MIONLÉIRMHEAS: Miotas agus fírinne an ama atá thart á léiriú ag an gceamara

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, grianghraif faoi ‘na seanlaethanta’ agus grianghraif choscracha de theifigh

MIONLÉIRMHEAS: Miotas agus fírinne an ama atá thart á léiriú ag an gceamara

Past Time
Grianghraif le Paul Shambroom
Aiste le Tim Davis
Foilsithe ag Fall Line Press, 2020
110 leathanach
Toisí: 9½x10½” 

Na seanlaethanta. Dia go deo leis na seanlaethanta. An rabhadar níos fearr ná na laethanta seo? Bhí, i ngach slí – a déarfadh daoine áirithe. An ag cur dallamullóg orthu féin a bhíonn siad leis an gcaint sin?

Chloisfeá polaiteoirí áirithe á rá san – iad ar an eite dheis de ghnáth. Na seanlaethanta . . . cé chomh fada siar is a chaithfeá dul chun teacht ar an bParthas úd a d’imigh uainn? Siar go Teamhair? (Cuimhnigh, ní raibh tae ná caife acu i dTeamhair, ná uachtar reoite, ná fón cliste, ná . . . líon isteach do liosta féin de na nithe sin nach bhféadfá maireachtáil dá n-uireasa).

An mbíonn na Gaeil ag féachaint siar rómhinic? Chomh fada siar le 1937 bhí duine de na criticeoirí Gaeilge ab fhearr a bhí riamh ann, duine a scríobh faoin ainm Craiftine, ag gearán faoin gclaonadh sin atá ionainn – agus é ag scríobh in iris darbh ainm An Gaedheal – cheapfá ó ainm na hirise sin gur ag féachaint siar a bheadh lucht eagair agus léitheoirí na hirise sin ar ré órga éigin:

“Sin é tragóid na filíochta Gaoluinne – easpa fáis, an ró-chion ar an mbéaloideas, an leisce chun an sean-rud dfhágaint, an síor-fhéachaint siar. Ach is locht é sin a bhaineann linn mar chine  . . .”

Is é atá sa leabhar Meiriceánach Past Time ná miotas an ama atá thart, á léiriú ag an gceamara.

Midnight La Frontera
Grianghraif le Ken Light.
Téacs le José Ángel Navejas & Ken Light
TBW Books, 2020
136 leathanach
66 pláta
Toisí:11¼x13¼”

Cuimhneofar ar feadh i bhfad ar mhian de mhianta buile Trump, go gcuirfeadh sé balla á thógáil, dá dtoghfaí é, agus go mbeadh ar Mheicsiceo íoc as. Ní inniu ná inné a thosaigh teifigh Mheicsiceacha ag teacht isteach sna Stáit Aontaithe. Daichead bliain ó shin a tógadh na grianghraif choscracha atá sa leabhar seo.

In agallamh leis san iris GUP, deir an grianghrafadóir Light (r.1951) gur lig lucht inimirce dó grianghraif a ghlacadh, fiú agus na teifigh á ngabháil acu, rud nach gceadófaí inniu.

Bhí comhbhá ag Light leis na Meicsicigh mar gur de bhunadh Oirthear na hEorpa iad a mhuintir féin. Teifigh.  Tugann Light 10% dá dhleachta ar an leabhar d’eagraíocht atá ag fónamh do theifigh.

Orduithe agus tuilleadh eolais anseo.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: Miotas agus fírinne an ama atá thart á léiriú ag an gceamara'