LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Must the novelist crusade?’ – ar cheart don scríbhneoir ficsin dul i mbun feachtasaíochta ina shaothar?

Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: mura mbíonn an scríbhneoir ficsin cúramach, tharlódh go millfeadh cúrsaí polaitíochta scéal maith

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Must the novelist crusade?’ – ar cheart don scríbhneoir ficsin dul i mbun feachtasaíochta ina shaothar?

Must the novelist crusade?’ an teideal a bhaist an scríbhneoir clúiteach as Meiriceá, Eudora Welty, ar chaibidil sa leabhar iontach aici faoin scríbhneoireacht chruthaitheach, On Writing.

Ar cheart don scríbhneoir ficsin dul i mbun feachtasaíochta ina shaothar? 

Ceist mhaith. Ach an oiread le Welty, ceapaim nach chun leasa an fhicsin é i gcónaí nuair a dhéanann scríbhneoir iarracht teachtaireacht a chur abhaile ar a chuid léitheoirí: seanmóireacht saghas scréachach an toradh a bhíonn air.

Is maith atá a fhios agam é. 

Tá teachtaireacht pholaitiúil san úrscéal deireanach agam, An Tearmann. Gníomhaí ceartais shóisialta é an príomhcharachtar Eoin, Éireannach den chineál a thabharfadh ‘Gael’ air féin seachas Éireannach agus a thaobhódh le dream ar bith ar domhan a mbeadh cos ar bolg á déanamh orthu díreach toisc go bhfuil cos ar bolg á dhéanamh orthu – beag beann ar aidhmeanna polaitiúla an dreama a bheadh i gceist. Dar liomsa go bhfuil an dearcadh sin, ní hamháin saonta ach contúirteach, agus theastaigh uaim é sin a chur abhaile ar mo chuid léitheoirí. 

Ag breathnú siar ar An Tearmann ceapaim gur úrscéal láidir é a choinneodh léitheoirí ag tiontú na leathanach – ach príomhcharachtar míthaitneamhach é Eoin, saoithín cunórach a bhodhródh thú lena chuid seanmóireachta faoi chearta teanga agus talún. Ar ndóigh, sin é go díreach a bhí i gceist agam leis an gcarachtar – ach seans go ndeachaigh mé thar fóir i mo chuid iarrachtaí sotal Eoin a léiriú. Agus ró-aird á tarraingt agam ar sheanmóireacht shíoraí Eoin, seans go raibh mé féin – an t-údar – ag seanmóireacht.

Céard ba cheart do scríbhneoir ficsin a dhéanamh, mar sin, nuair a bhíonn tuairim láidir aige faoi cheist pholaitiúil éigin?

Céard ba cheart dó a dhéanamh, mar shampla, nuair atá an baol ann go mbunófaí deachtóireacht de réir a chéile sa tír ina bhfuil sé ina chónaí – mar atá ag tarlú faoi láthair sa tír ina bhfuil cónaí orm féin? 

Ceist na (féin)chinsireachta fágtha as an áireamh, ar cheart dó a chuid tuairimí polaitiúla a cheilt ar eagla go ndéanfaidís dochar d’fheabhas a chuid ficsin?

Le breis agus bliain anuas, tá úrscéal idir lámha agam atá suite sa Bhrasaíl, sa lá atá inniu ann. Go dtí seo, níl tagairt ar bith ann do theacht chun cinn an ábhar deachtóra Jair Bolsonaro; scéal grá is ea é. Ach an chaoi a bhfuil cúrsaí ag dul, mura luafaidh mé Bolsonaro, feictear dom go mbeidh an saothar atá idir lámha agam chomh hinchreidte le húrscéal a bheadh suite sa Ghearmáin, sa bhliain 1933, gan tagairt ar bith ann do theacht chun cinn na Naitsithe.

Má thagann an tuar faoin tairngreacht agus má bhíonn an bua ag Jair Bolsonaro sa dara babhta den toghchán uachtaránachta ar an 28 Deireadh Fómhair, ní bheidh rogha agam ach m’úrscéal a chur in oiriúint d’fhírinne an tsaoil pholaitiúil – ach tá cinneadh diongbháilte déanta agam nach ndéanfaidh mé úrscéal polaitiúil den scéal grá atá á scríobh agam. 

Ar an dea-uair, tá mioncharachtar sa scéal, deartháir céile dhuine de na príomhcharachtair, a bhfuil dearcadh saoil aige a thagann, cuid mhór, le dearcadh saoil fíorchoimeádach Bolsonaro. Má thoghtar Bolsonaro ina uachtarán ar an mBrasaíl ag deireadh na míosa, beidh ról níos lárnaí ag an mioncharachtar sin sa scéal. Luafaidh sé Bolsonaro uair nó dhó, ach seachas sin, fanfaidh an pholaitíocht sa chúlra. 

Tá sé sách dona nuair a mhilleann cúrsaí polaitíochta an fíorshaol; níor cheart ligean dóibh an ficsean a mhilleadh freisin. 

Fág freagra ar 'LÉAMH AGUS SCRÍOBH: ‘Must the novelist crusade?’ – ar cheart don scríbhneoir ficsin dul i mbun feachtasaíochta ina shaothar?'