‘Murach gur éirigh mé as an ól bheinn thíos sa bpub faoi seo’ – saol an chomhairleora contae

Díospóireachtaí leadránacha agus easpa cumhachta comharthaí sóirt shaol an chomhairleora contae ach tógtar croí duine corruair freisin

‘Murach gur éirigh mé as an ól bheinn thíos sa bpub faoi seo’ – saol an chomhairleora contae

Dr. Keith Swanwick

Bíonn lionn dubh agus imní ag goilliúint ar leath Chomhairleoirí Contae na tíre. Deireann ochtar as an deichniúr acu freisin go gcuireann a gcuid oibre i saol na polaitíochta as do shaol a dteaghlaigh.

Ní mise a dúirt é seo ach Seanadóir as Fianna Fáil a rinne suirbhéireacht ar an ábhar.

Dochtúir é an fear seo freisin, an Dr. Keith Swanwick.

Chaith mé féin dhá théarma mar chomhairleoir neamhspleách ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe agus trí théarma mar ionadaí neamhspleách ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Ní fhéadfainn a rá le fírinne go raibh mé chomh mór sin in ísle brí dá bharr ach tuigim an cás mar sin féin.

Na díospóireachtaí fada leadránacha gan toradh ba mhó a chuirfeadh cantal ort.

Is cuimhin liom ceann acu sin ag cruinniú den Chomhairle Contae lá nuair ba léir go raibh Comhairleoir Contae a bhí ina shuí in aice liom ag éirí tinn tuirseach den roilleachas agus den phápaireacht a bhí timpeall air.

Fear é seo a bhí ag ól sách trom scaitheamh ach d’éirigh sé as.

“An bhfuil a fhios a’d cén scéal é, a Joe,” ar seisean de chogar liom, “murach gur éirigh mise as an ól bheinn thíos sa bpub faoi seo.”

“D’éirigh mise as an ól freisin,” arsa mise, “agus murach gur éirigh bheinn thíos in éineacht leat.”

Maidir le saol an chomhairleora a bheith ag goilliúint ar an mbean chéile nó ar an bhfear céile bíonn an deacracht sin ann gan amhras ar bith.

Chaith Pól Ó Foighil blianta ar an gComhairle Contae, ar Bhord Údarás na Gaeltachta agus sa Seanad. Dúirt sé liom uair amháin gur bheag de na polaiteoirí a casadh riamh air a bhféadfaí a rá fúthu go raibh a gcéilí céad faoin gcéad ar son a gcuid oibre sa bpolaitíocht.

Bhíodh cuid acu nach bhfreagródh an guthán fiú amháin dá gceapfaidís gur glaoch polaitíochta a bheadh inti.

Ní shin le rá nach dtugadh an chuid ba mhó acu tacaíocht don pholaiteoir aimsir thoghcháin ach b’fhearr leo go mór fada gur slí eicínt eile a bheadh aige nó aici.

Insítear scéal faoi bhean as oirthear na Gaillimhe a raibh a fear céile ag iarraidh a dhul ar an gComhairle. Rinne sí chuile iarracht é a stopadh ach níor thug sé aon aird uirthi. Bhí sé ráite gur chuir sí na gasúir ar fud an cheantair sa deireadh agus bileoga acu a rá leis na daoine gan vótáil dhó!

B’fhéidir go bhfuil áibhéil sa scéal sin ach déarfainn nach bhfuil sé i bhfad as marc ach an oiread.

An rud is mó a ghoilleadh orm féin thar rud ar bith eile a laghad cumhachta a bhí againn mar Chomhairleoirí Contae. Níl sa gcóras rialtais áitiúil atá sa tír seo ach mugadh magadh críochnaithe.

As an mBruiséil atá formhór na ndlíthe agus na rialachán ag teacht anois. Castar an peann orthu agus cuirtear stampa orthu i mBaile Átha Cliath. Tagann siad anuas ansin agus cuireann oifigigh na gComhairlí Áitiúla i bhfeidhm iad.

Dá laghad tionchair dá mbíonn ag na hionadaithe tofa orthu is ea is fearr leis na hoifigigh é. Tá siad oilte ar a bheith ag ligean orthu féin go mbíonn suim acu sa díospóireacht a dhéantar fúthu ach ní bhíonn ansin ach drámaíocht, dar leosan.

“The grunts a month” a thugadh ardoifigeach in Údarás na Gaeltachta ar bhaill an Bhoird.

An bhfuil sásamh ar bith le baint as obair Comhairle Contae mar sin? Tá. Is féidir ceisteanna a tharraingt anuas agus feachtais a chur chun cinn tríd an gComhairle. Bíonn aird na meán cumarsáide le fáil scaití.

Castar beagán daoine leat freisin a bhíonn buíoch díot as do chuid oibre.

Chuaigh mé ag ceanbheasáil leis an Teachta Dála Catherine Connolly in Árainn lá. Bhí ceathrar againn ann. D’ordaigh sí cheithre rothar ar cíos le haghaidh an lae i gCill Rónáin ar dheich euro sa ló. Shín sí daichead euro chuig fear na rothar. “Tríocha euro, más é do thoil é,” ar seisean. “Tabharfaidh mé an rothar in aisce don Chuagach: bhí sé féin go maith do mhuintir Árann.”

Is beag an rud a thógfadh croí duine corruair.

Fág freagra ar '‘Murach gur éirigh mé as an ól bheinn thíos sa bpub faoi seo’ – saol an chomhairleora contae'