Míniú ar a dteachtaireachtaí Gaeilge tugtha ag grúpa míleata atá ag troid i gcoinne Isis sa tSiria

Tá tvuíteanna ina bhfuil an Ghaeilge sa treis á seoladh le seachtain anuas ag buíon óglach ón mBreatain agus ó Éirinn atá ag cabhrú leis na fórsaí Coirdíneacha i dtuaisceart na Siria

Míniú ar a dteachtaireachtaí Gaeilge tugtha ag grúpa míleata atá ag troid i gcoinne Isis sa tSiria

Pictiúr: Twitter - @bobcrowbrigade

Tá míniú tugtha ag grúpa míleata atá ag troid i gcoinne Isis sa tSiria ar an gcúis go bhfuil comharthaí agus teachtaireachtaí i nGaeilge acu.

Tá tvuíteanna ina bhfuil an Ghaeilge sa treis á seoladh le tamall anuas ag Briogáid Bob Crow, buíon óglach ón mBreatain agus ó Éirinn atá ag cabhrú leis na fórsaí Coirdíneacha i dtuaisceart na Siria.

Tá teachtaireachtaí Gaeilge seolta acu ag tacú le stailceoirí bus i mBaile Átha Cliath agus leis an bhfeachtas chun an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm.

Dúirt urlabhraí de chuid an ghrúpa leis an Irish Mail on Sunday go raibh roinnt saoránach Éireannach ag troid leis an mBriogáid i Rojava, ach nach bhféadfaí iad a ainmniú.

“Is cainteoir líofa Gaeilge é ball amháin agus nuair a thuig bean atá i gceannas ar an ngrúpa Coirdíneach go labhraíonn sé a theanga dhúchais, dúirt sí go gcaithfeadh sé a theanga a chosaint freisin,” a dúirt an t-urlabhraí.

“Spreag sé sin an tÉireannach chun na comharthaí go léir a bhíonn acu san ionad traenála a bhreacadh as Gaeilge. “Tá oiliúint mhíleata chaighdeánach á cur ar na hóglaigh as Éirinn agus tá ceachtanna éigeantacha Coirdise ar bun acu sa teanga agus sa ‘jineology’, is é sin ceachtanna faoi chearta na mban,” a dúirt sé. Dúirt an t-urlabhraí go bhfuil Coirdínigh ban “ag troid i gcoinne cos ar bolg bhunúsach”. Tá Briogáid Bob Crowe ainmnithe as an gceannaire ceardchumainn Bob Crow agus tá ceangal acu leis an ngrúpa sóisialach, Cathlán Idirnáisiúnta na Saoirse. Agus a dtacaíocht á léiriú ag an ngrúpa míleata do na stailceanna bus i mBaile Átha Cliath tharraing siad chucu féin an rosc catha ‘Beir Bua’. Sa teachtaireacht a scaip an grúpa ar na meáin shóisialta an tseachtain seo caite, bhí pictiúr de bheirt saighdiúirí de chuid na buíne a raibh balaclávaí orthu agus iad ina seasamh os comhair múrphictiúr den Chamchéachta, an bhratach a bhíodh ag Arm Cathartha na hÉireann agus James Connolly, duine de cheannairí Éirí Amach na Cásca.

Mar a tuairiscíodh ar an suíomh idirlín nós.ie, scaip an bhuíon teachtaireacht eile i nGaeilge an tseachtain seo caite ag tacú leis an bhfeachtas chun an t-ochtú leasú ar an mBunreacht a aisghairm.

Sa tvúit sin bhí pictiúr de chomhartha ar a raibh ‘Ní Saoirse go Saoirse na mBan’ scríofa.

Fág freagra ar 'Míniú ar a dteachtaireachtaí Gaeilge tugtha ag grúpa míleata atá ag troid i gcoinne Isis sa tSiria'

  • art

    Dar Priosta ach is fanach an ait nach bhfaighfea gliomach ceannairceach!