MO ROGHA BIA…le Colmán Mac Séalaigh

MO ROGHA BIA: Don tsraith seo, ceistíonn Tuairisc.ie daoine aitheanta faoin mbéile speisialta atá acu. An tseachtain seo cloiseann muid ó Cholmán Mac Séalaigh, láithreoir an chláir Xtreme ar TG4.

colman_mac_sealaigh_pic

B’fhéidir gurb é a réitíonn tú nuair a bhíonn ócáid speisialta agat nó dá mbeadh lá fada agat agus bia suaimhneach uait ina dhiaidh. Fiú mura bhfuil ann ach ceapaire cáise, an bhfuil bealach ar leith agatsa lena réiteach; cén t-arán a theastaíonn, nó an gcaithfidh tú im Kerrygold a bheith agat nó an amhlaidh nach bhfuil aon mhaith ann?

B’fhéidir gur maith leat a bheith ag cócaireacht agus go bhfuil mias ar leith a thaitníonn leat a réiteach, stobhach mairteola mealltach, seans. Pé béile nó mias é, más uasal nó íseal é, tá Tuairisc.ie ag iarraidh do scéal faoin mbéile is deise leat.

An tseachtain seo, roinneann Colmán Mac Séalaigh a scéal linn.

Bridget Bhreathnach: Cén béile speisialta atá agat?

Colmán Mac Séalaigh: Tá clú agus cáil ar mo chuid burgair baile!

BB: Cén scéal atá agat leis an mbéile, cén fáth go dtaitníonn sé leat?

CMS: Caithfidh mé a admháil go dtaitníonn méarbhia liom. Ó phíotsa go sicín friochta, tá dúil agam ann ach ní hé an bia is sláintiúla ar domhan é! Thar na blianta d’fhoghlaim mé gur féidir sult a bhaint as bia mar seo ach a bheith cliste faoi agus is as sin a tháinig na burgair baile.

BB: Cén deoch a d’ólfá leis?

CMS: Is breá liom fhéin gloine bainne a bheith agam leis ach i ndáiríre d’fhéadfá deoch ar bith a bheith agat leis, ó uisce go fíon.

BB: Céard iad na comhábhair?

CMS: Ar ndóigh, tá feoil mhionaithe mhaith ag teastáil, faigh é ón mbúistéar má bhíonn an deis agat. Anuas air sin, tá ubh, salann agus piobair, craicear, mustard Sasanch, sillí, peirsil agus oinniún. Is féidir rud ar bith a chaitheamh isteach ann ach ná déan dearmad ar an mborróga burgair!

BB: Cén modh déantacháin atá leis? – le gur féidir le léitheoirí Tuairisc.ie é a thriáil sa mbaile!

CMS: Níl mórán oibre i gceist th’éis duit na comhábhair a bhailiú. Is gáth na craicir a bhriseadh suas ach nuair a bheidh sé sin déanta, caith gach rud isteach i mbabhla measctha agus gach rud a mheascadh suas. Ní gá ansin ach liathróid mór amháin a dhéanamh, é sin a roinnt ina cheithre chuid agus ansin cruth na mburgar a dhéanamh. Isteach sa gcuisneoir ansin le rúinne ola olóige orthu. Fág ann iad ar feadh 20 nóiméad nó mar sin agus beidh siad réidh ansin. Is féidir iad a reo freisin agus a choinnéail le haghaidh lá éigin eile!

– Cuireann Colmán Mac Séalaigh an clár Xtreme i láthair ar TG4 ag 5.55pm gach Luan agus Céadaoin. Scoth an aicsin ón spóirt guaisbheartaíochta is fearr ar domhan. Bíonn míreanna cúlra, agallaimh, tuairiscí, dúshláin agus forbairtí trealaimh faoi chaibidil  – ach an bhéim i gcónaí ar an aicsean féin.

Fág freagra ar 'MO ROGHA BIA…le Colmán Mac Séalaigh'