Ná ceapadh aon duine gur ribín réidh é Paschal Donohue dá mhúinte é

I gcás an aire airgeadais an dtabharfar tús áite do chlú na hÉireann san Eoraip nó do shocruithe logánta na chomhrialtais

Ná ceapadh aon duine gur ribín réidh é Paschal Donohue dá mhúinte é

Tá sé de cháil ar Paschal Donohue, an tAire Airgeadais, gur fear múinte thar a bheith cúirtéiseach atá ann. Nach tráthúil, mar sin, gurb é an chuid sin den socrú comhrialtais a rinneadh dhá bhliain ó shin a bhaineann go díreach lena ról seisean, atá ag cruthú teannais arís idir na mórpháirtithe rialtais faoi láthair?

 Nuair a deineadh socrú go mbeadh oifig an Taoisigh agus an Tánaiste á malartú idir Micheál Martin agus Leo Varadkar ar an 15 Nollaig seo chugainn bhí socrú ann freisin go mbeadh an bheirt sa Roinn Airgeadais ag malartú a gcuid rólanna – Paschal Donohue agus Michael McGrath. Socrú soiléir go maith agus cóir go maith, shílfeá? An fhadhb anois go bhfuil Paschal Donohue ina Uachtarán ar Airí Airgeadais limistéar an euro agus ardmheas ar a chuid oibre. An féidir leis leanacht sa ról sin mura mbíonn sé ina Aire Airgeadais? Creideann an Tánaiste gur cheart go bhféadfadh. Deir an Taoiseach go bhfuil an socrú a deineadh soiléir agus go mbeidh Michael McGrath in Aire Airgeadais nuair a bheidh Leo Varadkar ina Thaoiseach. Tá sé tugtha le fios ag an Aire McGrath freisin gurb eisean a bheidh mar ionadaí ag an tír seo ag cruinniú Chomhairle Aireachta Limistéar an euro i mí na Nollag.

Tuairiscíodh an tseachtain seo go bhfuil an dara téarma mar cheannasaí ar an ngrúpa tairgthe cheana do Paschal Donohue. Tá ag éirí go maith leis sa ról agus deirtear go bhfuil sé ag dul ó mheabhair ar Bhanc Ceannais na hEorpa agus oifigigh eile san Aontas go mbeadh aon sárú sa bpolaitíocht áitiúil in Éirinn ag teacht salach ar obair an Aontais. Tá Paschal Donohue sa ról mar cheannasaí ar limistéar an euro ó 2020. Tá obair mhór le déanamh i mbliana mar gheall ar an éiginnteacht a bhaineann le cúrsaí fuinnimh, cúrsaí cogaíochta agus an ráta boilscithe. Teastaíonn ó údaráis na hEorpa go bhfágfaí fear stuama cúramach sa ról go ceann scaithimh eile.

Dearmad atá ann a cheapadh go gcaithfidh Pascal Donohue a bheith ina Aire Airgeadais le fanacht sa ról le grúpa an euro, a deir Leo Varadkar. Tá fruisín faighte aige ón Taoiseach a deir go raibh an socrú rialtais in 2020 soiléir agus bunaithe ar chomhurraim idir na páirtithe. Leid nach mbeidh Fianna Fáil róshásta má fhanann Pascal Donohue ina ról mar Uachtarán ar ghrúpa an euro? Buille eile do chúlbhinseoirí Fhianna Fáil sa gcath leanúnach, dar leo, idir an páirtí agus Fine Gael?

Ná ceapadh aon duine gur ribín réidh é Paschal Donohue dá mhúinte é. Níl sé sásta an chonspóid a phlé agus deir Leo Varadkar nach bhfuil aon iarratas déanta air féin go fóill go bhfanfadh Paschal Donohue sa Roinn Airgeadais.

Ach a mbeidh an cháinaisnéis fógartha is féidir a bheith ag súil le tuilleadh plé ar an gceist seo. An ndéanfar an leas is fearr do chlú na hÉireann i súile na hEorpa nó an gcuirfidh páirtithe an rialtais na socruithe logánta a deineadh ar mhaithe le comhrialtas a chur le chéile chun cinn ar an leas sin?

Fág freagra ar 'Ná ceapadh aon duine gur ribín réidh é Paschal Donohue dá mhúinte é'