Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa…

Labhair an bhean arbh í ár nUachtarán tráth amach gan scáth gan náire. mar gheall ar an ráiteas ‘seafóideach míloighciúil’ a deir sí a thug an Pápa

Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa…

Le fíordhéanaí thángthas trasna ar shlabhra álainn ornáideach a meastar a bheith míle trí chéad bliain d’aois, agus tochailt fé thalamh á déanamh ag tógálaí tí i Northampton i gceartlár Shasana.

Slabhra taibhseach amach is amach é seo, déanta d’ór is airgead, gairnéid is clocha scoth-luachmhara.

Measann saineolaithe gur bean ar ardstádas go deo, ar léi an seod luachmhar seo. Duine a raibh cumhacht agus údarás aici, Máthair-ab ríoga b’fhéidir. Meastar gur Ceannasaí Luath-Chríostaíochta ab ea í. Mar aon leis an slabhra aimsíodh dhá phota ildaite copair.

Dearbhaíonn Músaem Seandálaíochta Londan gur cinnte gur le bean ab ea na seoda seo.

Deir siad chomh maith gur cruthú a bhí ann ar an ról tábhachtach a bhí ag an mbantracht i gcur chun cinn na Críostaíochta ag an am.

Ceannasaí Eaglasta Sacsanach ab ea í, a dhearbhaíonn siad.

D’fheidhmigh mná mar dheisceabail, mar aspail, mar mhisinéirí is mar mhúinteoirí ag an am.

Is sna blianta 630 go dtí 670 AD a bhí an Chríostaíocht á leathadh sa limistéar san.

Ní nach ionadh ní fada ina dhiaidh san gur cuireadh cosc le cumhacht na mban agus baineadh díobh pé údarás a bhí saothraithe acu.

Seanscéal is meirg air.

Seo linn go dtí an mbliain dhá mhíle is a fiche dó agus séasúr beannaithe na Nollag a’ teannadh linn.

Máire Mhic Giolla Íosa agus an Pápa beannaithe Proinsias.

Labhraíonn an bhean arbh í ár nUachtarán tráth amach gan scáth gan náire. mar gheall ar an ráiteas ‘seafóideach míloighciúil’, a deir sí a thug an Pápa agus ceisteanna á bhfreagairt aige maidir le bean a oirniú ina sagart, ‘misogynistic drivel’ a bhaist an t-iarUachtarán ar a bhriathra.

Deargamaidí, a déarfadh an Conallach.

Caint gan dealramh, a déarfadh an Duibhneach.

Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa.

Bhí tamall ann agus ní fada ó shin in aon chor é agus chuirfí fé choinnealbhá thú, a bhean uasail as a leithéid de bhriathra a scaoileadh as do bhéal.

Is dócha gur dul chun cinn beag é sin, cead aighnis a bheith ag an mbantracht.

Go dtí go dtagann na hamhailt amach as poll an iarta ar ndóigh…

A’ labhairt dó le hiriseán Íosánach sna Stáit Aontaithe i mí na Samhna, dhearbhaigh an Pápa Proinsias nach raibh aon éagóir á déanamh ar mhná gan cead a thabhairt dóibh a bheith ina sagairt.

Is bean í an Eaglais a dhearbhaigh sé. Is céile í an bhean. Tugtar aitheantas do dhínit na mná sa tslí san, a mhaígh sé.

I ríomhphost go dtí an Vatacáin, agus an Pápa Proinsias, dúirt Máire Mhic Giolla Íosa, le hábhairín den seanabhlas caithfear a admháil, gur mhór aici chomh dothuigthe is a bhí na ‘réasúin’ a thug sé.

Cúis gháire chugainn, a dúirt sí a raibh le rá aige ar an ábhar.

Nuair a bheidh scéal nua agat dúinn, a Phápa bheannaithe, ar sí, agus cur chuige nua i leith cearta mhná na hEaglaise Caitlicí, ná dearúd é a chur in iúl dúinn. Idir an dá linn, ar sí, lean ort a’ rámhaillí.

Ní gá a lua gur dhein sí sceanairt ar a chuid ‘argóintí’.

I mí Mheán Fómhair chuir sí r-phost eile go dtí an Pápa Proinsias ag éileamh go nglanfadh sé ón suíomh idirlín a chruthaigh sé sa bhliain 2016, ar mhaithe le ‘cúnamh tréadach don dteaghlach’, ráiteas a scrígh Terralingua, scoláire iomráiteach a saolaíodh sa bhliain 160AD.

’Críostaí’ mór le rá é ach amháin nuair is mná a bhí i gceist.

Chuir sé na seacht milleán ar an mbean as aon laige a bhí sa bhfireannach bocht . Ba í ba chúis le bás Íosa Críost é fhéin, fiú.

