MISE AGUS AN GHAELTACHT: Shíl mé gur theanga eile ar fad a bhí Christy agus Máirtín a labhairt

Is í Gaeltacht Chonamara is mó a chuaigh i gcion orm, mar suas leis an tríú cuid de na diabhail a bhí in aon rang liom i meánscoil na nÍosánach sa gcathair, ba de bhunadh na Gaeltachta iad

MISE AGUS AN GHAELTACHT: Shíl mé gur theanga eile ar fad a bhí Christy agus Máirtín a labhairt

Trí thír, trí theanga: sin é an tuiscint a bhí agam féin ar an saol agus mé ag éirí aníos i nGaillimh sna seachtóidí. Bhí dúchas mo mháthar ann sa mBreatain Bheag áit a raibh an Bhreatnais. Bhí dúchas m’athar ann i nGalltacht na hÉireann áit a raibh an Béarla. Agus bhí tír na Gaeltachta ann, ní hamháin ó Bhearna go Carna, ach ar an Eachréidh taobh thoir den Choirib, agus as sin suas go Dúiche Sheoigheach.

Is í Gaeltacht Chonamara is mó a chuaigh i gcion orm, mar suas leis an tríú cuid de na diabhail a bhí in aon rang liom i meánscoil na nÍosánach sa gcathair, ba de bhunadh na Gaeltachta iad. Bhí clann an Spidéil ann, duine as Liopa, duine as Both Loiscthe, duine as Both Chuanna. Bhí duine ann ó Chor na Rón, duine as Doire an Fhéich, agus duine aniar as Oileán Mhaínse. Bíodh is gur trí Ghaeilge a bhí mo chuid bunscolaíochta déanta agam, shíl mé gur theanga eile ar fad a bhí Christy agus Máirtín a labhairt, Eoin agus Cillian, Seán agus Ruairí.

Seachas corroíche Shathairn i gColáiste Chonnacht ag headbang-áil, agus corrDhomhnach ag iascach i dTulach na nUan sna báid a bhíodh Sean-Phaitsí a ligean ar cíos, is beag deis a bhí agam cónaí a dhéanamh sa nGaeltacht sular fhág mé an scoil. Ach bhíodh aonach na Gaillimhe ann maidin Dé Sathairn.

D’fheicfeá fir na Ceathrún Rua ag ceann na Faiche Móire, caipín speice orthu, treabhsar ceanneasna, veist nó báinín. Sin sna h80idí.

Ní raibh mé in aois mo phionta an t-am sin, ach ba chuma sin, mar is sa mbeár in Óstán an Imperial a chloisfeá an seanchas blasta nuair a bheadh an díol agus an ceannacht déanta ag daoine agus iad ag fanacht ar an mbus.

Pé scéal é, lá dá raibh comhluadar istigh, tharla go raibh an teilifís ag cur de. Ní mórán breathnú a bhí daoine a dhéanamh uirthi, ach ba dheacair neamhaird a dhéanamh di. Sin é an t-am ar tháinig. ‘Double Ó7’ isteach. Sin é an leasainm a bhí ar an amhránaí Seán Ó Conaire as Ros Muc. Is ó dhuine d’aisteoirí James Bond 007 a baisteadh an leasainm air. Bhí máilín ar iompar ag Double OO agus cúpla breac thíos ann a bhí faighte aige le haghaidh a dhinnéir.

Thug Double 00 an chéad bhreathnú ar an áit, an dara breathnú ar na daoine, agus an tríú breathnú ar an teilifís, chroch an máilín san aer, agus bhuail faoi cheann de na boird é le faghair, le fíoch agus le fonn.

D’fheicfeá na putóga éisc ag sileadh agus an dá shúil lasta ina cheann: ‘Connemara people don’t watch no f*** television,’ a deir sé.

Sin mar a bhí i nGaillimh an uair úd. Sin cuid den Ghaeltacht a chonaic mise.

Is beag a shíl muid go mbeadh Teilifís na Gaeilge ar an Tulaigh deich mbliana dár gcionn! Tá dhá amhrán ó bhéal Sheáin Uí Chonaire le cloisteáil ar an albam The Mist Covered Mountain le Dé Danann.

Fág freagra ar 'MISE AGUS AN GHAELTACHT: Shíl mé gur theanga eile ar fad a bhí Christy agus Máirtín a labhairt'

  • Pól Ó Braoin Comhrá

    Bhabh…!!! B’shin píosa snasta scríbhneoireachta uait, a Dhiarmuid, bail ó Dhia ort!! Bhain sé sin gáire nó dhó asam, deirim leat!