Na ceithre chúige ag dul chun páirce i gCorn na gCuradh

Tá Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht ag taisteal chun na Fraince agus tá buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean agus Cúige Uladh

Na ceithre chúige ag dul chun páirce i gCorn na gCuradh

Tá na ceithre chúige ag dul chun páirce i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh inniu.  Tá Cúige Mumhan agus Cúige Chonnacht ag taisteal chun na Fraince agus brú orthu dá réir sin.  Tá buntáiste an bhaile ag Cúige Laighean agus Cúige Uladh.

B’fhéidir go bhfuil sé chomh maith ag Cúige Chonnacht a admháil nach bhfuil seans na ngrást acu na babhtaí cáilithe a bhaint amach i gcomórtas na bliana seo.  Chaill siad cluichí Bhabhtaí 1 agus 2 go dona. Is oth liom a rá gur ghéill foireann na Gaillimhe 96 pointe sa dá chluiche sin, cúis náire ann féin!

Is ar Lyon na Fraince atá triall na gConnachtach inniu agus iad ag súil le hiarracht dhearfach a dhéanamh fiú mura mbíonn an bua acu i gcoinne fhoireann an bhaile sin. Is fiú a mheabhrú nach bhfuil fáil acu ar Mark Hanse, rud a chuirfeas leis an dúshlán.  Chaill Lyon i mBabhta 1 den chomórtas seo ach bhí bua acu i mBabhta 2 díreach roimh an Nollaig.

Níl a fhios agamsa an leor an bua maith baile a bhí ag Cúige Chonnacht ar na Muimhnigh mar spreagadh don choimhlint seo inniu. Sílim gurbh fhearr dóibh díriú ar an URC anois agus tréan-iarracht a dhéanamh iad féin a ardú go dtí an t-ochtú háit nó níos airde sa gcomórtas sin. Seans go bhfuil deireadh lena rás i gCorn na gCuradh don séasúr seo, fiú má thugann siad pointe nó dhó abhaile leo inniu.

Níos faide ó dheas, i Toulon, a bheas na Muimhnigh ag dul chun páirce agus iadsan ar thóir an dara bua as trí iarracht. Cothrom a chríochnaigh siad i mBabhta 1 agus iad sa mbaile. Tá spreagadh ar leith ag na Muimhnigh iarracht mhór a dhéanamh inniu mar má thugann siad an lá leo, ní bheidh siad gan seans agus iad ag cur fáilte go Luimneach roimh Northampton faoi cheann seachtaine. Ní hamháin sin ach ní hiad Toulon an fhoireann is láidre i measc chlubanna na Fraince faoi láthair. Níl Cúige Mumhan gan seans inniu, go háirithe agus fáil acu arís ar Peter O’Mahony agus Alex Nankivell a bheas ar an bpáirc ó thús an chluiche agus Joey Carbery atá ar an mbinse.

Sa mbaile, i Staid Aviva a bheas Cúige Laighean, foireann a bhuaigh i mBabhtaí 1 agus 2 an chomórtais seo.  Stade Français

na Fraince, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua i gcomórtas na bliana seo,  an freasúra atá acu. Cé go bhfuil ceist mhór fós maidir leis an leathchúlaí amuigh is fearr atá ag an gcúige faoi láthair, is é Ciarán Frawley atá ag tosú inniu agus tá an t-ógánach Sam Prendergast i measc na n-ionadaithe. Mar sin féin is deacair tada eile seachas bua d’fhoireann an bhaile a thuar. Go deimhin, seans go mbeidh díomá ar Leo Cullen mura n-éiríonn lena fhoireann pointe bónais a bhailiú freisin.

Is dóigh gur roimh na hUltaigh atá an dúshlán is mó an deireadh seachtaine seo agus iadsan i gcoinne Toulouse i mBéal Feirste anocht. Fuair Cúige Uladh greadadh 37-14 ó Bath i mBabhta 1 ach d’éirigh leo na cosa a chur fúthu arís agus iad sa mbaile i gcoinne Racing 92 i mBabhta 2. Mar sin féin, in ainneoin an bhua mhaith a bhí acu san RDS i gcoinne Chúige Laighean ar Lá Caille agus go bhfuil curiarracht mhaith baile ag Uladh i gcoinne Toulouse, is deacair bua do na cuairteoirí a chur as an áireamh, roimh thús an chluiche ar aon nós. Cuimhnigh gurb iad Toulouse an t-aon fhoireann a bhuaigh an comórtas seo cúig bhabhta roimhe seo.

Fág freagra ar 'Na ceithre chúige ag dul chun páirce i gCorn na gCuradh'