Muireann Nic Amhlaoibh agus The Saw Doctors le feiceáil i sraith cheoil nua ar RTÉ 1 anocht

Tá sé i gceist ag an tsraith ‘Seisiún’ ceiliúradh a dhéanamh ar na tithe ceoil is mó clú sa tír agus tabharfar cuairt anocht ar Campbell’s Tavern in Áth Cinn i gcontae na Gaillimhe

Muireann Nic Amhlaoibh agus The Saw Doctors le feiceáil i sraith cheoil nua ar RTÉ 1 anocht

Cuirfear tús anocht le sraith nua le Muireann Nic Amhlaoibh ina dtabharfaidh an ceoltóir agus amhránaí aitheanta cuairt ar chuid de na tithe ceoil is mó cáil in Éirinn.

Craolfar an chéad chlár sa tsraith Seisiún ar RTÉ 1 ag 8.30in anocht agus Nic Amhlaoibh ag tabhairt cuairt ar Campbell’s Tavern, in Áth Cinn i gcontae na Gaillimhe.

Is iad The Saw Doctors, Mick Flannery, Stockton’s Wing, Lisa Canny agus The 4 of Us na haíonna speisialta a bheidh ina teannta chun ceiliúradh a dhéanamh ar stair cheoil an tábhairne.

Is iad The Cobblestone i mBaile Átha Cliath, Connolly’s of Leap in Iarthar Chorcaí agus McGrory’s i gCúil Dabhcha, i gcontae Dhún na nGall na hionaid eile a bheidh á ceiliúradh le linn na sraithe agus scoth na mbannaí ceoil, na gceoltóirí agus na n-amhránaithe chun casadh le Nic Amhlaoibh.

“Tá na hionaid seo fíorspeisialta,” arsa Nic Amhlaoibh. “Choimeád na tithe seo agus na clanna atá ina mbun coinneal lasta sa bhfuinneog le fada an lá le fáilte a chur roimh cheoltóirí teacht agus a gcuid ceoil a roinnt le lucht éisteachta go mbíonn dúil acu sna hoícheanta móra ceoil sin.

“Nuair a shiúlann tú isteach doras an Cobblestone, Connolly’s, Campbell’s nó McGrory’s is féidir stair na háite agus laochra ceoil na hÉireann agus an domhain mhór a bhraistint san aer. ‘Siad na laochra ceoil céanna a thit i ngrá le seimint sna hionaid seo agus atá le feiscint ar fud fhallaí an tí.”

Deir Nic Amhlaoibh, áfach, go bhfuil baol ann go ndéanfar talamh slán as na tithe ceoil seo agus constaicí ar leith ag baint lena ngnó.

“Is deis é seo an ceol agus lucht na n-ionad seo a cheiliúradh. Mar a dúirt Willie Campbell féin “There’s singing in these walls.” Tá súil againn go gcuirfidh an tsraith seo le gach ceann de na hionaid iontacha seo.”

Deir Willie Campbell, úinéir Campbell’s Tavern a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár inniu, gur áit chruinnithe atá sa tábhairne do lucht an cheoil.

“Táimid tar éis pobal d’ealaíontóirí a chothú le blianta fada anuas agus soláthraímid ardán le deis a thabhairt do thallann na n-ealaíontóirí agus spás dár ngnáthóirí le taithí a fháil ar raon fairsing den cheol agus ealaíon. Mar ionad atá faoi stiúir clainne, táimid an-mhórálach as a bheith ábalta deis a thabhairt do cheoltóirí atá ag teacht chun cinn tríd a nguthanna ceolmhara a chur ar stáitse agus iad a chothú ag tús a n-aistir cheoil.”

Seisiún léirithe ag an bhfoireann léiriúcháin a dhéanann Cúltír agus an tsraith nua Geantraí do TG4.

Craolfar clár nua sa tsraith gach Aoine i Meán Fómhair ag 8.30in ar RTÉ 1. Beidh teacht ar na cláir ar sheinnteoir RTÉ chomh maith.

Fág freagra ar 'Muireann Nic Amhlaoibh agus The Saw Doctors le feiceáil i sraith cheoil nua ar RTÉ 1 anocht'