Mórscéalta faisin agus stíle na bliana 2017 –  idir mhaith agus olc

Ó chóta Meghan Markle go sála arda Melania Trump bhí neart údar cainte ag lucht faisin agus stíle le linn na bliana

Mórscéalta faisin agus stíle na bliana 2017 –  idir mhaith agus olc

Súil siar ar chúrsaí faisin agus stíle sa bhliain 2017 an treoir a tháinig ón Eagarthóir. Seo linn, mar sin, siar ar bhóithríní na smaointe ar na nithe a fhanfaidh inár gcuimhne ón mbliain atá díreach caite.

 

Cóta na bliana: Cóta Meghan Markle 

Ní dócha go mbeidh mórán díospóireachta faoin gceann seo agus ní gá dul siar ach chuig an mhí seo caite leis an rogha a dhéanamh. An cóta álainn bán ón lipéad ar a dtugtar Line the Label as Ceanada a chaith Meghan Markle an lá ar fógraíodh go raibh sí féin agus Prionsa Harry na Breataine geallta dá chéile. Bhí an stoc iomlán den chóta díolta roimh dhul faoi na gréine an oíche sin ar chostas $750 an ceann.

 

An dul chun cinn is suimiúla i gcúram cnis: Táirgí ón Chóiré Theas

Tá na táirgí áilleachta is úire ón Chóiré Theas agus na cleachtais cúraim cnis ón tír sin ag tarraingt oiread cainte ar fud iarthar an domhain anois nach féidir iad a sheachaint. Bhí bliain iontach ag an Chóiré Theas in 2017 ó thaobh easpórtáil na dtáirgí seo agus is cosúil gur tuilleadh forbartha fós atá amach rompu.

 

Táirge faisin nuála na bliana: An scáthán fíorúil

Ní féidir a rá gur i mbliana a tháinig scátháin fhíorúla ar an margadh den chéad uair ach seo í an bhliain ar tháinig borradh fúthu agus iad ag fáil níos coitianta i siopaí móra faisin an domhain. Scáileáin leictreonacha iad i ndáiríre seachas scátháin agus nuair a thugann tú ball éadaigh éigin de chuid an tsiopa chuig an scáthán fíorúil feicfidh tú íomhá díot féin agus an t-éadach sin á chaitheamh agat. Draíocht cheart!

 

Ráiteas seafóideach na bliana: Donna Karan

Nuair a bhris an scéala faoi mhí-iompar Harvey Weinstein tháinig duine de réalta shaol an fhaisin á chosaint. Thug Donna Karan, a bhunaigh DKNY sa bhliain 1984, le fios in agallamh le hiriseoir amháin go bhféadfadh go raibh cuid den locht ar na mná a ionsaíodh; ‘Are we asking for it by presenting all the sensuality and the sexuality?’. Ghabh sí leithscéal níos deireanaí ach bhí an dochar déanta.

 

Branda smididh na bliana: Fenty Beauty

Le linn na bliana a sheol an t-amhránaí clúiteach Rihanna an branda nua Fenty Beauty agus tá ardmheas ar na táirgí nua seo. Tá bonnsmideadh, aibhsitheoir agus táirge ar leith ar féidir é a úsáid mar fholaitheoir, mar mhaide cumraíochta nó le beagán luisne a chur ar an éadan. Praghsanna idir €15 agus €50 agus roghnóinn go cinnte iad mar tháirgí smididh na bliana.

 

Mainicín na bliana: Kaia Gerber

Ní ón ngaoth a thug sí léi an dathúlacht ná a cumas mar mhainicín mar gurbh iníon í Kaia Gerber le Cindy Crawford agus Rande Gerber. Níl sí ach 16 bliana d’aois fós ach bhí a pictiúr go rialta ar irisí móra faisin ar nós Vogue le linn na bliana. Ghlac sí páirt i seónna faisin de chuid Calvin Klein, Marc Jacobs, Burberry, Alexander Wang, Coach, Prada, Chanel, Fendi, Moschino agus Versace le linn 2017.

 

Dearthóir na bliana: Raf Simons

Ceapadh an dearthóir cáiliúil seo ón mBeilg i gceannas ar chomhlacht Calvin Klein i mí Feabhra na bliana seo agus tá beocht agus úire nua tugtha isteach sa ghnó aige. Meastar gur fiú $8,400 milliún an comhlacht agus tá Simons áirithe ina laoch ag scríbhneoirí faisin an domhain.

 

Treocht na bliana: Seaicéad bléasar dúbailte le jíons díreacha

Tagann agus imíonn go leor stíleanna nua i saol an fhaisin gach bliain ach bhí seasamh ar leith ag an iarracht seo – seaicéad bléasair dúbailte agus jíons díreacha. D’fhéadfaí é seo a chaitheamh le t-léine le linn an lae nó le barréide níos sofaisticiúla don oíche. 

 

Botún faisean na bliana – Melania Trump agus a cuid sála arda

Más fút cuairt a thabhairt ar cheantair atá buailte go dona ag hairicín tubaisteach, bíodh a fhios agat nach áit é do shála arda. Bhí 30 orlach báistí tar éis titim in áiteanna i Texas Mheiriceá nuair a thug an tUachtarán Trump agus a bhean chéile Melania cuairt ar láthair an uafáis.  Dúirt Gobharnóir Texas, Greg Abbott go raibh sé ar cheann de na ‘the largest disasters America has ever faced’. Níorbh áit ar bith do shála arda é.

Nollaig shona do léitheoirí Tuairisc.ie ar fad!

Fág freagra ar 'Mórscéalta faisin agus stíle na bliana 2017 –  idir mhaith agus olc'