Ná bac reitric fholamh an bhréagdhóchais – gníomh de réir na fírinne a theastaíonn sa Ghaeltacht

Is é an gníomh dóchais dáiríre ná beartas éigeandála in aghaidh na héigeandála sóisialta agus teanga sa Ghaeltacht

Ná bac reitric fholamh an bhréagdhóchais – gníomh de réir na fírinne a theastaíonn sa Ghaeltacht

Aimsir éigeandála, teastaíonn aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil le dóchas ciallmhar: dóchas agus gníomh bunaithe ar an eolas agus ar an eolaíocht is fearr atá ann. Beartais i leith Covid-19 agus i leith chogadh na hÚcráine, cuir i gcás, seasann siad ar an dá chois seo: dóchas agus ciall; ciall agus dóchas. 

Is agus is féidir beart a dhéanamh, bunaithe ar an eolas. Táthar ag déanamh beart de réir bhriathar na heolaíochta i rith na paindéime Covid-19 in Éirinn agus ag iarraidh a leithéid a dhéanamh i leith na hÚcráine agus i leith ghéarchéim na haeráide. Nach mór idir sin agus neamhbheart agus briathra liom leat an Stáit i leith na héigeandála nach cás leo!

Is í an cheist atá le cur ar lucht an Stáit i leith ghéarchéim na Gaeltachta, cén fáth nach bhfuil moltaí dearfacha gníomh na saothar taighde á gcur i bhfeidhm acu? Cén fáth a ndúirt ionadaithe an Stáit i dtosach go gcuirfidís i bhfeidhm na moltaí, ach nár chuir? Dírítear a chéaduair ar na polasaithe agus na moltaí atá iontu seo: 

  • Beartas Úr na nGael: Dálaí na Gaeilge san Iar-Nua-Aoiseachas (2016, lgh. 59–68; 107–112)   
  • Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: 2006–2011 (2015)
  • Iniúchadh ar an gCumas Dátheangach: An sealbhú teanga i measc ghlúin óg na Gaeltachta (2014, lgh. 221–250)
  • An Chonair Chaoch: an Mionteangachas sa Dátheangachas (2012, lgh. 231–236)
  • Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht: Tuarascáil Chríochnaitheach (2007, lgh. 496–543)

Ach i gcontrárthacht leis na moltaí dóchasacha taighde-bhunaithe sin, cén bhunsraith anailíse go baileach atá le cur chuige reatha an Stáit i leith ghéarchéim na Gaeltachta? Tá le tuiscint ó easpa éifeachta na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus Acht na Gaeltachta gur ar bhunsraith gainimh a tógadh pé cur chuige atá ag an Stát. 

Nach fearrde sinn ar fad plé poiblí a dhéanann an leas coiteann? Tá sé an-tábhachtach dóchas a bheith ag Gaeil faoi chinniúint phobal labhartha a dteanga, ach caithfear an dóchas a bhunú ar an bhfírinne seachas ar reitric amháin. Ceist thráthúil í seo agus an ról atá ag an dóchas i gcás na Gaeilge á chíoradh sna meáin. Cén leas an plé seo ar dhóchas amháin? An plé ar leathchois é? Bacach de cheal na céille?

Faoi scáth a chéile is fearr an dóchas agus an taighde sochtheangeolaíochta. Níl ann ach seachrán iad a chur i gcoimhlint le chéile. Tá idir fhíricí doshéanta agus mholtaí praiticiúla gníomh sna tuairiscí taighde. Is sna fíricí agus sna moltaí sin in éindí atá an dóchas i leith athbheochan na Gaeltachta i ndáiríre. 

Is in easpa chur i bhfeidhm na moltaí atá an t-éadóchas. Is i gcaint ar dhóchas ach gan gníomh taighde-bhunaithe dá réir atá an fíor-éadóchas leathcheilte. De réir loighic reatha an Stáit: ní gá tada a dhéanamh, ní féidir tada a dhéanamh, cuirtear i gcéill nach ann don éigeandáil agus dá bhrí sin is gá teachtaire na héigeandála a lámhach agus rún creidimh a dhéanamh den dóchas gan ghníomh. Lena n-easpa dóchais a cheilt ar an gcoitiantacht, labhraíonn siad ar dhóchas!

