Mo ghúna beag dubh

Tá an stíl gúna seo galánta agus sofaisticiúil; feileann sí do chuid mhaith ócáidí sóisialta agus tá sí ar fáil ar phraghas réasúnta, a deir ar gcomhfhreagraí

Black Dress

Téann an smaoineamh siar 100 bliain gur cheart go mbeadh gúna beag dubh (GBD) – nó LBD mar a thugtar go coitianta orthu – mar chuid lárnach den bhailiúchán éadaigh ag gach bean.  Tá oiread cáil’ ar an ngúna céanna go bhfuil sainmhíniú ar leith air san Oxford English Dictionary: ‘a simple black garment suitable for women to wear at most kinds of relatively formal social engagements’.

Deirtear ach an GBD ceart a roghnú nach rachaidh sé as faisean go brách. Tá siad éasca le fáil agus le caitheamh agus ní gá go mbeidís ródhaor ach an oiread. Agus cé nach bhfuil i gceist ach aon dath amháin, dubh, tá rogha an-mhór de dhearadh agus de stíleanna éagsúla ar díol, rud a chiallaíonn gurb annamh a bheadh an GBD céanna a chaitheamh ag beirt bhan ag ócáid ar leith.

Don dearthóir Coco Chanel a thugtar an t-aitheantas is mó as an stíl áirithe seo de ghúna a chur chun cinn, cé nach í is túisce a chuir ar an margadh iad. Níl dabht ar bith ach go bhfuil éifeacht ar leith leis an dath dubh agus gur féidir leis cuma níos tanaí agus níos galánta a chur ar dhuine. Is féidir tuilleadh galántachta a chur ann trína chaitheamh le bróga, mála nó beilt dheas – feileann go leor dathanna éagsúla sa chás seo – nó beagán seodra don chuma beagán níos sofaisticiúla.

Seo iad na cúig GBD is mó a thaitin liom féin ón rogha atá le fáil sna siopaí ar líne faoi láthair:

1. 1.

Gúna ar a dtugtar an ‘Lace Dress’ ó H&M atá ar fáil ar €39.99 – gúna gearr, teannta i lása bog le strapaí gur féidir a bhaint de. Ta dearadh clasaiceach ar an gceann seo agus mairfidh sé sa bhfaisean ar feadh na mblianta.

 


 

2.

2.

Roghnaigh mé an gúna ‘T-léine’ dubh seo ó River Island atá ar fáil ar €50 mar gur maith liom an dearadh de chuid na seascaidí atá air, go speisialta an frainse, rud atá an-choitianta ar bhaill éadaigh faoi láthair. Measaim go mbeadh an gúna seo go hálainn le seaicéad leathair agus sála arda.

 


 

3.

3.

Ó éadach na bhfear a tháinig an inspioráid don GBD ón gcomhlacht ‘And Other Stories’. Tugann siad ‘Oversized Shirt Dress’ ar an gceann seo agus tá costas £65 air. Gúna compordach an ceann seo a bheadh feiliúnach do cuid mhór ócáidí. Tá cnaipí chun tosaigh air agus is féidir é a dhúnadh go muineál nó péire nó trí cinn a fhágáil ar oscailt chun imeall muiníl éagsúil a chruthú.

 


 

4.

4.

Gúna álainn é seo atá ar fáil ar chostas €69 ó Oasis. Díoltar faoin ainm ‘Bonnie Workwear’ é ach is GBD clasaiceach freisin é le beilt nó ribín galánta timpeall an bhásta air. Tá imeall muiníl ard ar an gceann seo agus is beag seodra a theastódh leis.

 


 

5.

5.

Seo an ceann is daora a roghnaigh mé, é ar fáil faoin teideal ‘T’ ag an dearthóir Alexander Wang ach is é an ceann is ansa liom ar fad. Tá costas £115 air ach is mór an spóirt é an dearadh simplí le strapaí cúnga agus gearradh clasaiceach. Samhlaím an ceann seo a chaitheamh le béaldath dearg agus sála arda agus ní bheadh aon duine in ann a rá nach bhfuil sé galánta, faiseanta agus sofaisticiúil ag an am céanna. 

 

Fág freagra ar 'Mo ghúna beag dubh'