MIONLÉIRMHEAS: An ceo os cionn Londan…

Sa tsraith mionléirmheasanna seo moltar foilseacháin neamhghnácha. An babhta seo, geaing i Meicsiceo agus ceo os cionn Londan

MIONLÉIRMHEAS: An ceo os cionn Londan…

Jean-Félix Fayolle: Hecho en barrio
Éditions Revelatoer
176 lch • Formáid 21 x 29 cm
ISBN : 978-2-493152-04-6
Luach : €40

Chuir Fayolle tús leis an tionscadal seo sa bhliain 1972, é ag díriú ar an aos óg i gceantar an lucht oibre in San Luis Potosí, daonra thart ar 2 milliún, 400 ciliméadar ar an taobh ó thuaidh de Chathair Mheicsiceo.

Dá mbeinnse im’ ghrianghrafadóir, níl a fhios agam an roghnóinn áit mar é ach d’éirigh Fayolle mór le geaing ann agus bhí sé ina fhinné ar an bhforéigean ann ó lá go lá agus ar an damáiste mór a dhéanann drugaí ann, go háirithe crystal meth (meitiolamfataimín criostail).

Ceo os cionn Londan

Ní mór é mo mheas ar Thithe Parlaiminte Shasana, caithfidh mé a rá, ach is aoibhinn liom an pictiúr a dhein Claude Monet sa bhliain 1900:

Thaitin íomhánna ceocha go mór leis na hImpriseanaithe, Monet, Caillebotte, Pissarro agus Turner ina measc.

Tá eolaithe á rá anois gurbh é an truailliú a thug inspioráid dóibh agus nach bhfaightear mórán íomhánna den sórt sin

roimh an Réabhlóid Thionsclaíoch!

Tá an scéal ar fad san eagrán reatha den ardán ealaíne Hyperallergic.

Fág freagra ar 'MIONLÉIRMHEAS: An ceo os cionn Londan…'