Abair ráiteas, mar a deir an Gael-Albanach.

Nach é an Pápa Proinsias a roghnaigh an duine ceart chun spreagadh a thabhairt do bhantracht na hEaglaise. Oraibhse gach milleán, bíodh a fhios agaibh.

Agus foréigean baile…sé sin foréigean na bhfear i gcoinne a bpáirtithe ina eipidéim, na Gardaí á nglaoch gach deich neomat mar gheall air…sa tírín álainn Críostaí seo, arb aon iontas dímheas ar an mbean a bheith ginte sa bhfireannach ag eaglais is cléir ó thús ama agus an chluas bhodhar á tabhairt ag ár bPápa álainn beannaithe d’aon achainí aitheantas macánta a thabhairt do dhínit na mban ar a dtéarmaí-san.

Is iontach an misneach atá ag an mbean uasal oilte san, Máire Mhic Giolla Íosa ag iomrascáil lena leithéid de dhaoine ‘beannaithe’ ná feiceann faic bunoscionn lena meon mídhaonna frithbhan.

Glac a fhaighir a chailín is bí buíoch.…

Cloíonn neart ceart. An té atá thuas óltar deoch air.

An té atá thíos buailtear cos uirthi

Ná ceap go bhfuil faic le foghlaim againne ó leath de dhaonra an domhain, a deir siad gan scáth gan náire.

Bhaineamar a gcumhacht is a ndínit d’Abmháithreacha cumhachtacha siar amach san 7ú haois, ná ceap go bhfuil aon chuimhneamh againn ár bport a athrú. A bhfuil againn coimeádfaimid greim air.

Agus Muire Máthair Dé ar tí a leanbh fireann a shaolú i stábla suarach i mBeithil á chomóradh ag Críostaithe, níl faic fágtha againn le rá léi ach….

Nollaig shona, a mháthair bheannaithe…bain sásamh as an stádas dara grád atá romhat sa tsaol.

Is go mbeirimid beo ar chothromaíocht lá éigin sara fada….

Fág freagra ar 'Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa…'

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosaimhín Ní Bheaglaoich, ‘Mo ghrá thú, a Mháire Mhic Giolla Íosa … Labhair an bhean arbh í ár nUachtarán tráth amach gan scáth gan náire, mar gheall ar an ráiteas “seafóideach míloighciúil” a deir sí a thug an Pápa,’ tuairisc.ie, Dé hAoine, Nollaig 23.

    Ní leis an Luath–Chríostaíocht a bhaineann an 7ú céad, ach leis an Meánaois. Níos faide anonn sa Mheánaois a tosaíodh ar mhná a bhrú amach as réimsí difriúla den saol, agus ba mar gheall ar athruithe ar an ngeilleagar é sin.

    Cad chuige don iar–Uachtarán Mhic Giolla Íosa litir chomh drochbhéasach sin a scríobh go dtí an Pápa, ceannasaí Eaglaise nár bhain sí féin go díreach léi, le blianta? Má dhéanann duine fadchónaí san eiriceacht, cuireann sé/sí coinnealbhá air féin/uirthi féin [Canóin 751 den Dlí Canónta]. An teagasc ar gan mná a oirniú ina sagairt, is teagasc deifnídeach do–earráide é sin. Eiriceacht is ea é ag Caitliceach leanúint air/uirthi ag diúltú dó. Dá dtabharfadh an t-iar-Uachtarán go drochbhéasach faoi lucht ceannais creideamh eile, cuir i gcás lucht ceannais na nGiúdach, nó na Muslamach, bheadh míle murdar ann, agus ní chloisfí a dheireadh go brách.

    Cuireadh an t-iar-Uachtarán creideamh dá cuid féin ar bun, agus ainmníodh sí í féin ina Páipseach [ina Pápa mná] ar an gcreideamh nua. Agus oirníodh sí Seosaimhín Ní Bheaglaoich ina sagairtseach, ina hEaspaigseach, agus ina Cairdinéilseach. Tar éis an tsaoil, sin é a dhéanann na Protastúnaigh, nuair a éiríonn sí bailithe den ghéag den Phrotastúnachas a mbaineann siad féin léi. Tá na deicheanna de mhílte de sheicteanna Protastúnacha anois ann, agus is ag méadú ar a líon atá.

