MIONLÉIRMHEAS: Seantír ár sinsir…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif agus leabhar faoin sceimhlitheoireacht sa Nigéir

MIONLÉIRMHEAS: Seantír ár sinsir…

My Motherland
Grianghraif le Joo, Myung Duck
Datz Press, Súl, An Chóiré a d’fhoilsigh, 2023
184 lch
101 íomhá
Toisí:  9×11¼”

Seantír ár sinsir, frása atá in Amhrán na bhFiann. Ó am go chéile, smaoiníonn daoine áirithe ar sheantír ár sinsir. Daoine eile, nuair a chanann siad Amhrán na bhFiann, ní smaoiníonn siad ar na focail in aon chor. Agus, ar ndóigh, tá daoine ann nach gcanfadh go deo é, síochánaithe cuir i gcás, mar go bhfuil foréigean agus gunnaí luaite ann.

Ag féachaint dúinn ar an ngrianghraf thuas, b’fhéidir go smaoineoimis ar sheantír ár sinsir agus Co. an Chláir nó Co. Chiarraí á shamhlú againn. Ach is sa Chóiré a tógadh an grianghraf seo. Ní sna tíortha Ceilteacha amháin atá na dolmain.


Fuadach!

The Stolen Daughters of Chibok
le Aisha Muhammed-Oyebode
Grianghraif le Akintunde Akinleye
powerHouse Books a d’fhoilsigh
Clúdach crua
Toisí:  9″ x 12″ 278 lch
ISBN: 978-1-57687-859-0
Luach: $49.95

Boko Haram, an dá fhocal is scanrúla sa Nigéir, ainm na sceimhlitheoirí is brúidiúla ar domhan.

I lár na hoíche a tharla sé. An 14/15 Aibreán, 2014. Ní rófhada ó shin é sin. Seans gur cuimhin leat an eachtra uafáis úd. Fuadaíodh 266 cailín as an suanlios scoile acu in Chibok, baile in Oirthuaisceart na Nigéire. D’éalaigh 57 gearrchaile. Cuntas coscrach ó na tuismitheoirí atá sa leabhar seo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Seantír ár sinsir…'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Seantír ár sinsear feasta…’ Fágfar na síochánaithe srl ina dtrumpaí gan teanga cuid mhaith má tá col acu le gach amhrán, bailéad srl ina luaitear gunnaí & foréigean!

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘gunnaí & foréigean bheith á lua iontu’