MIONLÉIRMHEAS: Síolta mistéireacha na dteoiricí comhcheilge

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo tírdhreacha Shasana agus leabhar neamhchoitianta faoi scaipeadh bréagscéil

MIONLÉIRMHEAS: Síolta mistéireacha na dteoiricí comhcheilge

A Hoax, a Prank, an Internet Scam, an act of Agricultural Bio-Terrorism
Grianghraif agus Téacs le Klaus Pichler
Féinfhoilsithe, 2023.
110 lch
65 íomhá

Teideal aisteach a mhúsclódh do spéis i ré seo na hiarfhírinne. Seachadadh breis is 85,000 paicéad beag síolta ón tSín chuig teaghlaigh sna Stáit Aontaithe i mí Iúil 2020. Caithfidh mé a rá nár chuala mé faoin eachtra sin ach tá a fhios againn go bhfuil teannas idir SAM agus an tSín, go bhfuil ‘balúin Shíneacha’ feicthe in aerspás Mheiriceá agus mar sin de.

Ní haon ionadh mar sin gur chuir na síolta sceimhle ar dhaoine áirithe agus mhol an Roinn Talmhaíochta do mhuintir Mheiriceá gan na síolta a chur. Tá an an Roinn Talmhaíochta chomh maith le Roinn ar bith eile i mbun síolteagaisc!

Ionsaí bitheolaíoch? Ba i lár na paindéime a tharla an eachtra sin agus plean a bhí ann, dar le FOX News, chun Meiriceá a scriosadh. I ndeireadh na dála, áfach, fuarthas amach nach raibh ann ach camscéim a úsáideann díoltóirí ar líne chun táirgí a phoibliú agus figiúirí díolacháin a “fheabhsú”.

Sa leabhar neamhchoitianta seo, d’fhéadfá a rá gur meafar atá sna síolta mistéireacha ón tSín a sheasann do theoiricí comhcheilge agus a leathnú go rábach i Meiriceá ár linne.

Anam thírdhreach Shasana

English Landscapes
Jean-Pierre Gilson
Foilsithe ag Dewi Lewis
£35.00 crua
112 lch
96 pláta
Toisí: 240mm x 300mm
ISBN: 9781911306931

Gheofá áiteanna áirithe i Sasana a fhéachann cosúil go leor le tírdhreacha na hÉireann ach, ar ndóigh,

ní hionann aon dá áit mar – ar nós an duine – ní hionann aon bheirt mar nach é an croí ná an t-anam céanna atá iontu.

Déarfadh daoine eile nach bhfuil anam ar bith ag tírdhreacha, nach bhfuil ann ach seafóid agus rómánsachas a shamhlú go bhféadfadh anam a bheith ag áit. Atmaisféar, b’fhéidir. Ach anam?

Ní dearcadh rómánsach Wordsworth atá ag filí dúlra an lae inniu, áfach, ach dearcadh práinneach na héiceafhilíochta.

Corn na Breataine

Sa leabhar seo, féachann grianghrafadóir Francach ar thírdhreacha Shasana, coiscéimeanna phéintéiri agus scríbhneoirí Shasana á leanúint aige, leithéidí Constable, Gainsborough, Arthur Conan Doyle, Emily Brontë agus Daphné du Maurier.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Síolta mistéireacha na dteoiricí comhcheilge'