Na chéad Chomhair Chreidmheasa i gConamara le cónascadh

Tá cónascadh le déanamh ar Chomhair Chreidmheasa i gConamara a bhí ina gceannródaithe ar ghluaiseacht na gcomhar creidmheasa in Éirinn 50 bliain ó shin

Na chéad Chomhair Chreidmheasa i gConamara le cónascadh

Beirt fhear agus a mbád. Céibh Chloch na Rón in iarthar Chonamara – Meán Fómhair 1967. Bhí sé ina scéal mór ag an mbeirt a tháinig i dtír go rabhadar ag réiteach le dhul in éadan na dtonn siar i gcaitheamh an bhealaigh go Meiriceá. Tugadh poiblíocht i bhfad agus i ngearr do phlean Vinton Lloyd agus Louis Lourmais. Leanfaidís cúrsa Columbus trasna an Atlantaigh.

Ach, bhí amhras ar chuid mhaith de mhuintir na háite faoin scéal – agus tharla sé gur acu a bhí an ceart. Ní dheachaigh an bheirt níb fhaide.

Ba leis an scéal sin a chuir Séamus Ó Domhnaill tús lena chuntas ar an saol a bhí ann nuair a tugadh iarraidh faoi bhunú Chomhar Creidmheasa an Chaisil. 

Bhí an t-amhras i réim freisin na míonna céanna sin i 1967 nuair a bhí coiste i gceantar an Chaisil – seacht míle soir ó Chloch na Rón – ag déanamh a gcuid machnaimh ar bhunú craobh de ghluaiseacht an Chomhair Chreidmheasa. Bhí cuid mhaith daoine ann a shíl nach n-éireodh leis an iarracht. Muintir na háite i mbun a mbanc pobail féin i gceantar tuaithe? B’fhusa a dhul trasna an Atlantaigh i mbád beag féin, ná é sin!

Sagart darbh ainm Seán Ó hUiginn a bhí ina Shéiplíneach sa gceantar san am agus chreid sé go láidir go mbeadh craobhacha den Chomhar Creidmheasa ar cheann de na bealaí praiticiúla a bhféadfadh pobail san iarthar cuidiú leo féin. 

Eisean a thug cuireadh amach chun an Chaisil d’oifigigh na gluaiseachta as cathair na Gaillimhe. Bhíodar siúd ag iarraidh an síol a scaipeadh ar thalamh treampánach iarthar Chonamara.

“Is deacair don ghlúin óg é seo a chreidiúint,” a deir Séamus Ó Domhnaill.

“Ach b’fhuath le muintir na tuaithe iasachtaí a thógáil san aimsir a caitheadh; bhí tú ceaptha teacht lena raibh agat agus má bhí rud lena chois sin uait, d’fhan tú nó gur shaothraigh tú a luach, ar chaoi éicint. Má thóg tú iasacht is beag nach raibh marach éicint ort.”

Sna cathracha agus sna bailte móra a cuireadh bun faoi ghluaiseacht na gComhar Creidmheasa in Éirinn – Baile Átha Cliath i dtosach i lár na 1950idí. Bhí fuascailt na ndaoine bochta ó chrúba lucht gaimbín ar cheann de na cúiseanna ba mhó a bhí leis; dínit a thabhairt do dhaoine san saol crua a bhí sa gcathair san am. Bunaíodh eagraíocht náisiúnta na gComhar Creidmheasa in Éirinn i 1960 agus tháinig tuilleadh borradh faoin ngluaiseacht. Ach bhí an coiste ar an gCaiseal leathchéad bliain ó shin ina gceannródaithe – cé gur beag cuimhneamh a rinneadar air sin san am. Bhunaigh siad an chéad chraobh de ghluaiseacht na gComhar Creidmheas i gceantar tuaithe in Éirinn. 

Tosaíodh ag obair gar do dheireadh 1967, obair dheonach agus gan mórán taithí ar an gcineál sin gníomhaíochta ag an gcuid is mó den bhord stiúrtha nua. 

D’íoc chuile bhall den bhord agus den choiste an táille ballraíochta – leathchoróin san am – agus chuireadar punt an duine sa gciste. Bhí dhá phunt déag, seacht scilling agus sé pingine i gComhar Creidmheasa an Chaisil!   

Ba é seo freisin, ar ndóigh, an chéad Chomhar Creidmheasa i gConamara agus seo iad na daoine a bhí ar an gcéad Choiste Stiúrtha: Peter Veldon (Cathaoirleach), Tomás Ó Conghaile (Rúnaí), Pádraig Ó Coisdealbha (Cisteoir), Bid Mhic an Ríogh, Tom Eustace, Séamus Ó Domhnaill, an tAthair Seán Higgins, agus Mary Duffy-Joyce. Ba iad Seosamh Seoige, Alice Ní Chriodháin agus Bean Uí Thuathail a bhí ar an gCoiste Feitheoireachta. Tá cuid mhaith acu siúd ar shlí na firinne anois agus go raibh suaimhneas síoraí acu.