Is dris mhór chosáin ar aon dul chun cinn fóinteach é neamhábharthacht na cainte gan substaint – polasaí Stáit gan cois ar bith faoi. Mar is beag foighne a bhíonn ag pobal mionlaithe le plé poiblí nach mbaineann le hábhar. 

Tugann lucht an fhíordhóchais aghaidh straitéiseach ar dhúshláin shóisialta. Ach iarrann lucht na reitrice foilmhe ar an bpobal dul i dtuilleamaí mhaoithneachas an dóchais ghinearálta mar straitéis mhaide. Cén sprioc atá ag reitric fholamh agus plé ar dhóchas in éagmais an ghnímh? Is é a dhéanann caint neamhphointeáilte aird an phobail a bhaint den phráinn agus a gcur ar seachmall intinne. Samhail gan substaint atá sa chaint ar dhóchas gan ciall moltaí gníomh. Mar is gníomh de réir na fírinne a theastaíonn. 

Ní maith samhail a théann i bhfad. D’uireasa na tola gníomhú chun athraithe, níl á thairiscint ag lucht an dóchais mhaoithnigh ach ‘an bhréag uasal’ ar labhair Platón uirthi 2,500 bliain ó shin. Insítear ‘an bhréag uasal’ don chosmhuintir mar dhallamullóg lena gcoinneáil faoi smacht agus – thar aon ní eile – le nach n-éireoidís amach in aghaidh an struchtúir shóisialta, .i. an status quo. 

Ach glacann muid leis go bhfuil formhór Gael ar aon intinn nach bhfuil an status quo leathmhaith go leor chomh fada agus a bhaineann sé le staid shóisialta na Gaeilge. 

An iad Gaeil na Gaeltachta atá sásta leis an status quo, agus atá compordach le heaspa an ghnímh fhóintigh, an iad siúd atá ag caint ar dhóchas gan polasaithe ciallmhara? An ionann an dóchas a dhéanann leas lucht an status quo agus fíordhóchas Ghaeil na Gaeltachta? 

Ar deireadh, thuig Platón féin nach bhfuil sa reitric fholamh ach anlann ar dhrochbhia. Ceileann sí an drochbhlas, ach drochbhia gan solamar atá ann i gcónaí. 

Ní mór beartais i leith ghéarchéim na Gaeltachta a chur i bhfeidhm de réir slata tomhais sóisialta:

  • Aghaidh a thabhairt go córasach ar leas coiteann an mhionlaigh
  • Struchtúir chumhachta agus bonn seasmhach a chur faoi thacaíochtaí sóisialta
  • Comhordú straitéiseach a dhéanamh ar thacaíochtaí éagsúla na bhforas poiblí
  • Maoin phoiblí a dháileadh ar mhaithe le stádas sóisialta agus le riachtanais shocheacnamaíochta, .i. an toradh is fearr a fháil ar luach ár gcaiteachais phoiblí

Ní bonn folláin le polasaí sóisialta an reitric ná an neamhaird ar an bhfírinne. Ach is é cur chuige an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta é, agus ní chuidíonn na laigí móra atá sa phlé poiblí. Is de bharr na gcúinsí seo a leanas atá na laigí sin ann ar an gcéad dul síos, dar liom:

  • Easpaí sa mhachnamh sóisialta agus acadúil a thugann leithscéal don Státchóras gan gníomhú 
  • An iomarca airde ar chúrsaí scoile agus freastal ar leithleas an duine aonair, nó ‘an úsáideora’, atá neamh-inmharthana mura n-athbhunaítear bonn pobail faoin nGaeilge i limistéar comhtháite tíreolaíochta, .i. Gaeltacht athbheoite
  • Dolúbthacht sa chur chuige atá ag forais Stáit, .i. easpa cumais agus tola leasuithe fóinteacha a chur i bhfeidhm
  • Airgead a bheith á chaitheamh ar ócáidí poiblí agus ar chaitheamh aimsire in éagmais na pleanála teanga agus na straitéise taighde-bhunaithe 

