Tá ráite ag an eagraíocht cearta daonna is mó san Eoraip nach bhfuil Rialtas na Breataine ag comhlíonadh gealltanas maidir le cur chun cinn na Gaeilge i dTuaisceart Éireann.
I measc na moltaí atá déanta i dtuarascáil nua, deirtear gur chóir do Rialtas na Breataine gníomhú láithreach chun Straitéis Gaeilge a thabhairt isteach ó thuaidh agus í a mhaoiniú go cuí, gur chóir Coimisinéir Gaeilge a cheapadh gan a thuilleadh moille agus gur cheart glacadh le plean fadtéarmach chun freastal ar an éileamh atá ann ar an nGaeloideachas.
Tá na moltaí déanta ag coiste saineolaithe ó Chomhairle na hEorpa a dhéanann maoirseacht ar an gCairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh. Tá dualgas ar Rialtas na Breataine cloí leis an gcairt mar chuid de na coimitmintí a rinneadh faoin nGaeilge i gComhaontú Aoine an Chéasta.
Cé gur gealladh Straitéis Ghaeilge ó thuaidh beagnach 20 bliain ó shin, tá teipthe ar Fheidhmeannas Stormont agus Rialtas na Breataine a leithéid a thabhairt isteach.
Sa tuarascáil monatóireachta a d’fhoilsigh an coiste saineolaithe (COMEX) inniu, deirtear gur chóir an straitéis a thabhairt isteach “láithreach bonn” agus gur chóir í a mhaoiniú go cuí.
Deirtear gur chóir freisin an reachtaíocht teanga don Ghaeilge, an tAcht Féiniúlachta agus Teanga (Tuaisceart Éireann) a ritheadh i 2022, a chur i bhfeidhm go hiomlán.
Tá forbairt straitéise maidir le hearcú múinteoirí do pháistí Gaelscoile a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu ar cheann de na príomh-mholtaí atá déanta sa tuarascáil chomh maith.
Deirtear sa tuarascáil go ndéantar uirlis pholaitiúil den Ghaeilge i dTuaisceart Éireann go fóill agus go mbíonn drogall ar na húdaráis go minic an teanga a chur chun cinn agus imní ann go dtarraingeofaí conspóid.
Tá cur síos déanta sa tuarascáil ar chás na hUltaise chomh maith agus é ráite go bhfuil cainteoirí Ultaise “in áit an-leochaileach” i dTuaisceart Éireann. Deirtear gur ar éigean go bhfuil an Ultais le feiceáil sa saol poiblí agus gur chóir straitéis teanga don Ultais a thabhairt isteach chun í a chur chun cinn san oideachas, sna meáin agus i réimsí eile.
San iomlán tá 12 moladh déanta ag COMEX maidir leis an nGaeilge. Ar na moltaí atá deirtear nár cheart go ndéanfadh údaráis áitiúla ródheacair é comharthaí sráide dátheangacha a thabhairt isteach. Moltar freisin go gcraolfaí breis ábhar i nGaeilge ar an teilifís agus ar an raidió.
Moltar do na húdaráis ó thuaidh gníomh a dhéanamh “láithreach” chun a chinntiú go bhfuiltear ag freastal ar an éileamh atá ar an nGaeloideachas. Deirtear freisin go gcaithfear straitéisí fadtéarmacha a fhorbairt chun freastal ar an bhfás atá ag teacht ar an earnáil sa Tuaisceart.
Dúirt Conchúr Ó Muadaigh, Bainisteoir Abhcóideacha le Conradh na Gaeilge gur “cáineadh” a bhí sa tuarascáil is déanaí seo ag COMEX ar theip Stormont agus Westminster i dtaobh a gcuid coimitmintí teanga.
“Tagann an tuarascáil seo le gach tuarascáil eile atá foilsithe ag saineolaithe Chomhairle na hEorpa faoi theip Rialtas na Breataine agus an Fheidhmeannais croí-cheisteanna na Gaeilge a réiteach. Is cáineadh iomlán é sin mar gheall ar an teip leanúnach forálacha na Cairte a chur i bhfeidhm,” a dúirt Ó Muadaigh.
“Agus mar bharr ar an donas, chinn an Feidhmeannas nach raibh aon áit sa dréacht-Chlár Rialtais d’aon cheann de na dualgais seo maidir leis an Ghaeilge, easnamh a dhéanann ceap magaidh den mhór-dhul chun cinn atá déanta le blianta beaga anuas. Idir seo agus moltaí dáiríre an Choiste inniu, is léir go bhfuil Coimisinéir Gaeilge agus Straitéis rialtais don teanga de dhíth go práinneach anois.”
Mar chuid dá gcuairt mhonatóireachta, bhuail Conradh na Gaeilge, an Coiste um Riar an Chirt (CAJ) agus toscaireachtaí ó eagraíochtaí eile le Coiste na Saineolaithe i mí Feabhra.
Dúirt Daniel Holder, Stiúrthóir an CAJ gur fianaise luachmhar iad tuarascáil agus moltaí COMEX.
“Is dualgas idirnáisiúnta é bheith ag comhlíonadh na Cairte seo. Is léir go bhfuil réimse dualgas nach bhfuil á gcomhlíonadh.
“Cuireann muid san áireamh sa liosta sin na buairimh atá arduithe ag an Choiste maidir le comharthaíocht dhátheangach, go háirithe mar a bhaineann le logainmneacha Gaeilge, agus sa bhreis air sin aithníonn muid an géarghá le cosaint i gcoinne an leithcheala mar gheall ar labhairt na Gaeilge. Anois is faoi na hairí na gníomhartha seo uilig a thabhairt chun cinn.”
Fág freagra ar 'Moladh déanta ag eagraíocht cearta daonna go dtabharfaí isteach straitéis don Ghaeilge ó thuaidh gan mhoill'