Moladh déanta ag Bertie Ahern faoi chás na Gaeilge i sáinn Stormont

Dúirt an t-iarthaoiseach Bertie Ahern go bhféadfaí dlús a chur faoi na cainteanna maidir le hathbhunú Stormont ach margadh a dhéanamh a mbeadh ceist an vóta faoin teorainn agus ceist na Gaeilge mar chuid de

Moladh déanta ag Bertie Ahern faoi chás na Gaeilge i sáinn Stormont

Tá molta ag an iarthaoiseach Bertie Ahern mar réiteach ar an tsáinn pholaitiúil ó thuaidh go stopfadh poblachtánaigh ag caint faoi vóta faoin dteorainn agus go gcuirfeadh aontachtóirí deireadh lena gcosc ar chearta teanga.

Ag labhairt dó i mBéal Feirste, dúirt Ahern go bhféadfaí dlús a chur faoi na cainteanna maidir le hathbhunú an fheidhmeannais ach margadh a dhéanamh a mbeadh ceist an vóta faoin teorainn agus ceist na Gaeilge mar chuid de.

“Ach ní bheidh na cúinsí cearta ann, mura bhfaighfear réidh leis an mbagairt faoi vóta a reáchtáil go luath maidir leis an teorainn. Dá bhfaighfí réidh leis an éileamh sin agus dá ndéanfaí gníomh dá shamhail faoi cheist na Gaeilge, bheadh móiminteam againn agus is den riachtanas móiminteam agus síocháin á déanamh,” a dúirt sé.

Tá ceist an achta Ghaeilge ar cheann de na driseacha cosáin is mó roimh athbhunú fheidhmeannas Stormont. Tá Sinn Féin ag éileamh reachtaíocht don Ghaeilge agus an DUP glan ina coinne.

Bhí Ahern ag tabhairt léacht Harri Holkeri, léacht a thugtar mar aitheantas ar an ról a bhí ag iar-phríomhaire na Fionlainne sa phróiseas síochána.

‘Próiseas na Síochána– I bhfianaise ceisteanna an Bhreatimeachta’ ba theideal do chaint an iarthaoisigh inar dhúirt sé gur chontúirteach an ní dúinn neamhaird a dhéanamh ar bhunúdair an aighnis ó thuaidh atá fréamhaithe go domhain sa stair.

Cháin sé an DUP mar gheall ar a neamhshuim in ábhair imní náisiúnaithe agus cháin sé Sinn Féin as a bheith ag éileamh vóta faoin teorainn.

Dúirt sé nach raibh aon mhaith a bheith ag cur i gcéill nach bhfuil aon fhadhb ag aontachtaithe leis an gcúlstop.

“Sin é an chúis, sa tréimhse ghearr ‘gan cheo’ atá linn faoi láthair, gur cheart dúinn ár ndícheall a dhéanamh féachaint ar gach cur chuige chun ár ndearcadh a mhíniú d’aontachtaithe a bhfuil imní orthu faoin gcúlstop,” arsa Ahern.

Dúirt sé chomh maith go raibh dualgas ar aontachtaithe a bhfuil i gceist le comhionannas measa a aithint agus glacadh leis go bhfuil dearcadh éagsúil ag daoine eile ar an bhfrása ‘our precious union’. Níor cheart do náisiúnaithe, a dúirt sé, talamh slán a dhéanamh de go raibh sé dodhéanta obair le haontachtaithe.

Bhí Bertie Ahern ag caint in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste, mar ar bronnadh inné air ollúnacht oinigh i léann na síochána air.

Fág freagra ar 'Moladh déanta ag Bertie Ahern faoi chás na Gaeilge i sáinn Stormont'