Milliún duine teite as an Úcráin agus cathracha móra faoi léigear

Tá sé ina imní go réiteoidh forghabháil Kherson an bealach do na Rúisigh chun smacht a fháil ar chósta na Mara Duibhe go léir

Milliún duine teite as an Úcráin agus cathracha móra faoi léigear

Theith milliún duine ón Úcráin ó cuireadh tús le hionradh na Rúise seachtain ó shin, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na Náisiúin Aontaithe.

Tá a mbailte fágtha ag na milliúin eile agus áit shábháilte á lorg acu i gceantair iargúlta in iarthar na tíre nó faoi thalamh.

Tá cathracha móra na hÚcráine faoi léigear i gcónaí agus géarchéim dhaonnúil uafásach ann dá bharr.

Dúirt Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, Filippo Grandi, go bhféadfadh gur ceithre mhilliún teifeach a bheadh ann sa deireadh.

Chaithfí “na gunnaí a chiúnú”, a dúirt sé, ionas go bhféadfaí cabhair dhaonnúil a thabhairt do na daoine a bhí fós faoi léigear sa tír.

Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky go raibh ag éirí leis na hÚcránaigh iad féin a chosaint ó ionsaí na Rúise.

Dúirt sé go raibh na Rúisigh i gceannas anois i roinnt cathracha ach mhaígh sé go gcuirfí an ruaig orthu as na háiteanna sin,

“Tá mé cinnte faoi seo, má tá siad imithe isteach áit éigin ní bheidh siad i bhfad ann. Tiomáinfimid amach iad. Cuirfimid náire orthu.”

Ghabh na Rúisigh calafort Kherson sa deisceart inné, an chéad chathair thábhachtach a cuireadh faoi smacht na Rúise ó chuir an tUachtarán Vladimir Putin tús leis an ionradh.

Tá sé ina imní go réiteoidh forghabháil Kherson an bealach do na Rúisigh chun smacht a fháil ar chósta na Mara Duibhe go léir, rud a d’fhágfadh go mbeadh fórsaí na hÚcráine scartha amach ón bhfarraige.

I gcathair Mariupol, calafort tábhachtach eile, atá gar do theorainn na Rúise, bhí muintir na háite sáinnithe ag tréanionsaí sliogán.

Réabadh pléascáin sa phríomhchathair Kyiv arís aréir agus faoi thalamh a thug go leor de mhuintir na príomhchathrach an oíche arís, thart ar 15,000 acu sna stáisiúin Metro amháin.

De réir áirimh na Náisiún Aontaithe maraíodh na céadta sibhialtach ó thús an ionraidh seachtain ó shin, cé go bhfuiltear buartha go bhféadfadh i bhfad níos mó daoine ná sin a bheith i gceist.

Dúirt Rialtas na hÚcráine inné gur gar do 6,000 saighdiúir de chuid na Rúise a bhí maraithe, cé gur mhaígh rialtas na Rúise gur 498 a bhí i gceist.

Fág freagra ar 'Milliún duine teite as an Úcráin agus cathracha móra faoi léigear'