    Ní thugann Seosaimhín cur síos ar bith dúinn ar na hargóintí ag M.N.G.Í. ar son mná a oirniú ina sagairt. Chomh fada le cúrsaí milleáin de, cé a d’ith toradh an chrainn i dtosach i nGairdín Pharthais? Éabha, gan amhras. Cé air ar cuireadh a mhilleán riamh ó shin? Ar Ádhamh, céile Éabha. Ní hé ‘peaca Éabha’ a thugtar ar Pheaca an tSinsir ach ‘Peaca Ádhaimh’! Déanann diagaithe Caitliceacha amach, dá gceartódh Ádhamh Éabha ar an bpointe, agus dá ngabhfadh sise a leithscéal le Dia, nach é Peaca an tSinsir a bheadh ann, agus nach mbeadh iarmhairt ar bith bhuan don chine daonna ann sin. Ach ní hin é a rinne Ádhamh, ach an toradh a ithe é féin! Is iad príomh–iarmhairtí Pheaca an tSinsir don duine an ainmhian: ainmhian na colainne; ainmhian na súl [gach uile shaghas sainte]; agus uabhar beatha/mian saoil –– mar shampla, uaireanta cuirtear duine i gceannas ar oifig éigin ar mó is oilte na daoine a bhíonn ag obair san oifig aige, ná é féin, agus nach mbíonn sé d’umhlaíocht ag an gceannasaí é sin a thuiscint.

    ‘tírín álainn Críostaí’ í Éire, dar le Seosaimhín. Is fada gur thosaigh Éire ar scaradh leis an Eaglais Chailticeach. Tír Phrotastúnach liobrálach is ea Éire an lae inniu, ach leantar de bheith ag cur mhilleán gach uile pheaca ar na Caitlicigh. Cad chuige nach ar an bProtastúnachas liobrálach a chuirfí milleán fhoréigean na bhfear i gcoinne na mban sa lá atá inniu ann?

    Is tagairt bhlaisféimeach a dhéanann Seosaimhín don Mhaighdean Mhuire i ndeireadh an ailt aici: ‘bain sásamh as an stádas dara grád atá romhat sa tsaol.’ Fada ó shin a chuaigh Muire ar neamh. Níl aon ní in aon chor roimpi ar an saol seo. Creidimidne Caitlicigh gurb í Muire an bhean is cumhachtaí riamh. Is mó a cumhacht spioradálta-sa ná cumhacht na naomh go léir agus í a chur le chéile. Níor oirníodh Muire ina sagart agus í ar an saol seo. Ní raibh sé sin ag cur aon mhairge uirthi.

    Dia ann féin, níl sé fireann ná baineann. Is spiorad is ea Dia, agus ní bhaineann inscne leis.
    Tá dlúthbhaint ag aontumha na cléire, leis an teagasc ar gan mná a oirniú ina sagairt. Ba mhar a chéile fear ar aontumha ag formhór na nGiúdach aimsir Chríost, agus coillteán, agus thugadh cuid de na Giúdaigh ainmneacha diamhaslacha ar Chríost, dá réir sin, agus é ar an saol seo. Bhí aon ghéag amháin den Ghiúdachas a chleacht an aontumha, agus ba iad sin na hEiséanaigh, an ghéag a raibh mainistir i gCumrán acu, ar an taobh thiar thuaidh den Mhuir Mharbh. Bhí an tEiséanachas an-chosúil leis an gCríostaíocht, ach chuir cuid de na hEiséanaigh féin i gcoinne na Críostaíochta. Déanann an Dr John Bergsma amach go raibh Eoin Baiste tamall ina Eiséanach, ach gur dhíbir na hEiséanaigh é mar gur chreid Eoin Baiste nach do na Giúdaigh amháin an creideamh, ach do gach uile dhuine. Creidtear gur tháinig Eoin Soiscéalaí, Marcas Soiscéalaí, agus Naomh Pól, faoi anáil an Eiséanachais. Bhí ceantar Eiséanach in Iarúsailéim aimsir Chríost, agus is ann a chaith Críost, agus a chuid Aspal, an Suipéar Déanach.

    Deirtear i dtaobh an tsagairt gur in persona Christi capitis atá sé, is é sin, ‘i bpearsa Chríost, an Ceann’. Ní pearsa dhaonna é Críost, ach Pearsa Dhiaga [an Dara Pearsa den Tríonóid] a ghlac an nádúr daonna air féin. Ní féidir an Chríostaíocht a thuiscint mura nglactar leis gur ón nGiúdachas a d’eascair sí. Giúdaigh a iompaíonn ina gCaitlicigh, aithníonn siad gan dua a Ghiúdaí is atá an Caitliceachas. Is fir amháin a bhí ina sagairt ag na Giúdaigh. Fear is ea Críost, ach ní ‘fear ceart’ ba ea é, dar lena lán Giúdach, agus Críost ar an saol seo. Ar feadh an chuid is mó den Sean–Tiomna, is beag creideamh a bhí ag na Giúdaigh sa tsíoraíocht. Ní raibh de shíoraíocht ann, dar leis na Sean–Ghiúdaigh, ach sliocht a bheith ort, agus sliocht sleachta a bheith orthu seo, agus mar sin ar aghaidh. Chuir Críost deireadh leis an tuiscint sin. Is í an atharthacht spioradálta an atharthacht cheart, mar a mheabhraíonn Scott Hahn dúinn, i leabhar leis–sean, Few are chosen.

