Mise agus mo mháthair – ‘Is í mo mháthair mo chara cléibh, an lóchrann dom agus mo chomrádaí saoil’

Agus Lá na Máithreacha á cheiliúradh inniu, labhair Tuairisc.ie le roinnt Gael aitheanta faoina gcuid máithreacha

Mise agus mo mháthair – ‘Is í mo mháthair mo chara cléibh, an lóchrann dom agus mo chomrádaí saoil’

Mairéad Ní Chuaig (TG4) – Maggie Uí Chuaig

Dá mbronntaí ormsa amárach éirim agus cumas teanga Shakespeare, ardrí na litríochta, fós féin ní bheadh na focail agam leis an moladh atá tuillte ag mo mháthair Maggie, a thabhairt di. Is í an bhean is inspioráidí ar m’aithne. Rinne sí gaiscí móra mar aisteoir stáitse agus teilifíse, bhí sí seal mar chraoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus ghlac sí páirt i scannán Bob Quinn, Poitín, an chéad scannán lánfhada i nGaeilge a rinneadh. Is í an chuimhne is gaire do mo chroí a bheith suite ar chúl stáitse i mo ghasúr agus mé faoi dhraíocht aici le linn di a bheith ag glacadh páirt sa dráma ‘Sadhbh’ sa Taibhdhearc.

Máthair seachtar clainne í agus í ina seanmháthair ghrámhar ag beirt anois.
Is é creideamh na mBúdaíoch go roghnaíonn an t-anam a thuismitheoirí roimh theacht ar an saol dó. Is í mo mháthair mo chara cléibh, an lóchrann dom agus mo chomrádaí saoil. Is uaithi a thug mé mo ghrá don amharclann, don bhia agus don taisteal. Is é mo dhóchas go mbeidh a gáire croíúil, a craiceann álainn agus a dea-chroí mar oidhreacht agamsa.

 

Colm Ó Snodaigh (Kíla) – Cliodhna Cussen

Seisear buachaillí faoina cúram. Tigh lán agus tá mé cinnte go raibh a ceann lán agus muid ag pléascadh le fuinneamh ó bhreacadh an lae go deireadh na hoíche. Nuair a bhí Rossa (an duine ab óige againn) timpeall a cúig déag ní raibh uirthi an méid céanna ama a chaitheamh ag tabhairt aire dúinn agus bhí níos mó ama aici le caitheamh ar a cuid ealaíne. Bhraitheas feabhas mór ag teacht ar a cuid oibre sa chéad deich mbliana eile agus a haigne saor ó chlampar na clainne!

Beagnach i ngan fhios dúinn freisin bhíodh sí i mbun pinn go rialta. Leabhair do pháistí den chuid is mó. Dhéanadh sí obair orthu – idir scríobh agus ealaín – nuair a bhímis inár suan. Sílim go bhfuil níos mó leabhar scríofa aici ná an chuid eile dínn curtha le chéile (mo Dhaid san áireamh).

Foilsíodh a céad cheann ‘Sifíní’ agus í beagnach seachtó agus a tríú leabhar filíochta ‘Idir Dhá Sháile’ le coicís anuas. Agus braithim an feabhas céanna ina cuid scríbhneoireachta is a bhraitheas lena healaín. Caithfidh go bhfuil a haigne saor ó chlampar éigin!

 

Pádraigín Ní Uallacháin – Eithne (Ní Dhoibhlin) Uí Uallacháin

Chím í lena baclainn lán de bhláthanna an tsamhraidh, ag siúl na páirce agus scata dínn ag damhsa is ag spraoi ar lorg a coise.
Chím í ceann cromtha ag doras an tí, ag fanacht ar chónra a mic ab óige, é ag pilleadh abhaile chuici, oíche fhuar reoite san Earrach.
Chím í oíche Bhealtaine, ag cuimilt éadan a hiníne, sínte os cionn cláir, agus í balbh le brón.
Chím í faoi sholas geal íseal an gheimhridh, a hanáil ag dul as agus aoibh osnádúrtha an tsuaimhnis ar a grua.

Eithne (Ní Dhoibhlin) Uí Uallacháin (1920-2017)

 

Naoise Ó Cairealláin (aka Moglaí Bap ó KNEECAP) – Aoife Ní Riain

Ní dhéanfaidh mé dearmad ar na laethanta a chuidigh tú liom nuair a bhí mé ag mothú cac, ní fhaca éinne eile é ach is cuimhin liomsa! Ní dhéanfaidh mé dearmad ar an ghrá gan chuimse, fiú amháin i ndiaidh dom tine a chur le cairpéad agus i ndiaidh dom na mílte punt a chailleadh. Ba chuma faoi na heachtraí, is féidir brath ort i gcónaí. Ní raibh éinne eile thart ag an am, ní fhaca éinne eile é, cibé, ach is cuimhin liom thú. Agus fanfaidh sé liom go deo! Seo teachtaireacht bheag do na Mamaithe ar fud an domhain a bhíonn ag tógáil a bpáistí leo féin! Níl sé furasta, agus is minic nach bhfaightear an buíochas nuair atá sé tuillte. Sílim gur lá maith é seo cuimhneamh a dhéanamh air sin! Na Máithreacha abú!

 

Brídín Ní Mhaoldomhnaigh (Ros na Rún) – Bríd Ní Bhaicéir 

Na rudaí beaga. Na siúlóidí cois trá, na spins sa charr ar an Domhnach, na cláracha teilifíse ab fhearr linn. An aghaidh is deise, le gliondar ina súile, meangadh gáire ar a haghaidh agus muid sna trithí ag gáire faoi rud ar bith. An titim amach faoi stócaigh,
smideadh agus bróga sála arda – ó ‘agus ná labhair liom faoi obair bhaile!’ Í do mo mhúscailt ar maidin agus ag caint leis an mhadra thíos staighre – nó leis an hoover! Boladh breá ón dinnéar is fearr liom ag líonadh na cistine agus Cas Ceirnín le cloisteáil ar an raidió. “An gcuirfidh muid request isteach don chraic?!” a deireadh sí. Is mó a fhanann na rudaí beaga leat – glac uaimse é. In ómós do mo mháthair Bríd Ní Bhaicéir a cailleadh ar an 04/02/10.

 

Barbara Nic Dhonnacha (4fm) –Úna Nic Dhonnacha

Bhí ríomhaire sa mbaile riamh. Is cuimhin liom an chéad uair ar úsáid mé Mac agus freisin nuair a thaispeáin mo Mhama dom cén chaoi orduithe a thabhairt do MS-Dos. Ní haon saineolaí ríomhairí mé ach bhí suim agam i gcónaí sa teicneolaíocht agus thug mo mháthair misneach dom leanacht orm ag baint triail as rudaí. Is saineolaí ríomhairí í Úna. Duine ar féidir léi, ní hamháin ríomhchlárú a dhéanamh, ach crua-earraí an ríomhaire a chur le chéile chomh maith. Bhí sí riamh go maith le cáblaí! Má theastaíonn plocóid nó cábla ar bith uait, beidh siad ag Mam!

Fág freagra ar 'Mise agus mo mháthair – ‘Is í mo mháthair mo chara cléibh, an lóchrann dom agus mo chomrádaí saoil’'