MIONLÉIRMHEAS: Ní leabhar ach leithreas atá faoi chaibidil anseo

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, Tigh an Asail agus Comhphaisinéir!

MIONLÉIRMHEAS: Ní leabhar ach leithreas atá faoi chaibidil anseo

Tigh an Asail

 

Grianghraf: Satoshi Nagare, Nippon Foundation

Ní leabhar ach leithreas atá faoi chaibidil agam sa mhír seo, leithreas álainn i dTóiceo.

7.9 billiún patrún solais atá le feiceáil ann, ag freagairt do dhaonra an domhain.

Cén fáth a mbeadh leithreas poiblí gránna bréan? arsa cruthaitheoir an leithris bhreá seo, Tomohito Ushiro.

Theastaigh ó Ushiro go mbeadh an leithreas a chruthaigh sé ina shaothar ealaíne – agus tá!  Suite i bpáirc phoiblí atá sé.

Seacht gcinn déag de na leithris ealaíonta seo atá tógtha cheana féin i dTóiceo.

Nach bhfuil sé in am ag na húdaráis áitiúla abhus a dtóin a bhogadh agus aithris a dhéanamh ar an Seapánaigh?

 

Comhphaisinéir!

Ní leabhar atá sa mhír seo ach spléachadh ar ealaíontóir arb é féin an taispeántas agus é ag taisteal ar fheithiclí iompair phoiblí i dTrá Lí, é ina leathdhuine, leathainmhí!

An t-aon chuid den abairt sin thuas nach bhfuil fíor ná ionad an fhéintaispeántais ait sin – Los Angeles, ar ndóigh, agus ní Trá Lí.

Matthew Grabelsky ainm an ealaíontóra. Tabhair cuairt ar a shiopa!

https://shop.grabelsky.com/

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Ní leabhar ach leithreas atá faoi chaibidil anseo'

  • jpmorley0@gmail.com

    Tá ealaíontóir eile sa tSín a bhíonn i mbéal an phobail go minic, agus is é atá freagrach as gach proibhí poiblí a dhearadh. A ainm…Hu Flung Dung.