Muintir Chiarraí ag seasamh leis na Healy-Raes, saighdiúirí na Ríochta

Idir mhaith agus olc a bhí ag muintir Healy-Rae in 2019, ach is ar éigean go gcuireann aon chonspóid isteach orthu

Muintir Chiarraí ag seasamh leis na Healy-Raes, saighdiúirí na Ríochta

Tá gach seans ann go bhfeicfear an tríú Healy-Rae ar an bpáipéar ballóide in olltoghchán na bliana seo chugainn

Mo ghraidhin iad na Healy-Raes. Fuaireadar téipeáil mhaith le mí anuas. Bhí beirt de threibh iomráiteach Chill Gharbháin os comhair na cúirte agus iad cúisithe ciontaithe as a chaideáil agus a chrústáil a thabhairt d’fhear eile sa tSráid Neidíneach idir dhá Nollaig 2017. Gearradh pianbhreith ocht mí agus seacht mí, ach an phianbhreith ar fionraí, ar Jackie Óg agus ar a dheartháir Kevin (beirt mhac an Teachta Dála Michael Healy-Rae) agus tá brú ag teacht ar Jackie Óg éirí as a shuíochán ar Chomhairle Contae Chiarraí agus go háirithe as a ról ar Chomhchoiste Póilíneachta an chontae, rud nach ndéanfaidh, a deir sé.

Trí lá ina dhiaidh sin, caitheadh seanbhuachaill na beirte a thabhairt go dtí’n ospidéal, mar gur chuaigh deatach siar air agus é d’iarraidh tine a mhúchadh sa tsiopa le hais a oifige i gCill Gharbháin. Níor deineadh puinn díobhála den siopa, ná go deimhin do Mhichael san eachtra. Ach ní hé a haon aige é i dtaobh tinte a mhúchadh; shábháil sé seantarracóir Ford a bhí dulta trí thine lasmuigh de thigh tórraimh Gleasure i dTrá Lí i mí Lúnasa seo d’imigh tharainn, ag úsáid fearas múchta tine a bhí ina chairt aige. ‘Michael to the Healy ‘Rae-scue’!’ an cheannlíne a bhí sa Kerryman.

Roimh an dá scéal sin áfach, bhí conspóid fobgate againn, an scéal go raibh Michael tar éis clárú sa Dáil an lá céanna go raibh sé ar shochraid i gCiarraí. Chosain Michael é féin go fíochmhar ó lucht a cháinte, agus go deimhin níor spáráladh na hiriseoirí a bhí d’iarraidh aird a tharrac ar an scéal. B’fhéidir gur chuir na Healy-Raes an-tús le 2019 sna toghcháin áitiúla, ach is chun donais a chuaigh an bhliain dóibh ó shin. Ach an mbeidh aon drochthionchar ag na conspóidí seo orthu, agus olltoghchán ar lic a’ dorais againn, nó an ndéanfar aon díobháil do na coileáin óga ar Chomhairle Contae Chiarraí?

Is do Jackie Óg is measa é. Bhí an fear óg ceithre bliana fichead ag ceann an chomhairimh i dtoghlimistéar Oileán Ciarraí nuair a sheas sé ansin den gcéad uair i mí Bealtaine agus 2,621 vóta céad-rogha aige.

Bíonn sé glórach go maith ag cruinnithe, agus ról aige ar chomhchoiste póilíneachta an chontae chomh maith. Bhí sé de chuma ar an scéal go raibh blianta fada roimis amach ar an gComhairle. Deintear dearúd nach i gceantar Oileán Ciarraí atá sé ag maireachtaint, ach fós féin thug sé an svae leis go slachtmhar ann. Ní hé a chiontú is mó a chuirfidh as do dhaoine, áfach. An rud is mó nach dtaitníonn leis an bpobal faoi pholaiteoirí ná ró-eirí in airde ná daoine a dheineann Dia beag díobh féin. Ní thaitneoidh an méid a dúradh sa chúirt faoi cad a bhí á mhaíomh ag Jackie Óg le linn an raingil úd sa Neidín le daoine – “This is my town” agus “this is my chip van”. ’Sea ní maith leis an bpobal an iomarca clóchais agus sotail a fheiscint, agus tháinig an eachtra salach ar an íomhá atá cruthaithe ag na Healy-Raes le fada, is é sin gur daoine umhla iad a bhíonn ag troid ar son an ghnáthdhuine ó dhubh dubh.

Mar sin féin, is ar éigean go gcuireann aon chonspóid isteach ar an dtacaíocht a fhaigheann muintir Healy-Rae.

Ní móide go gcuirfidh an chonspóid fé chostaisí agus fé thinreamh Dála isteach orthu ach oiread.

Go deimhin, bhí eagarfhocal príomhleathanaigh a bhí an-tacúil dóibh i gceann de na nuachtáin i gCiarraí go gairid tar éis fobgate, ag maíomh go raibh ar Radio Kerry agus an t-iriseoir Gavan Reilly leithscéal a ghabháilt le Michael Healy-Rae as botúin a bhí ina dtuairiscí fén gconspóid.

Tá iarracht measa ag vótóirí Chiarraí ar an rud go dtugann daoine lasmuigh den Ríocht ‘Cute-Hoorachas’ air.  Féach ár mbuachaillí thuas sa Dáil, ag sú gach ar féidir leo dúinn as boic ‘Bhleá Cliath’. Seo saighdiúirí na Ríochta ag seasamh an fhóid don gcosmhuintir i gcoinne an dhrochbhuachalla úd Dubhlinn agus ná bac gur sinne mar cháiníocóirí a bhuaileann an stampa ar chártaí na dTeachtaí Dála. ‘Ardfhearaibh,’ a deirtear, ‘tá filí caocha déanta agaibh de sheoiníní na príomhchathrach aríst.’

Tá gach seans ann go bhfeicfear an tríú Healy-Rae ar an bpáipéar ballóide in olltoghchán na bliana seo chugainn. Dúirt ball sinsearach d’Fhianna Fáil sa chontae liom le déanaí go bhfuil sé chomh siúráilte is atá cac san asal de, má bhíonn an tríú hiarrthóir ag Fianna Fáil, i dteannta an Teachta Dála John Brassil agus an Comhairleoir Contae Norma Moriarty (agus is ródhócha go mbeidh), go mbeidh Healy-Rae mar scáth acu. Is é Johnny, mac Danny, an comhairleoir is cumasaí acu, ach táthar á thuar gurb í a dheirfiúr Maura, a bhí ag ceann an chomhairimh i gCill Airne sna toghcháin áitiúla, an té sin, cé go mb’fhéidir go rithfeadh Johnny in ionad a sheanbhuachalla.

Cá bhfágann san Michael Healy-Rae, taoiseach na treibhe? Beidh racht casachtaí air ar feadh tamaillín i ndiaidh an deataigh. Sin a bheidh de rian fágtha ag 2019, idir annus mirabilis agus annus horribilis, air.

Fág freagra ar 'Muintir Chiarraí ag seasamh leis na Healy-Raes, saighdiúirí na Ríochta'