Muintir Chois Cláidí le hobair thógála BSL i nGaoth Dobhair a mheas ‘seachtain ar sheachtain’

Imní curtha in iúl ag Coiste Timpeallachta Chois Cláidí faoi ghnéithe éasgúla den obair thógála atá ar bun ag BSL sa cheantar

clady-1

Tá a n-imní curtha in iúl ag baill Choiste Timpeallachta Chois Cláidí i gContae Dhún na nGall do Bhord Soláthar an Leictreachais maidir leis an obair thógála atá ar bun sa cheantar ag an gcomhlacht Ownea Trading.

Tá fo-stáisiún leictreachais á thógáil ag an gcomhlacht don BSL idir Cois Cláidí agus Carraig an tSeascainn, i nGaoth Dobhair, agus tá an togra ag déanamh tinnis do mhuintir na háite, ina measc Anna Ní Mhaonaigh.

Ag caint di le Tuairisc.ie faoin scéal, dúirt Iníon Ní Mhaonaigh go bhfuil “cuid mhór tochailte” ar bun mar chuid den togra, agus go mbraitear go bhfuil seo iomarcach agus “ag cur isteach ar an phobal”. Anuas air sin, tá uaireanta fada oibre na dtógálaithe “ag déanamh buairt” do mhuintir na háite, mar aon leis an méid “leoraithe” agus an méid “callán” a bheidh sa cheantar dá bharr, rud a d’fhéadfadh cur isteach ar chúrsaí sláinte, a deir Ní Mhaonaigh.

Dúirt Ní Mhaonaigh nach bhfuil baill an choiste timpeallachta róshásta nach raibh comhráite ná caint ar bith leo i dtaobh na hoibre agus nach raibh a fhios ag muntir na háite go raibh an obair ag gabháil ar aghaidh nó gur labhair rúnaí an chomhlachta tógála leo tuairim is trí seachtaine ó shin.

Cúis imní eile don phobal is ea abhainn an Chláidí agus an truailliú a d’fhéadfadh an obair a dhéanamh uirthi dá mbeadh an t-uisce draenála ag dul isteach sna díoga.

Bhí cruinniú ag Coiste Timpeallachta Chois Cláidí ag tús na seachtaine seo le bainisteoirí an chomhlachta tógála agus aontaíodh ansin go mbeadh deis ag muintir na háite an obair a mheas “seachtain ar sheachtain” agus bualadh le dearthóir an tsuímh. Aontaíodh ag an gcruinniú go bhféachfaí ar an “bplean cúraíochta” atá ag an dearthóir, féachaint cén cineál “crainn agus plandaí” a chuirfidh sé.

Thug na bainisteoirí le fios do mhuintir an Chláidí go mbeidh siad ag obair sa cheantar ar feadh cúig nó sé mhí, ag brath ar chúrsaí aimsire, agus go mbeidh siad ag obair idir a seacht a chlog ar maidin agus a naoi a chlog tráthnóna gach lá.

Anuas ar na ceisteanna thuasluaite atá ag cur tinnis ar an gcoiste timpeallachta, ba mhaith leo a fháil amach an mbeidh piolóin mar chuid den togra ar an suíomh.

Dúirt Ní Mhaonaigh nach raibh iomrá ar bith ar a leithéid nuair a fuarthas cead pleanála. Tá siad ag súil le fáil amach freisin an bhfuil an BSL cinnte nach bhfuil contúirt leighis ag baint leis an stáisiún nua.

Deir an coiste nach mbeadh “glacadh ar bith” ag muintir an bhaile le piolón, “mar nach raibh a leithéid luaite roimhe seo”.

Fág freagra ar 'Muintir Chois Cláidí le hobair thógála BSL i nGaoth Dobhair a mheas ‘seachtain ar sheachtain’'