Míorúilt faisin? Gúna a dhear mac búistéara as Lourdes i measc roghanna Meghan Markle in Éirinn…

Caitheann ár gcomhfhreagraí súil ar na feistis a roghnaigh Bandiúc Sussex le linn a cuairte ar Bhaile Átha Cliath in éineacht leis an bPrionsa Harry

Míorúilt faisin? Gúna a dhear mac búistéara as Lourdes i measc roghanna Meghan Markle in Éirinn…

I gcroílár shaol an fhaisin a mhaireann Meghan Markle anois ó tharla gur banphrionsa agus ball de rítheaghlach na Breataine í. Dúirt cuid de na tráchtairí gur mionmhí na meala nó ‘mini-moon’ a bhí ina cuairt dhá lá ar an tír seo lena fear céile Prionsa Harry Shasana, ach eisean féin a dúirt leis an Taoiseach Leo Varadkar gur ‘turas oibre’ a bhí ann.

Ach ní hí an obair sin, an taidhleoireacht agus cothú an dea-chaidrimh idir an tír seo agus an Bhreatain, ba mhó a chothaigh spéis sa turas ríoga ach roghanna faisin Bhandiúc Sussex dá céad chuairt idirnáisiúnta ó phós sí féin agus an Prionsa Harry dhá mhí ó shin.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Feisteas a bhí deartha ag Givenchy – an comhlacht ón bhFrainc a rinne a gúna pósta di – a bhí á chaitheamh aici nuair a tháinig sí den eitleán agus nuair a chas sí níos deireanaí leis an Taoiseach, Leo Varadkar. Ní raibh na tráchtairí ar aon intinn faoin dath – iathghlas. Dath na smaragaide, a dúirt cuid acu, dath glas na foraoise a dúirt a thuilleadh. Bhíodar ar fad ar aon intinn gur thráthúil an rogha é do chuairt ar Éirinn. Roghnaigh sí sála arda le Manolo Blahnik agus mála álainn leathair ar dhath donn ó Strathberry leis an bhfeisteas glas a mhaisiú. Bhí a gruaig cóirithe go simplí ina cocán ar chúl a muiníl.

Pictiúr: Rollingnews.ie/pool/ Brian Lawless/PA Wire

Gúna álainn dubh gan muinchillí ón dearthóir Emilla Wicksted ón Nua-Shéalainn agus bróga arda le Aquazzura a roghnaigh sí don fháiltiú agus don dinnéar oíche Dé Máirt in Glencairn House, áras ambasadóir na Breataine sa tír seo.  ‘Chic’ an breithiúnas a thug gach duine uirthi ag an ócáid ghálanta sin nuair a chas sí leis na haíonna mór le rá éagsúla.

Pictiúr: Rollingnews.ie/pool/ Brian Lawless/PA Wire

Bhí a cuid gruaige scaoilte anuas ina coirníní éadroma aici don chóisir sin. Smideadh nadúrtha a bhí uirthi agus fáinní cluaise gléineacha a raibh cloch bhuí iontu a chuir beocht sa bhfeisteas.

 

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

Mac búistéara as Lourdes na Fraince a dhear an gúna a chaith sí ar a cuairt chuig Áras an Uachtaráin inné. Sin an cúlra atá ag Roland Mouret a bhfuil stádas idirnáisiúnta bainte amach aige mar dhearthóir gúnaí faisin. Os cionn £1,500 a chosnaíonn formhór na ngúnaí ar a shuíomh gréasáin cé go bhfuil margadh nó dhó ar fáil ar £500.

Tóp nó liath an dath a bhí ar an ngúna meánfhada seo le muinchillí fada agus ruifil shuntasach ar thaobh na láimhe deise. Bróga pumpaí dubha le Paul Anden a bhí uirthi agus mála le Fendi a bhí ar iompar aici le barr smaise a chuir ar an bhfeisteas snasta, maorga a bhí an-oiriúnach do chuairt ríoga ar Áras an Uachtaráin. Agus ar ndóigh bhreathnaigh Saidhbhín, bean chéile an Uachtaráin, go breá ina culaith dhearg.

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Athrú éadaigh eile don Bhandiúc do chuairteanna ar Choláiste na Tríonóide, ar Pháirc an Chrócaigh agus ar Ionad Cuimhneacháin na nImirceach i lár na cathrach. D’fhill sí ar an dearthóir is ansa léi Givenchy agus culaith threabhsair a bhí an-néata go deo a bhí uirthi don chuid seo den chuairt. Dath dubh a bhí ar an bhfeisteas seo le treabhsar teann agus seaicéad gearr le muinchillí giortaithe. T-léine shimplí gheal a chaith sí leis seo,  beilt de chuid Givenchy mar mhaisiúchán agus bróga púmaí le Sarah Flint. Bhí mála beag ar stíl ‘clutch’ ar iompar aici.

Ba é seo an feisteas ba dheise a chaith sí le linn an turais dar liom féin ach ní thuigim cén draíocht atá aici a d’fhág go raibh sí in ann siúl ar an bhféar i bPáirc an Chrócaigh i sála arda gan dul i bhfostú ann.

Pictiúr: Sam Boal/RollingNews.ie

D’athraigh an Prionsa Harry a chuid éadaigh roinnt uaireanta le linn na cuairte freisin ach níor tugadh oiread suntais dósan. Mar is gnáth, bhí cultacha foirmeálta a chaitheamh aige le casadh leis an Uachtarán agus leis an Taoiseach ach seaicéad éadrom liath, léine oscailte gheal agus buataisí gaineamhlaigh a bhí air agus é ag casadh le baill den phobal san ardchathair inné.

Beidh díomá ar lucht faisin faoi ghné amháin den chuairt, afách –ní raibh an lanúin ríoga anseo sách fada le go mbeidís ag dinnéar foirmeálta, abair i gCaisleán Bhaile Átha Cliath, le go bhfeicfí an Bhandiúc i ngúna gleoite mar a bheadh banphrionsa i síscéal.

Fág freagra ar 'Míorúilt faisin? Gúna a dhear mac búistéara as Lourdes i measc roghanna Meghan Markle in Éirinn…'

  • leitheoir

    Tuirseach….tnáite…………..traochta…..den teaghlach ríoga, a chuid brainsí agus a chuid bromanna.