Chuir roinnt daoine roinnt airgid i dtaisce i dtosach ach ba í an cheist mhór ná an dtógfadh duine ar bith iasacht. Tharla sin tar éis leathbhliana. Tógadh iasacht £25 ar an 18 Feabhra, 1968. Faoi dheireadh 1968 bhí deich gcinn fhichead d’iasachtaí tugtha amach arbh fhiú £755 agus 10 scilling iad. Bhí 100 ball sa gComhar agus bhí £782 curtha i dtaisce acu. 

Bhí an chéad Chomhar Creidmheasa i gConamara agus an chéad Chomhar Creidmheasa tuaithe in Éirinn corraithe amach ón gcéibh. Bhíodh baill as an gCaiseal, as Cloch na Rón agus roinnt as pobal Charna ar na coistí in imeacht na mblianta agus ba in aisce a rinneadh an chuid is mó den obair. 

B’éigean foireann lánaimseartha a chur ag obair le riar blianta nuair a cuireadh béim ar cheantar an Chlocháin san eagraíocht.

Bhí cabhair le bunú craobh eile den Chomhar Creidmheasa i gConamara ar cheann de na chéad dualgaisí a thit ar chrann Chraobh an Chaisil. Thosaigh coiste ag obair i gCrois na Tulaí agus i Rinn Mhaoile agus bhí siadsan i mbun gnó faoi dheireadh 1969 agus tús 1970. Cé nach raibh na cinn sin chomh mór riamh le Comhar an Chaisil rinneadh obair mhaith in iarthuaisceart Chonamara.

Ar na saolta seo tá beagnach €13 milliún i dtaisce agus €5 milliún amuigh ar iasacht ag Comhar Chreidmheasa an Chaisil. Tá ag bordáil ar €7.4 milliún i dtaisce ag an baill i gComhar Creidmheas Chrois na Tulaí agus tá €2.25 milliún amuigh ar iasacht acu. Rinneadh bainistíocht mhaith ar an bpéire acu agus tá siad slán agus láidir. 

Ach, tá deireadh á chur anois leis an bpéire acu agus iad le cónascadh. 

Réiteofar ag cruinnithe speisialta cinnbhliana atá ar siúl an tseachtain seo an bealach le haghaidh an chónasctha.

Ach an oiread le go leor eile ar fud na tíre, ní maith a thaitníonn sé le go leor daoine a rinne forbairt ar na Comhair tuaithe seo go caithfidh siad a mbratach féin a ísliú. Ach glactar leis go forleathan nach bhfuil mórán de rogha acu.

Tá na Comhair Chreidmheasa curtha isteach anois faoi stiúir an Bhainc Cheannais agus táthar ag dul beagnach chomh géar céanna orthu agus dá mba bhainc mhóra tráchtála iad. Ar feadh na mblianta, bhí an ghluaiseacht a riaradh faoi reachtaíocht charthanachta an Stáit, ach d’éirigh cuid de na Comhair Chreidmheasa an-mhór. Rinne cuid acu infheistiú i gcistí a bhí ag brath ar na stocmhalartáin agus chaill cuid acu go leor airgid. 

Mhéadaigh na hiasachtaí thar cuimse – go háirithe nuair a bhí borradh mór faoi eacnamaíocht na tíre. Le himeacht aimsire, ba chorrach a d’éirigh an bhunchloch fúthu. 

Ní raibh tromlach na gComhar sa riocht sin. Bhí cinn ar nós an Chaisil agus Chrois na Tulaí slán agus sábháilte. Ach cuireadh chuile cheann acu sa mbád céanna nuair a socraíodh go dtiocfadh Rialtóir an Bhainc Cheannais i gceannas orthu. Cuireadh brú orthu faoi chúrsaí feitheoireachta agus bhí brú orthu a gcúltaca airgid a mhéadú le blianta beaga anuas. 

Chuaigh an scéal amach chucu gurbh fhearr do chuid mhaith acu cónascadh. Sin é atá tarlaithe sa chás seo. Comhar Creidmheasa Chonamara a thabharfar ar an eagraíocht go gairid.

Ní mó ná sásta atá leithéidí Shéamuis Uí Dhomhnaill leis an athrú isteach faoi stiúir an Bhainc Cheannais agus feictear dó go bhfuil neamhspleáchas agus solúbthacht á gcailleadh ag na Comhair Chreidmheasa. Tá na buntréithe pobail á mbaint uathu, a deir Ó Domhnaill.

Leathchéad bliain ó shin a sheol dream daoine misniúla as an gCaiseal amach in aghaidh sruth na taoille agus na haimsire a bhí ann san am. Tháinig siad i dtír ar an taobh eile agus rinneadar obair iontach do phobal iarthar Chonamara; bhí an obair sin ina sampla do dhaoine a tháinig ina ndiaidh ar fud na tuaithe. 

Tá sé in am an bád a thabhairt go caladh anois agus soitheach nua a chur ar snámh.

Fág freagra ar 'Na chéad Chomhair Chreidmheasa i gConamara le cónascadh'