Mura bhfuil teacht agat ar an táirge smididh is ansa leat, ar Donald Trump atá cuid den locht…

Tá dleacht 25% curtha ag Aontas na hEorpa ar tháirgí smididh as Meiriceá mar fhreagra agus mar dhíoltas ar Trump as cáin a leagadh ar tháirgí ón Eoraip

Mura bhfuil teacht agat ar an táirge smididh is ansa leat, ar Donald Trump atá cuid den locht…

Níl fáil a thuilleadh san Eoraip ar shraith áirithe de tháirgí smididh a bhíodh le ceannach ó shuíomh gréasáin Sephora as Meiriceá agus d’fhéadfadh go bhfuil ar a laghad cuid den locht ar an Uachtarán, Donald Trump.

Díolann Sephora táirgí áilleachta ó bhrandaí cáiliúla eile chomh maith lena gcuid táirgí féin.

Bhíodh tóir mhór anseo ar smideadh agus earraí cúram cnis de chuid brandaí ar nós Drunk Elephant, Tatcha, Bite Beauty agus Milk Makeup nach raibh le ceannach anseo ach trí shuíomh Sephora amháin. Ní bheidh teacht a thuilleadh anseo ar na táirgí iontacha seo agus tá an mhéar á díriú ar na húdaráis in Washington agus sa Bhruiséil. Fadhb de chuid an chéad domhain, a déarfaidh daoine soiniciúla, ach bíonn cuid againn imithe i gcleachtadh ar rogha ar leith ó thaobh táirgí áilleachta agus is deacair nósanna mar sin a athrú.

Níorbh ionann i gcónaí na brandaí áilleachta a bhíodh le fáil i Sephora i Meiriceá agus na cinn a bhí le ceannach san Eoraip. An chúis leis sin ná go bhfuil rialacháin dhifriúla i gceist sna dlínsí éagsúla.

Caithfidh gach táirge áilleachta, ar nós smideadh agus earraí cúram cnis, a dhíoltar i Meiriceá, ceadúnas díolachán a bheith aige ón eagraíocht fheidearálach, an FDA.

Ach ní cheadaítear na táirgí céanna sin a dhíol san Eoraip mura bhfuil siad ag teacht le rialacháin dhochta an Aontais Eorpaigh. D’fhág na rialacháin sin nach raibh cead ag Sephora cuid de na táirgí ab fhearr a bhí acu a dhíol ina gcuid siopaí san Eoraip nó ar shuímh ghréasáin sna tíortha sin.

Bhí leigheas simplí go maith ar an fhadhb sin go dtí seo. D’fhéadfadh duine na táirgí a bhí uathu a cheannach díreach ó shuíomh gréasáin Sephora i Meiriceá agus dhéanfaí iad a sheachadadh chun na Breataine nó trí Parcel Motel agus Address Pal go hÉirinn.

Ach tá stop iomlán leis an gcleachtas sin anois. Dúirt Sephora liom féin nuair a cheistigh mé iad faoin gcás gur bhain an t-athrú polasaí le rialacháin Eorpacha nua faoi chosaint sonraí, an reachtaíocht ar a dtugtar GDPR.

Ach tá saineolaithe áirithe i ngnó na háilleachta, an scríbhneoir Caroline Hirons ina measc, ag leagan an mhilleáin ar Donald Trump.

Threoraigh seisean go ngearrfaí dleacht 25% ar tháirgí smididh a bheadh a n-iompórtáil ag Meiriceá.

Mar fhreagra air sin, agus mar dhíoltas, shocraigh an tAontas Eorpach dleacht den chineál céanna a chur ar tháirgí Meiriceánacha a bheadh ar díol anseo.

Ar an gcúis sin, níorbh fhiú dóibh leanúint ag soláthar na dtáirgí seo ó Mheiriceá chun na hEorpa mar go mbeadh ardú an-mhór i gceist ar an bpraghas.

Is cosúil nach bhfuil ach freagra amháin ar an gcás faoi láthair – go n-iarrfadh muidne a dtaitníonn ábhar ó leithéid Drunk Elephant agus Milk Makeup linn ar chairde a bheadh  i Meiriceá ár rogha táirge a thabhairt abhaile chugainn. É sin nó déanamh dá n-uireasa.

Cé a chreidfeadh go mbeadh oiread tionchair ag lucht na polaitíochta, bídís i Meiriceá nó san Eoraip, ar ghnó na háilleachta? Ach, ar ndóigh, is gnó mór é a agus gnó a bhfuil tábhacht ollmhór leis ó thaobh na heacnamaíochta ar dhá thaobh an Atlantaigh.

 

Fág freagra ar 'Mura bhfuil teacht agat ar an táirge smididh is ansa leat, ar Donald Trump atá cuid den locht…'