Ná bac ‘Queer Eye for the Straight Guy’, seo chugainn ‘Súil an Pháiste ar Mhamaí Thnáite’

Tá ‘Little Brother’ ag faire ort, bíodh a fhios agat. B’fhéidir go mbainfí an clár teilifíse féin as…

Ná bac ‘Queer Eye for the Straight Guy’, seo chugainn ‘Súil an Pháiste ar Mhamaí Thnáite’

Na laethanta seo, tá mo shaol ar fad ina Queer Eye for the Straight Guy. Teilifís réaltachta atá ann. Beagáinín ró-réalaíoch, má bhím ionraic faoi.  

I mo leagansa den chlár, Súil an Pháiste don Mhamaí Thnáite, in áit cúigear fear aerach agus tuairimí láidre acu ar réimsí áirithe saoil, is triúr páistí atá i mbun na moltaí agus tá chuile shórt faoi chuile shórt ar eolas acu.

Is mór an t-ionadh, ainneoin a bhfuil de chomhairle curtha i gcló faoi bheith i do thuismitheoir, gur beag tagairt a dhéantar don náire a bhaineann leis an gcúram. De réir mar a chloisim ó dhaoine eile, tá tuismitheoirí ar fud an domhain ag cur náire ar a gcuid páistí ó thús ama. Fadhb mhór mhillteach í, is léir, ach níl focal ráite faoi.

An iomarca náire ar dhaoine, is dóigh.

San áireamh sna rudaí a d’fhéadfadh náire a chur ar pháiste, tá do rogha ceoil, leagan amach do chuid fiacla, an ball seirce ar do leiceann, do rogha éadaigh, na rannta a chasann tú os ard i ngan fhios duit féin is tú ag ní na soithí.

Agus, níos measa ná sin ar fad, tá an chaoi a ndéanann tú gáire: ‘Chuala mé thú is mé thall ar an taobh eile den pháirc!’

B’fhéidir nár chuir tú aon suim sna rudaí seo riamh cheana, nó b’fhéidir go raibh a fhios agat fúthu ach go raibh tú tar éis glacadh leo, le himeacht ama.  Ach tá sé deacair glacadh leis nuair a léirítear duit, go tobann agus gan choinne, go gcuireann chuile cheann acu náire ar do pháiste.

Ní mór don tuismitheoir a bheith an-láidir ó thaobh féinmhuiníne nuair atá súil bheag ghéar á coinneáil  ar chuile rud a dhéanann sí agus ceisteanna á gcur uirthi faoi chuile shórt. Ceisteanna amhail cinn a chuir Beainín na Naíonáin Bheaga orm an lá cheana. ‘An maith leat na bróga sin atá ort? Agus ar chíor tú do ghruaig inniu?’.

Caithfidh mé a admháil nach raibh freagra na gceisteanna áirithe sin agam ag an am, mar nach raibh mé in ann cuimhneamh céard a rinne mé nó nach ndearna mé le mo chuid gruaige an mhaidin sin. B’fhéidir go gcaithfinn ‘an ghruaig’ a thabhairt níos gaire do bharr an liosta ‘le déanamh’ maidin amárach, ach ní admhóidh mé é sin mar ní hin é an chaoi a n-oibríonn sé.

Maidir le mo bhróga, thaitin siad liom, agus cé go bhfuil beagáinín  amhrais anois orm fúthu, ní inseoinn sin d’aon duine.

Pearsantachtaí láidre bunchloch an chláir réaltachta seo. Diúltóidh an mháthair do na moltaí ar fad a dhéanfar léi, fiú má tá ruainnín céille ag baint leo, agus, éireoidh sí níos ceanndána de réir mar a théann an clár ar aghaidh.

Is dóigh go bhfuil an baol ann go gcuirfear sárú cóipchirt i mo leith maidir le mo chlár nua. Ach, tá difríochtaí móra idir an dá chlár. Mar shampla, in áit lá sa spá áilleachta agus nuamhaisiú ar do theach mar atá ag Queer Eye ní bhíonn mar chúiteamh ag deireadh mo chlársa ach cúig lá  i ndiaidh a chéile gan aon chodladh ceart agus réabadh tí.

Ceapaim gur hit a bheidh ann.

Fág freagra ar 'Ná bac ‘Queer Eye for the Straight Guy’, seo chugainn ‘Súil an Pháiste ar Mhamaí Thnáite’'