Mórchuid imeachtaí ag an bhFéile Bheag Filíochta atá le seoladh ar an mBuailtín anocht

Beidh idir léamhanna, cheardlanna, scannáin, seisiúin cheoil agus siúlóidí in Iarthar Duibhneach as seo go ceann cúpla lá agus an naoú Féile Bheag Filíochta faoi lán tseoil

Simon-Ó-Faoláin
An file Simon Ó Faoláin, duine de lucht eagraithe na Féile

Cuirfear tús leis an naoú Féile Bheag Filíochta sa Mhúsaem ar an mBuailtín i mBaile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, tráthnóna inniu.

Ag a seacht a chlog tráthnóna a dhéanfar an Fhéile a sheoladh.

Mairfidh an Fhéile cúpla lá agus leanfar leis na himeachtaí as seo go dtí an Domhnach, idir léamhanna, cheardlanna, scannáin, seisiúin cheoil agus siúlóidí.

I mbliana beidh téama an scríbhneora dátheangaigh go mór sa treis agus is duine d’fhilí na háite, Dairena Ní Chinnéide – file dátheangach í féin – a osclóidh an Fhéile go hoifigiúil.

Tabharfaidh an Dochtúir Róisín Ní Ghairbhí léacht uaithi ar na scríbhneoirí dátheangacha Pádraig Mac Piarais agus Mícheál Ó hAirtnéide ina dhiaidh sin agus cuirfear clabhsúr ar an oíche oscailte le seoladh leabhar Bhríd Ní Mhóráin, Saothrú an Ghairdín, leabhar a sheolfaidh an craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Helen Ní Shé.

Beidh léamhanna agus ceardlanna filíochta ar siúl amárach, Dé Sathairn, i dteannta na bhfilí Theo Dorgan agus Mícheál Ó Ruairc. Ina ndiaidh sin, cuirfear tús le ceolchoirm na féile in Ionad an Bhlascaoid i nDún Chaoin, mar a mbeidh ‘Mo Pheann ag Rince’ faoi lánseol.

Is é atá i gceist leis an imeacht seo ná dánta le Seán Ó Ríordáin á léamh os ard agus iad á dtionlacan ag ceol. Is í Dairena Ní Chinnéide a léifidh na dánta agus ina dhiaidh sin, cloisfear Liam Ó Muirthile ag léamh roinnt sleachta as dialann an Ríordánaigh chomh maith. Cífear íomhánna áille de chuid an ealaíontóra Margaret Lonergan á teilgeadh sa chúlra an fhaid is a bheidh na léamha seo ar siúl.

Raghfar i mbun léitheoireachta arís maidin Domhnaigh i Sáipéilín na mBan Rialta sa Díseart i nDaingean Uí Chúis, agus cloisfear Deirdre Ní Ghrainbhéil ag seimint ar an gcruit lena linn.

Ag a seacht a chlog tráthnóna a dhéanfar an Fhéile a sheoladh

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil mar gheall ar an bhFéile anseo.

Fág freagra ar 'Mórchuid imeachtaí ag an bhFéile Bheag Filíochta atá le seoladh ar an mBuailtín anocht'