Mar chuid den chaint reitriciúil ar an dóchas (agus éadóchas), is minic a tharraingítear cleasaíocht mhothúchánach faoi bhás na Gaeilge isteach sa scéal. Maítear gan aon bhunús go gcuireann anailís agus moltaí fianaise-bhunaithe sóisialta i leith mheath na teanga agus a pobail le próiseas bhás na teanga agus mheath an chultúir. Dá nglacfaí le cleasaíocht neamh-intleachtúil agus fhrith-intleachtúil den sórt seo:

  • Ní bheadh aon ghá dul i ngleic leis na struchtúir chumhachta is cúis le lagú an phobail Ghaelaigh.
  • Ní bheadh aon ghá aird a thabhairt ar laissez-faire an Státchórais faoi fheidhm cheannasach an Bhéarla i gcuid mhór de ghréasáin shóisialta na gcainteoirí Gaeilge.
  • Chuirfí cluain ar an bpobal faoina mhí-éifeachtaí agus atá beartais oifigiúla i leith éigeandáil na Gaeltachta agus an chaoi a gcaitear airgead poiblí uirthi.
  • Chumfaí plé malartach a thiocfadh salach ar an bhfianaise shóisialta maidir le mísheasmhacht na Gaeltachta trí bhéim a chur ar riachtanais shiombalacha an Stáit.
  • Dhéanfaí iarracht cur ina luí ar an bpobal gurb ionann leas an phobail trí chéile agus leas eagraíochtaí Stáit Gaeilge.

Déanann cuid d’fheidhmeannaigh an Stáit, a gcuid comhairleoirí, roinnt acadóirí agus eile, iarracht an chluain seo a chur orainn nuair nach bhfuil rún acu straitéis ábhartha a chur ag obair. An é a straitéis ná brat an dóchais a fhilleadh ar neamhstraitéis an status quo? Léiriú atá sa chleasaíocht seo ar a laige agus atá an bhrí shóisialta sa chluain seo, agus ar a imeallaí agus atá dioscúrsa na Gaeilge i struchtúir chumhachta an Stáit agus i nGalltacht Éireann trí chéile. 

Go deimhin, mar gheall go bhfuil an machnamh agus an dioscúrsa chomh fánach, tá claonadh ann dul i muinín an mhodh oibre is áiféisí ar fad – an teachtaire a lámhach! Bealach éalaithe éasca é sin a sheachnaíonn na ceisteanna móra deacra. 

Ach sa deireadh thiar is baolach gur mó an dochar a dhéanann an t-éalú cluanach seo do dhóchas an phobail: an tsoiniciúlacht agus an easpa gnímh dá réir, ná mar a dhéanann anailís agus moltaí na dtaighdeoirí. 

Go bhfios dúinne, níl aon duine ag maíomh nach bhfuil Gaeilge fós á labhairt sa Ghaeltacht. Go deimhin, an Ghaeilge a bheith fós á labhairt sa Ghaeltacht is bonn leis na moltaí lán misnigh agus lán dóchais atá foilsithe sna tuairiscí taighde. 

Ní hin le rá, ar ndóigh, gur cheart neamhaird a thabhairt ar an bhfáth go bhfuil gá le moltaí a dhéanamh an chéaduair – is é sin gan amhras mura n-athbheoitear an Ghaeltacht go bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail ag imeacht as san iarsma Gaeltachta atá fós ann. Sin fíric bhunúsach dhúshlánach nach féidir a bhréagnú ach le cleasaíocht sheachantach. 

Is díchéillí an mhaise tathant ar Ghaeil na Gaeltachta a bheith taobh leis an dóchas amháin nuair nach bhfuil an teanntás ná an misneach ag ceannairí sinsearacha Stáit straitéis ábhartha a phlé ná a chur i bhfeidhm. Is é an síorchath in aghaidh na díchéille againn é faraor. Fiú má bhréagnaítear an chluain, tá ár bhfuinneamh ar fad caite leis in ionad díriú ar tharrtháil mhuintir na Gaeltachta.

