Mná ar ioncam íseal is measa a bhíonn buailte ag polasaithe cánach agus buiséid

De réir taighde nua ní hionann an chaoi a dtéann polasaithe cánach agus leasa shóisialaigh i bhfeidhm ar fhir agus ar mhná

Mná ar ioncam íseal is measa a bhíonn buailte ag polasaithe cánach agus buiséid

Léirítear sa taighde is déanaí atá déanta ag an ESRI, taighde a choimisiúnaigh Oifig Buiséid na Dála, gur measa a bhuail na hathruithe a rinneadh ar an gcóras cánach agus an córas leasa shóisialaigh idir 2008 agus 2018 ioncam na mban ná ioncam na bhfear.

Bhí an difríocht sa tionchar sin níos suntasaí i mblianta na mbuiséad déine idir 2008-2012 ach bhí na leasuithe a rinneadh ar na polasaithe sin idir 2013-2018 níos neodraí ó thaobh inscne de.

Deirtear gurb é an tsiocair is mó leis an difríocht a bhíonn idir an tionchar a bhí ag polasaí buiséid ar mhná agus ar fhir le deich mbliana anuas gur iondúla mná ná fir ina dtuismitheoirí aonair, gur minice nach mbíonn mná gníomhach  sa lucht saothair agus gur minice iad ag fáil tacaíochta dá bpáistí.

De réir an taighde, ní raibh aon difríocht sa tionchar a bhí ag an bpolasaí buiséid ar fhir agus mná single nach raibh aon pháistí acu. Maítear freisin nach bhfuil aon fhianaise ann go raibh aon tionchar ar bhonn inscne ag na polasaithe sin ar fhir agus mná a íoctar as a gcuid oibre.

Deirtear i dtaighde an ERSI, áfach, gur fíor a rá gur chaill tuismitheoirí aonair, ar mná a bhformhór, níos mó de bharr polasaithe buiséid le deich mbliana anuas ná a chaill daoine single nach raibh aon pháistí acu.

I gcás lánúineacha, deirtear gur mhó an laghdú a tháinig ar ioncam diúscartha na mná ná ioncam a fir chéile, go háirithe sna líonta tí sin ina bhfuil páistí. Deirtear nach mbíonn an difríocht sin chomh feiceálach mar gur minic le lánúineacha a gcuid acmhainní a roinnt.

An laghdú ar an Liúntas Leanaí agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile le linn tréimhse na déine is mó a luaitear leis an difríocht sa tionchar ar bhonn inscne. Deirtear nach raibh an t-ardú ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar aon chéim leis an mboilsciú, fiú nuair a thosaigh an eacnamaíocht ag téarnamh. Dá bharr sin, de réir an taighde, b’amhlaidh gur sa leath is boichte den phobal ba mheasa a bhí tionchar na n-athruithe ar cháin agus ar leasa sóisialacha le feiceáil. Sna cásanna sin gur measa a bhuail na hathruithe cánach agus leasa shóisialaigh mná ná fir, bhí an difríocht sin níos suntasaí i measc mná agus fir i líonta tí a bhí ar ioncam íseal.

Dúirt an Dr Karina Doorley, údar na tuarascála, nach ionann an tslí a théann na polasaithe seo i bhfeidhm ar fhir agus ar mhná.

“Cé nach iondúil go ndéantar idirdhealú a bhíonn bunaithe ar inscne i bpolasaithe cánach agus leasa shóisialaigh, ní hionann an chaoi a dtéann siad i bhfeidhm ar fhir agus ar mhná.

“Is iondúil go mbíonn ioncam na bhfear níos airde, rud a fhágann go mbíonn dliteanas cánach agus teidlíocht leasa éagsúil acu. Leis an uirlis bhuiséadaithe inscne atá forbartha ag an tionscadal seo, beidh sé níos éasca amach anseo an tionchar ar bhonn inscne a bheidh ag athruithe buiséid a mheas agus sin céim thábhachtach i gcur chun cinn an chomhionannais inscne in Éirinn,” a dúirt an Dr Karina Doorley, údar na tuarascála.

Dúirt Annette Connolly, Stiúrthóir Oifig Buiséid na Dála go léiríonn an tuarascáil seo, a choimisiúnaigh a hoifig féin, an chaoi “a bhféadfadh polasaí fioscach tionchar éagsúil a bheith aige ar mhná agus ar fhir, go háirithe nuair a chuirtear na difríochtaí socheacnamaíochta san áireamh”. Mhaígh sí chomh maith go raibh an Rialtas tiomanta de an scéim phíolótach, Buiséadú Comhionannais 2017, a leathnú amach go dtí réimsí comhionannais eile, agus mar sin go mbeifear “ábalta profáil inscne a dhéanamh ar pholasaithe buiséid i mBuiséad 2020 agus sna buiséid ina dhiaidh sin”.

Fág freagra ar 'Mná ar ioncam íseal is measa a bhíonn buailte ag polasaithe cánach agus buiséid'