo sa gcluiche deiridh de na réamhbhabhtaí. Beidh na Muimhnigh san Iodáil i gcoinne Treviso, foireann nár buaigh oiread agus cluiche amháin sa gcomórtas seo i mbliana agus beidh na Laighnigh i Sasana i gcoinne Wasps, foireann atá ar bharr Ghrúpa 5.

Ní dóigh go mbeidh mórán stró ar na Muimhnigh bua eile a fháil ar na hIodálaigh ach is scéal eile ar fad a bheas ann i gcás na Laighneach. Mar sin féin, beidh an dá chúige ag súil le deireadh na réamhbhabhtaí le deis a thabhairt dóibh díriú ar an bPro 12. Níl aon rogha eile acu anois, ach is fada an lá go nglanfar Comórtas na gCuradh an tséasúir seo as a gcuimhne!

Ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar ag fir Phat Lam. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie
Ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar ag fir Phat Lam. Pictiúr: ©INPHO/James Crombie

Tá seans cáilithe fós ag na hUltaigh, go teoiriciúil ar a laghad ar bith, iad sa mbaile an Satharn seo i gcoinne Oyonnax na Fraince. Theip go dona ar fhir Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite agus iad i gcoinne Saracens i gcluiche nár éirigh leo an pointe bónais féin a fháil. Seans maith go mbeidh an lá leis na hUltaigh an Satharn seo ach ní fúthu féin a bhfuil i ndán dóibh, faraor. Nach mór an peaca nár éirigh leo cúpla pointe bónais breise a aimsiú?

Is ionann an cás do na Connachtaigh. Dé Sathairn seo caite, don dara seachtain as a chéile, sciorr an cluiche uathu sna nóiméid dheireanacha den chluiche. Tá buntáiste an bhaile acu Dé Sathairn i gcoinne Enisei STN na Rúise. Ba cheart go mbeadh an lámh in uachtar ag fir Phat Lam, ach an mbeidh siad in ann ceithre úd agus pointe bónais a fháil? Agus cén toradh a bheas idir Newcastle agus Brive i Kingston Road?  

Mar a sheasann rudaí faoi láthair, tá Brive ar bharr Ghrúpa 1, iad pointe amháin chun cinn ar na Connachtaigh. Is cinnte go mbeidh fir an iarthair ag súil le bua do na Sasanaigh, rud a chinnteodh cluiche ceathrú ceannais ag baile agus airgead mór ar an ngeata dá réir thiar ar an mBóthar Beag. Sin má bhíonn an bua acu ar na Rúisigh, ach ní dócha go dteipfidh orthu sa gceann sin.

Fág freagra ar 'Na Connachtaigh agus na hUltaigh ag brath ar thorthaí eile'