Mórimeachtaí faoi dhíon Fhéile Chois Fharraige curtha ar ceal

I ráiteas a chuir lucht na féile amach tráthnóna dúradh gur ‘oth’ leo go raibh roinnt ócáidí a mbeadh 'go leor daoine' ag freastal orthu curtha ar athló 

Mórimeachtaí faoi dhíon Fhéile Chois Fharraige curtha ar ceal

Tá cinneadh déanta ag Coiste Fhéile Choiste Fharraige mórimeachtaí faoi dhíon na féile a chur ar ceal.

I ráiteas a chuir lucht na féile amach tráthnóna dúradh gur ‘oth’ leo go raibh ócáidí a mbeadh “go leor daoine” ag freastal orthu curtha ar athló.

“De bharr srianta breise a bheith á bhfógairt ag an Rialtas agus de bharr imní sa bpobal faoi líon breise cásanna, beartaíodh go mbeadh sé stuama ócáidí a mbeadh go leor daoine i láthair acu a chur ar athló go dtí am a bheadh níos sábháilte.”

Tá an dá léiriú a bhí le bheith ar siúl i Seanscoil Sailearna, Le Cion ar Joe le hAisteoirí an Spidéil agus Coirm cheoil Cholmcille curtha ar ceal.

Leanfar, áfach, le “roinnt bheag imeachtaí faoi dhíon”, ina measc An Cosán Draíochta, a bheas á léiriú i Stiúideo Cuan den chéad uair anocht.

“Is oth leis an gCoiste gurbh éigean an cinneadh seo a ghlacadh ach níl tada níos tábhachtaí ná sábháilteacht an phobail agus in ainneoin go raibh sé i gceist i gcónaí go dteastódh teastas Covid le freastal ar imeachtaí, de bharr a thréine is atá scaipeadh an víris faoi láthair socraíodh gurbh é seo an bealach ab fhearr leis an bpobal a chosaint ar an mbaol reatha.

“Is mór ag an gCoiste an obair atá á déanamh ag neart daoine i gCois Fharraige le ócáidí a chur ar fáil agus a reáchtáil agus is mór acu freisin an tacaíocht a léiríodh go dtí seo don Fhéile.”

Tá súil ag lucht na féile na himeachtaí atá curtha ar athló a reáchtáil san Earrach.

Beidh an clár leasaithe le feiceáil ar www.coisfharraige.ie.

Fág freagra ar 'Mórimeachtaí faoi dhíon Fhéile Chois Fharraige curtha ar ceal'