    Triúr Pearsan na Tríonóide, tá siad ar comhchéim le chéile. Á shíorghiniúint ón Athair a bhíonn Críost – ní hamhlaidh a cruthaíodh Críost, ach é ar comhshubstaint leis an Athair; agus is trí Chríost a cruthaíodh gach uile ní. Síorghiniúint Chríost, is giniúint shárfhireann í sin ag Dia an tAthair. Is é an saghas Spioraid é an Spiorad Naomh, comh–análú ón Athair agus ón Mac. Is ról sárfhireann é sin ag an Athair agus ag an Mac le chéile. Deir Críost linn gur chun toil an Athar a dhéanamh a tháinig sé féin ar an saol. Is ról sárbhaineann a bhí ag Críost i leith an Athar, agus Críost ar an saol seo. Ach Críost, agus é i mbun an creideamh a theagasc do na Giúdaigh, agus tríothusan dúinne, is ról sárfhireann é sin; ní ról baineann ná sárbhaineann é. Is ról sárfhireann ba ea Críost a fháil bháis ar an gCros. Agus is ról sárfhireann a bhíonn ag an Spiorad Naomh, agus an Spiorad Naomh ‘ag athnuachan aghaidh na talún’.

    Is ábhar an–chasta é sin. Bíonn an dá ról, an ról sárfhireann, agus an ról sárbhaineann, ag gach uile Phearsa den Tríonóid. Ról tabhartha is ea an ról fireann; agus is ról glactha is ea an ról baineann. In íomhá Dé a cruthaíodh an duine daonna, idir fhireann agus bhaineann. Agus ná dearmadaimis gur ag plé leis an analach atáimid, agus sinn ag cur síos ar Dhia ar an tslí sin. Dá mhéad an chosúlacht a bhíonn ann, is ea is mó an neamhchosúlacht, tharla difríocht éigríochta a bheith idir Dia agus an créatúr.

    Tá cur síos an–inspéise ag David L. Schindler ar na cúrsaí sin in aiste leis–sean dar teideal ‘Catholic theology, gender, and the future of Western civilization’, Communio –– International Catholic Review (Samhradh 1993) lgh 200–239; lgh 206–209 go háirithe. Is bunaithe ar theagasc Hans Urs von Balthasar atá an aiste sin le Schindler. Diagaire ba ea Balthasar a raibh an–mheas ag Eoin Pól II air. Ón Eilvéis ba ea Balthasar, ach chuaigh an fear bocht as a mheabhair i ndeireadh a shaoil –– le bheith ag plé leis na cártaí Tarot.

    Dá réir sin, ní giniúint chorpartha go díreach a dhéanann Dia orainne, ach giniúint spioradálta. Is ó Dhia go díreach anam gach uile dhuine againn. Is é an fear a chuireann tús le giniúint an duine go corpartha, ach mura nglacann an bhean leis an bhfear, ní bhíonn giniúint ar bith ann, faoi bhun an fear an bhean a éigniú. Ní éigniú spioradálta a dhéanann Críost orainne. Tá cead againn diúltú dó. Is é teagasc na Siúrach Faustina Naofa Kowalska gur trí bhabhta a thabharfaidh Críost turas orainne agus sinn ag fáil bháis. Má leanaimidne orainn ag diúltú do Chríost, tabharfaidh Críost cead dúinn dul go hIfreann, ach is le grá dúinn a thabharfaidh Críost an cead sin. Dúirt Naomh Padre Pio an rud céanna beagnach –– ach gurb aon bhabhta amháin a thabharfadh Críost turas den saghas sin orainne, agus sinn ag fáil bháis.

    Nollaig faoi Mhaise is faoi Áthas do léitheoirí agus d’údair tuairisc.ie go léir, agus Bliain Nua faoi Chompord.

  • jpmorley0@gmail.com

    Is mithid di Eaglais na Róimhe a fhágáil anois agus gan bheith ár mbodhradh níos mó lena cuid pápaireachta féin ná lena ceartchreideamh cráite féin. Is follas nach mbeadh an Eaglais (Eaglais ar bith) fairsing a dóthain ná mór ná maith a dóthain do Ghiolla Íosa agus don Phápa…(Pápa ar bith). Nó, neachtar acu…a hEaglais féin a bhunú ‘na Giollaí Íosa’ agus í féin mar Phápa… cé eile?