Míshuaimhneas faoi leagan Gaeilge den fhocal ‘Hygge’

Tá Gaeilge curtha ag áisíneacht turasóireachta na hAlban VisitScotland ar an gcoincheap ón Danmhairg ‘Hygge’, ach ní hé gach aon duine atá sásta

Míshuaimhneas faoi leagan Gaeilge den fhocal ‘Hygge’

Tá Gaeilge curtha ag VisitScotland ar an gcoincheap cáiliúil ‘Hygge’ agus an focal ‘Còsagach’ roghnaithe acu dá bhfeachtas poiblíochta nua chun turasóirí a mhealladh chun na hAlban.

Ciallaíonn ‘Hygge’ braistint na teolaíochta agus na sócúlachta a fhágann duine ar a shuaimhneas, ach ní hé gach duine atá sásta faoin leagan Gaeilge atá curtha ar an gcoincheap cáiliúil ón Danmhairg.

Dar leis an scríbhneoir agus cainteoir Gàidhlig  Calum L. MacLeòid nach bhfuil an focalCòsagach’ i gcaint na ndaoine agus fiú dá mbeadh nach é a roghnódh cainteoir Gàidhlig toisc a chóngaraí is atá sé do bhríonna eile nach bhfuil rótharraingteach.

I gcolún a scríobh sé don iris ar líne BellaCaledonia, dúirt MacLeòid gur chuardaigh sé na foclóirí agus nár aimsigh sé an focal Còsagach’ agus gan leis ach an bhrí ‘cosy’ agus ‘snug’.

“Is ann do Còsagach i bhfoclóir Edward Dwelly, ach ansin féin, tráthúil go leor, is é an phríomhbhrí a a luaitear leis ná ‘full of holes or crevices’,” a scríobh MacLeòid.

Dúirt an scríbhneoir Gàidhlig gur léir an meon a bhí ag VisitScotland agus a rogha á déanamh acu.

“Is léir an teachtaireacht sa mheon atá acu: Tá an Gàidhlig seanaimseartha ó nádúr agus ní labhraíonn aon duine í. Nó is cuma faoi aon duine a úsáideann í,” a deir MacLeòid.


IS FÉIDIR AN tALT ‘The Gaelic  Hygge’ A LÉAMH ANSEO


Dúirt duine eile a ghlac páirt sa phlé ar líne a spreag alt MacLeòid gur dóigh leis gurb ionann brí do Còsagach’ agus ‘Còsach’, a chiallaíonn talamh fliuch atá lán le caonach.

Maidir le leagan Gaeilge de ‘Hygge’, phléigh an t-aistritheoir agus scríbhneoir aitheanta Antain Mac Lochlainn an t-ábhar sin ar an suíomh seo cheana.

“Fós féin, déanaim amach nach fiú i gcónaí téarma deas néata a chumadh le freastal ar fhocail fhaiseanta nach bhfuil saol fada i ndán dóibh. Iarradh orm le gairid Gaeilge a chur ar an fhocal Danmhairgise hygge.

“Chuaigh mé a útamáil le focail mar ‘seascair’ agus ‘teolaí’ ach is cosúil go bhfuil an coincheap níos gabhlánaí agus níos caolchúisí ná sin. Faoi dheireadh ama, d’fhiafraigh mé díom féin cad chuige (nó cad hygge) a mbeinn leis,” a scríobh Mac Lochlainn ina cholún Friotal. 

Is cosúil go bhfuil VisitScotland féin sásta go maith lena leagan Gaeilge de hygge.

“…Scotland is a perfect place for your well-being, so perfect in fact that a word of Scottish origin has been dedicated to that feeling of being snug, sheltered, or cosy; Còsagach…

“Scotland is a country where Còsagach can be achieved in all seasons, but it’s winter when it comes into its own.”

Fág freagra ar 'Míshuaimhneas faoi leagan Gaeilge den fhocal ‘Hygge’'

  • Léitheoir

    ‘Gàidhlig’ nó ‘Gaeilge na hAlban’ a thugtar ar an teanga Ghaelach sin as Albain! Cheap mé gur Gaeilge na hÉireann a bhí i gceist ar dtús san alt.

    Agus pointe eile – an gá chuile ní a aistriú? Nach féidir glacadh leis an bhfocal ‘Hygge’ ann féin? Tá cáil ar an téarma sin mar gheall nach bhfuil a mhacasamhail le fáil i dteangacha eile. Ní dóigh go ndearnadh iarracht an focal a aistriú go Béarla fiú!

  • Glór Í Eo

    Agus nach bhfuil ár bhfocal ar leith féin againn i.e. craic? Sin atá á lorg ag cuairteoirí don tír s’ againne. Hygge mo thóin!