Mura gcuireann an scéal seo mearbhall ort, ní thuigeann tú é…

Ainneoin chinneadh an rialtais dul chun cinn leis an gcéad chéim den mhaolú ar na rialacha a chuireann srian ar leathadh an choróinvíris, níl polaiteoir ná saineolaí ar domhan ábalta cúrsa an víris a thuar

Mura gcuireann an scéal seo mearbhall ort, ní thuigeann tú é…

Pictiúr: An t-aire airgeadais Paschal Donohoe. Pictiúr: Rollingnews.ie

Thug iriseoir stuama i mBéal Feirste dea-chomhairle do scríbhneoir an cholúin seo fadó nuair a dúirt sé:

“If you’re not confused, you don’t really know what’s happening.”

Bhí sé ag cur síos ar chor aisteach éigin a tharla le linn na dTrioblóidí ó thuaidh a chuir idir iontas agus alltacht ar chách, ach tá a ndúirt sé tráthúil go fóill.

Is sampla breá de thábhacht a chomhairle í an ghluaiseacht mhall i dtreo rialtas nua a bhunú.

Tiocfaidh ionadaithe Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais le chéile arís Dé Luain, céad lá go díreach tar éis an olltoghcháin ar an 8 Feabhra.

Faraor, ní hé ábhar na gcomhráite ná tuairimíocht na bpáirtithe a chuireann mearbhall ar iriseoirí agus ar dhaoine eile ach rud níos bunúsaí.

Ainneoin chinneadh an rialtais dul chun cinn leis an gcéad chéim den mhaolú ar na rialacha a chuireann srian ar leathadh an choróinvíris, níl polaiteoir ná saineolaí ar domhan ábalta cúrsa an víris a thuar.

Reáchtáladh seisiún speisialta de na cainteanna idirpháirtí Dé Céadaoin chun deis a thabhairt don aire airgeadais Paschal Donohoe mionchur síos a dhéanamh ar an tionchar a shíltear a bheidh ag an ngéarchéim ar chuntais an stáit faoi dheireadh na bliana.

Chuir a ndúirt sé alltacht ar a raibh i láthair, ní hamháin mar gheall ar chomh mór agus atá an t-easnamh as cuimse atá á thuar ach mar gheall ar chlaonadh na bhfigiúirí.

Dúirt sé coicís ó shin go mbeadh fiacha breise €23.5 billiún ar an stát faoi dheireadh 2020, ach meastar anois a dúirt sé le hionadaithe na bpáirtithe eile, go mbeidh fiacha an stáit ag teannadh le €30 billiún.

Tá sé ráite ag an aire, mar atá ráite ag lucht ceannais na bpáirtithe eile nach acmhainn don stát leanúint ar aghaidh le caiteachas ná le hiasachtaí ar feadh i bhfad.

Ach níl spriocdháta ná fiú garbhthréimhse molta ag páirtí ar bith.

Ar ndóigh ní mian le polaiteoirí tagairt do dhrochscéal más féidir é a chur ar an méar fhada, ach tá fáth níos bunúsaí lena dtost an babhta seo. Níl a fhios acu cén uair ná conas a thiocfar as an tsáinn ina bhfuil Éire agus an domhan uilig gafa faoi láthair.

Cuirtear an ghéarchéim abhus i gcomparáid scaití le géarchéim airgeadais agus eacnamaíochta na mblianta 2008-11, ach dáiríre is follasaí an difríocht ná an chosúlacht eatarthu, go háirithe má chuimhnítear ar na gnéithe seo a leanas:

  1. D’fhág drochriar agus místuaim airgeadais a lorg ar Éirinn agus ar scata beag tíortha eile (an Ghréig go háirithe) ó 2008 ar aghaidh.
  2. Tá idir ádh agus mhí-ádh ar Éirinn an babhta seo go bhfuil an domhan ar fad, a bheag nó á mhór, á chroitheadh ag an víreas corónach.
  3. Tá an t-ádh ar Éirinn freisin go raibh dea-riar ar an státchiste agus go raibh an geilleagar faoi bhláth go dtí gur tháinig an víreas chugainn ar an 29 Feabhra.

Ciallaíonn na cúinsí seo go léir go mbeidh ábhar réasúnta dóchais, dá theoranta é, ag an rialtas nua, cibé uair a chuirfear ar bun é.

Ní réiteoidh sé mórcheisteanna eile áfach nach féidir le polaiteoir ná le saineolaí ar domhan iad a fhreagairt fós.

Cé chomh luath a thosóidh an eacnamaíocht ag fás arís, abhus agus i dtíortha eile?

Cé chomh luath a chuirfear vacsaín ar fáil, más féidir teacht ar a leithéid?

Cén uair a fhillfidh tíortha an domhain ar an saol mar a bhí?

An bhfeicfear an saol mar a bhí arís choíche?

Ní féidir freagra a thabhairt ach oiread ar cheist níos bunúsaí fós: má tá gach tír ar domhan, nó a bhformhór, i gcruachás agus fiacha sa bhreis orthu dá dheasca, beidh siad go léir sa riocht céanna.

Nár chóir mar sin go bhféadfaí teacht ar chur chuige idirnáisiúnta a rachadh chun tairbhe do chách?

Nach dóichí ná a mhalairt mar sin go gcuirfear leigheas éigin dá leithéid i gcrích?

Dá mbeadh ionadaithe Fhianna Fáil, Fhine Gael agus an Chomhaontais Ghlais ábalta a bheith réasúnta cinnte go bhfeicfí a leithéid, ba chóir go mbeidís ábalta margadh fiúntach a dhéanamh le chéile gan mórán moille.

Níl faraor, agus ní bheidh.

Níl aon dul as againn mar sin ach a bheith foighneach.

Fág freagra ar 'Mura gcuireann an scéal seo mearbhall ort, ní thuigeann tú é…'