Murar gabhair a bhí ann, céard a bhí tagtha isteach sa leaba liom?

Má bhí gabhar in aon leaba leat riamh, beidh a fhios agat go bhfuil sé an-deacair oíche mhaith chodlata a dhéanamh

Murar gabhair a bhí ann, céard a bhí tagtha isteach sa leaba liom?

‘Níor tharla tada, Mamaí!’ Bhí mé thuas staighre ag triomú mo chuid gruaige nuair a chuala mé an Babaí ag fógairt orm. Chas mé dhó an triomadóir. ‘Céard a tharla?’ a bhéic mé síos na staighre. 

‘Tada, Mamaí!’ a d’fhreagair an Babaí. Chuir mé cluas éisteachta orm féin. Ní raibh gíog ná míog le cloisteáil. Cén tada a bhí tarlaithe? Cén tada a tharla ar ghá a fhógairt aníos an staighre?

Bhí mé leath i mo chodladh agus ‘beagáinín’ deireanach an mhaidin chéanna is ní raibh mé in ann cinneadh a dhéanamh ar cheart dom a ghabháil síos ag fiosrú, nó leanúint orm ag réiteach. 

Níor chodail mé rómhaith an oíche roimhe sin. Níl a fhios agam an bhfuil a leithéid d’ainmhí ann agus gabhar suaimhneach, ach tá barúil agam go raibh trí cinn acu sa leaba liom an oíche sin. 

Níl a fhios agam cé as a tháinig siad, mar ní raibh aon amharc orthu nuair a chuaigh mé isteach sa leaba ag tús na hoíche. Is bhí sé an-dorcha agus ní fhéadfainn a rá go cinnte gur gabhair a bhí ann. 

Ach d’airigh mé ciceanna sna colpaí, soncadh ó ghlúine beaga géara isteach sna heasnachaí, is pocanna ó chloigne crua ag bualadh fúm ar feadh na hoíche. Murar gabhair a bhí iontu, céard a bhí iontu?

An chéad uair a chuala mé trácht ar an ngabhar suaimhneasach ná sa scannán Ferdinand, beochan bunaithe ar an bpictiúrleabhar The Story of Ferdinand the Bull (Robert Lawson, 1936). Is scéal faoi tharbh óg síochánta atá ann ar mó a shuim sna bláthanna ná sa trodaíocht, cé go bhfuil an tarbhchomhrac i ndán dó. 

Is cosúil, más fíor, go bhfuil cleachtas ann sa trodaíocht tairbh ina gcoinnítear gabhar istigh sa stalla in éineacht leis na tairbh lena gcoinneáil ar a suaimhneas. Déantar an rud céanna le caiple rásaíochta, de réir mar a thuigim é, mar gur ainmhithe iad atá in ann a bheith sách geiteach. 

Tá’s agam go ndéantar mórán an rud céanna le hasail go minic agus gur fearr iad a choinneáil istigh i ngarraí leis na ba nó na caoirigh, seachas amach leo féin. Is dóigh gurb é an t-uaigneas a chuirfeadh as don asal dá mbeadh sé i ngarraí leis féin nó b’fhéidir, ar nós an duine féin, go n-imíonn siad fiáin uilig mura bhfuil aon ainmhí eile thart ag coinneáil súil orthu

Is deacair a chreidiúint go bhféadfadh gabhar aon ainmhí eile a cheansú, shílfeá gurb é an chaoi gur mó an seans gur gabhar spreagúil a bheadh ann a chuirfeadh an tarbh in aer, is nach fada go mbeadh an péire acu imithe amach ar na bóithre ag bradaíl.

Má bhí gabhar in aon leaba leat riamh, beidh a fhios agat go bhfuil sé an-deacair oíche mhaith chodlata a dhéanamh. Ní haon iontas é go raibh mé leath i mo chodladh an mhaidin cheana nuair a chuala mé an Babaí ag fógairt orm aníos na staighre. 


‘Só, tá tú ag insint dom nár tharla tada?’ a bhéic mé síos air. 


‘Tá,’ a deir sé. 


‘Tada?’ a d’fhiafraigh mé. 


‘Sin é,’ a deir sé, ‘níor tharla tada… contúirteach.’ 

Fág freagra ar 'Murar gabhair a bhí ann, céard a bhí tagtha isteach sa leaba liom?'

  • Niall na Naoi bPiontaí

    An-ghrinn ar fad! Agus sílim go bhfuil taithí agam fein air a leitheid…. zzzz