Ar deireadh, tá dhá fhadhb cheannaireachta ag cothú a chéile: faillí chomhcheilgeach Bhéarlóirí ardchumhachtacha an Stáit, agus an loiceadh misnigh agus an easpa gníomh ina measc siúd ar leag an Stát cúram na Gaeilge orthu.

Is iad lucht na Gaeilge sa Státchóras – thar aon dream eile – a thogair gan aon pholasaí fóinteach a bheith acu i leith ghéarchéim na Gaeltachta agus i leith riachtanais shóisialta na gcainteoirí in ainneoin thuairiscí na sochtheangeolaíochta. Ach tá polasaí acu a fhreastalaíonn ar shaol eagraíochtúil na Gaeilge. 

In áit a bheith ar thairseach ‘ré an dóchais’, de réir mar a maíodh le deireanas, is baolach gurb é ré na soineantachta agus na soiniciúlachta in éindí atá i gceist ó thaobh easpa gnímh an Stáit de. 

Lena chois sin, is dóigh go dtiocfaidh ré na cinsireachta i dtreis chomh maith, leis an an easpa gnímh a chosaint ar fhógairt na fírinne. Baineann an claonadh chun smachta ar dhioscúrsa poiblí na Gaeilge le lucht an status quo agus le cultúr na cinsireachta agus le bolscaireacht na bréige uaisle.

Faraor, ní bheathaíonn na briathra bolscaireachta ná an dóchas maoithneach na bráithre i gcás na dtrioblóidí sóisialta ina bhfuil muintir na Gaeltachta. Níl i ndán dúinn mar phobal as reitric gan bonn ach an gorta. Dá mba leor an reitric, réiteofaí dúshláin mhionteangacha an domhain i bhfad ó shin.

Ach is féidir machnamh agus plé poiblí a thionscnamh a chothóidh fíordhóchas sa phobal, mar a léiríodh le glacadh ginearálta i measc go leor Gael le moltaí na dtuarascálacha taighde. 

Maidir le caiteachas Stáit na Gaeilge agus na Gaeltachta, ba chóir tosaíocht a thabhairt do bheartais dhóchasacha a mbeadh torthaí nithiúla sóisialta orthu san áit is géire a dteastaíonn siad agus san áit is mó a bhfaighimis luach ár gcuid airgid. Scéim Labhairt na Gaeilge nuashonraithe a bhunú, cuir i gcás, le fíorthacaíocht a thabhairt do laochra na Gaeltachta atá ag tógáil a gclainne le go mbeidh Gaeilge ón gcliabhán acu. 

Ollamh Taighde na Gàidhlig in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, Alba, é Conchúr Ó Giollagáin.

Ollamh Cúnta in Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath é Brian Ó Curnáin.

Fág freagra ar 'Ná bac reitric fholamh an bhréagdhóchais – gníomh de réir na fírinne a theastaíonn sa Ghaeltacht'

  • Seán

    Taitníonn polasaí Gaeilge agus Gaeltachta liom, agus bíonn spéis agam sna cáipéisí éagsúla a dhéanann anailís ar na ceisteanna seo. Ach é sin ráite, ní raibh mé in ann adhmaid a bhaint ón alt seo.

    Tá meas agam ar na hacadóirí seo agus bhí luach ag cuid de na hargóintí anseo – na cinn ar thuig mé – ach bhí sé trom agus ba gheall le páipéar acadúil é in áiteanna.

    Tá an fhadhb seo le feiceáil go minic sna scríbhinní seo ón lucht acadúil go mbíonn siad ag iarraidh cur chuige acadúil a úsáid agus bíonn na hargóintí níos laige dá bharr. Freisin, tuigim go mbíonn frustrachas orainn uilig leis an easpa dul chun cinn ach ní dóigh liom go gcuidíonn scéal leanúnach ‘cailleach an uafáis’ leis in aon chor.

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Ba dheas tuilleadh moltaí beartais anseo. Níl ach ceann amháin thuas: leathbhreac scéim labhairt na Gaeilge a thabhairt ar ais.
    Cad eile a mholann sibh?