Múrphictiúr in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le nochtadh in iarthar Bhéal Feirste

Dorn mór agus an mana ‘Dorn san aer do na Gaeil’ atá le feiceáil ar an mhúrphictiúr nua taobh le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál i mBéal Feirste

Múrphictiúr in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le nochtadh in iarthar Bhéal Feirste

Nochtfar múrphictiúr nua in iarthar Bhéal Feirste an tseachtain seo in ómós don sárchraoltóir Rónán Mac Aodha Bhuí a bhásaigh i mbliana.

Dorn mór agus mana a shamhlaítear go mór le Rónán Mac Aodha Bhuí – Dorn san aer do na Gaeil – atá le feiceáil ar an mhúrphictiúr nua ar Shráid Uisce na bhFál, taobh le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál.

Beidh an múrmhaisiú, a d’eagraigh grúpa Gael as Béal Feirste, á sheoladh ag a 2pm Dé hAoine beag seo, an 1 Nollaig, mar chuid d’Fhleadh Feirste.

An dearthóir Caomhán Ó Scolaí, a dhear an múrphictiúr in ómós dá dhlúthchara agus a shaothar bunaithe ar dhearadh T-léine a chaitheadh Rónán.

Ag labhairt dó le Tuairisc, dúirt Padaí Ó Tiarnaigh, duine de na daoine a bhí i mbun an tionscadail, gur “crann taca ollmhór” ab ea Rónán Mac Aodha Bhuí ag cainteoirí Gaeilge i mBéal Feirste.

“Mar atá a fhios ag an domhan mór, ba chrann taca ollmhór é Rónán don phobal Gaeilge sna ‘Críocha Gafa’, mar a thug sé ar na sé chontae ar a chlár go minic.

“Sheas Rónán an fód linn riamh anall ag agóidí cearta teanga agus cearta daonna. In 2007, bhí sé mar fhear an tí ag an chéad agóid d’Acht Gaeilge riamh ó thuaidh, shiúil sé linn in 2014 i mBéal Feirste, bhí sé linn leis an Dream Dearg arís in 2017 agus cé go raibh an tinneas air nuair a chuaigh 20,000 duine chun sráide in 2022, luadh Rónán ón ardán agus tá fhios againn uilig go raibh sé ag tacú linn go mór an lá sin.”

Dúirt Ó Tiarnaigh go raibh meas mór tuillte ag Rónán Mac Aodha Bhuí, arbh as Gaoth Dobhair dó, as ardán a thabhairt do cheoltóirí óga agus cainteoirí Gaeilge as an tuaisceart ar a chlár raidió agus ag na himeachtaí ceoil a d’eagraíodh sé.

“Bhí dáimh iontach aige leis an phobal anseo riamh anall. Ní thiocfadh le Gael ón cheantar dul a fhad le Gaoth Dobhair gan cuireadh a fháil bualadh isteach chuig an stiúideo le píosa a dhéanamh ar Rónán Beo!

“Chinn muid go raibh dualgas orainn an lorg iontach sin a d’fhág Rónán orainn a bhuanú ar bhallaí na Ceathrún Gaeltachta agus an rosc catha clúiteach sin, ‘Dorn san Aer do na Gaeil’, a chur in airde go bródúil mar fhoinse spreagtha do na glúnta Gael atá fós le teacht.”

Thug daoine ar fud na tíre síntiús don mhúrphictiúr nua, ar iarracht mhór phobail é, a dúirt Ó Tiarnaigh.

Dúirt Seán Ó Muireagáin, cara le Rónán as Béal Feirste, go léiríonn an múrphictiúr an t-ómós atá ag muintir Bhéal Feiste dá seanchara.

“Caidé a thig liom a rá ach gur léiriú ómóis do sheanchara Bhéal Feirste é an múrphictiúr seo, le nach mbrisfear an ceangal leis an chuimhne sin a bheas againne ar Rónán go deo,” a dúirt sé.

Beidh daoine muinteartha agus cairde le Rónán ag an ócáid seolta Dé hAoine agus beidh an craoltóir Áine Ní Bhreisleáin ag craoladh beo ón Chultúrlann idir 3-5pm lena clár Bladhaire ar Raidió na Gaeltachta.

Fág freagra ar 'Múrphictiúr in ómós do Rónán Mac Aodha Bhuí le nochtadh in iarthar Bhéal Feirste'