Míshástacht faoi thús áite a bheith tugtha d’Indreabhán ó thaobh leathanbhanda

Tá an tSeirbhís Náisiúnta Leathanbhanda ag súil go mbeidh an tseirbhís á feistiú in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara idir Eanáir agus Márta 2022, rud a chothaigh míshástacht ag cruinniú Chomhairle Chontae na Gaillimhe

Míshástacht faoi thús áite a bheith tugtha d’Indreabhán ó thaobh leathanbhanda

“Tuige a gcuirfí ceantar Indreabháin i gConamara roimh cheantar Thuama i dtuaisceart na Gaillimhe?”

An Comhairleoir Contae, Colm Keaveney as Tuaim a chuir an cheist sin ag cruinniú de Chomhairle Chontae na Gaillimhe an tseachtain seo. An leathnú ar an gcóras leathanbhanda agus obair na Seirbhíse Náisiúnta Leathanbhanda a bhí faoi chaibidil. Bhí Joe Lavan, Príomh-Oifigeach Tráchtála na Seirbhíse ag tabhairt tuairisce do Chomhairleoirí Chontae na Gaillimhe faoin dul chun cinn a bhíothas a dhéanamh ar an bplean seacht mbliana atá acusan le seirbhís leathanbhanda den chéadscoth a chur ar fáil i chuile theach sa tír. Dhá bhliain den tréimhse seacht mbliana atá caite anois.

Indreabhán an t-aon áit taobh thiar den Choirib atá sa gcomhaireamh go láidir faoi láthair sna pleananna atá ag an tSeirbhís Náisiúnta Leathanbhanda.

Táthar ag súil go mbeidh an tseirbhís á feistiú in Indreabhán i nGaeltacht Chonamara idir Eanáir agus Márta 2022.

D’iarr Comhairleoirí Chonamara uilig go dtabharfaí barúil dóibh faoin achar a bheadh le fanacht ag a gceantracha féin agus tugadh geallúint go bhféachfaí leis sin a dhéanamh. D’fhéadfadh fanacht cúig bliana eile a bheith ar an áit a bheidh ag ceann thiar na líne. 

Bunaíodh an tseirbhís seo lena chinntiú nach bhfágfaí teach ar bith i bPoblacht na hÉireann d’uireasa an leathanbhanda éifeachtaigh. Is é an dualgas atá orthu ná na bearnaí – agus tá go leor acu ann – atá fágtha ag comhlacht Eir (nó Eircom mar a thugtaí orthu) a líonadh. Tá Eir ag coinneáil go mór ina gcuid gníomhaíochtaí leathanbhanda leis na cathracha agus na bailte móra. Sna ceantracha láidre daonra agus gnó atá an bhuachtáil airgid le fáil ar na seirbhísí seo agus ba ansin a chaith Eir ancaire. 

Mhínigh Joe Lavan ón tSeirbhís Náisiúnta Leathanbhanda go raibh obair ollmhór le déanamh ar fud na tíre leis na bearnaí a líonadh. Beidh 142,000 ciliméadar de línte snáthoptaice le feistiú agus, faoin tráth seo, tá an tseirbhís le cur isteach i 544,000 teach. Chuile sheans go mbeidh an líon sin tithe méadaithe idir seo agus deireadh thréimhse an phlean seacht mbliana. 

Beidh €173 milliún á chaitheamh ar fhorbairt na seirbhíse i gcontae na Gaillimhe. 

Dúirt Joe Lavan go mbeadh, ar a laghad, 500 meigighiotán téagair sa tseirbhís i chuile theach nuair a bheadh an clár forbartha críochnaithe. Bheadh an cábla snáthoptaice ag dul isteach i mórán chuile theach. Glactar leis gurb é an bealach is éifeachtaí faoi láthair le seirbhís mhaith a chur ar fáil. Is féidir freisin, gan mórán anró ná costas, tuilleadh fuinnimh a chur tríd an líne snáthoptaice, má bhíonn sin ag teastáil sna blianta amach romhainn, a deir an tUasal Lavan. 

D’fhéadfadh sé go mbeadh fíorbheagán tithe a dteastódh córas éigin eile iontu, a dúirt Joe Lavan, urlabhraí na Seirbhíse Náisiúnta Leathanbhanda. “Cuir i gcás teach amuigh ar thaobh cnoic. Thiocfadh an-chaiteachas airgid i gceist i gcás mar sin agus chaithfí córas eile a thriail.”

Scéal cráite a bhí ag an gComhairleoir Colm Keavney as Fianna Fáil faoi cheantar Thuama. Bheadh sé chomh dóigh céanna go gcaillfeadh Tuaim postanna agus tionscail agus go gcrochfadh daoine a gcuid seolta go háit éigean eile, a deir Colm Keaveney ó tharla Tuaim a bheith á fhágáil ar an méar fhada. “Tuige a ndéanfaí neamhshuim mar seo don bhaile mór is mó sa gcontae anois?” a d’fhiafraigh sé. Ach ní mar sin uilig go léir a chonaic Donagh Killilea, Fianna Fáil, as tuaisceart na Gaillimhe an saol agus an scéal. 

“Ba mhaith liom a rá anseo go bhfuil baile mór Thuama oscailte do ghnóthaí agus do thionscail. Cuimhnigh go bhfuil leathanbhanda ar ardchaighdeán ar fáil ar fud an bhaile mhóir cheana féin mar go bhfuil sé curtha ar fáil cheana féin ag an gcomhlacht Eir,” a dúirt Donagh Killilea. 

Ghlac Killilea leis go bhfuil bailte eile i dtuaisceart na Gaillimhe d’uireasa an leathanbhanda fós agus go mbeadh cuid acu i gcomharsanacht Thuama. 

Déanann an tSeirbhís Náisiúnta Leathanbhanda tomhas, scagadh agus leagan amach ar chúrsaí réigiúnacha agus áitiúla an chórais snáthoptaice agus is nuair a bhíonn chuile shórt faoi réir a fhaightear comhlacht a dhéanfaidh an obair. Glacann Joe Lavan leis go mbeadh sé níos fusa agus níos saoire tosú ar chontae amháin agus é a chríochnú agus leanacht ar aghaidh ó chontae go contae. Ach sé an polasaí atá ann, a deir sé, go ndéantar roinnt áirithe i chuile chontae agus go leantar ar aghaidh mar sin. Ar an gcaoi sin féin, beidh daoine chun tosaigh agus daoine chun deiridh sa chontae céanna, a deir Lavan. 

Fuair Lavan tacaíocht ón gComhairleoir Gaeltachta Tomás Ó Curraoin. “Tuigim do chás. Is minic a bhí mé síos go básta sa bpuiteach i Sasana ag plé le hobair mar sin agus sé a thús agus a dheireadh go mbeidh duine nó teach éigin ar cheann na líne agus duine nó teach fágtha ar deireadh. Ní féidir é a sheachaint,” arsa an Curraoineach.

“Ach tuige Indreabhán seachas Tuaim?” a d’fhiafraigh an Comhairleoir Colm Keaveney. Dúirt Joe Lavan, urlabhraí na Seirbhíse Náisiúnta Leathanbhanda, go mbíonn cúrsaí teicniúla infreastruchtúir i gceist scaití – ar nós fostáisiún agus a leithéid. Agus mar bhuille scoir, dúirt sé nach raibh aon cheantar níos tábhachtaí ná aon cheantar eile i súile lucht na seirbhíse. 

Fág freagra ar 'Míshástacht faoi thús áite a bheith tugtha d’Indreabhán ó thaobh leathanbhanda'