Mo sheasamh ort, Madonna Louise Ciccone…

Maidir leis an gcáineadh a fuair sí ó ridirí na meán sóisialta, níor chuir Madonna, bail uirthi, fiacail ann

Mo sheasamh ort, Madonna Louise Ciccone…

Is maith liom an fear go bhfuil míleáiste anairde aige (dein do mhachnamh air)!

arsa Madonna, Banríon an Cheoil tráth, tamall de bhlianta ó shin nuair a bhí sí ‘mór’ leis an Lothario iomráiteach é fhéin, Warren Beatty, fear a bhí suas le bliain is fiche ní ba shine ná í ag an am.

Níor chuir sé aon mhairg uirthi féin ná a lucht leanta go raibh sí ag suirí le crunca cnagaosta ag an am. Fear breá dathúil gan aon cheist. Mná fiáin glan ina dhiaidh. Chomh mealltach le Casanova é fhéin an lá is fearr a bhí sé.

Ach anois go bhfuil Madonna ag déanamh isteach ar a bheith cnagaosta í fhéin, tá sí á fháil go dóite ó chigirí na meán sóisialta go bhfuil sé in am aici ciall a bheith aici.

Gan a bheith ag ligint uirthi go bhfuil sí óg fós. Gan a bheith ag déanamh na dtréan-iarrachtaí í fhėin a ‘bhreáthú’ le hinstealladh botox agus a leithéid. Gan a bheith…Gan a bheith …

Molta go haer a bhí Warren Beatty ag an aois atá Madonna anois, ceithre bliana is trí fichead.

Cáinte gan trócaire atá Madonna, go bhfuil sé de dhánaíocht inti fós í fhéin a chur i lár an aonaigh.

Deineadh sceanairt ar a cló is a cruth nuair a tháinig sí i láthair ag féile mhór na Grammys le fíordhéanaí.

Bhí sí ann chun duais mhór Grammy a bhronnadh air Kim Petras agus Sam Smith.

Seacht gcinn de na duaiseanna céanna, buaite aici féin ó thosnaigh sí amach dhá scór bliain ó shin.

Gach uile ceann acu tuillte aici. A cáil i bhfad is i ngearr. Saibhreas dá réir aici.

Maidir leis an gcáineadh a fuair sí ó ridirí na meán sóisialta, níor chuir Madonna,

bail uirthi, fiacail ann.

Aoiseachas agus fuath ban a bhí i gceist, a dhearbhaigh sí.

Cháin sí ‘Tionscal na Siamsaíochta’ as a bheith ag caitheamh anuas ar aon bhean go bhfuil sé de dhánaíocht inti a bheith i lár an aonaigh agus an ceathracha a cúig curtha di aici.

An ghráin dearg acu ar aon bhean atá misniúil, díograiseach, cróga, dar léi.

Níor chuireadar aon mhairg riamh orm, ar sí, ainneoin iad a bheith im cháineadh ón gcéad lá ar thosnaigh mé amach. Ní bhrisfidh siad mo spiorad anois. Beidh mé i gcónaí toilteanach agus mórtasach as a bheith im

lóchrann solais do mhná, is cuma cén aois iad.

Mo sheasamh ort, Madonna Louise Ciccone!

Fág freagra ar 'Mo sheasamh ort, Madonna Louise Ciccone…'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Crúnca cnagaosta’?? Ar cheadmhach Madame Botox í féin nó mná scothaosta eile a aithisiú le focail den chineál sin freisin? Nó an ‘crúncaí’ iad na fearaibh amháin?