A bhuíochas do Dhonncha Ó Cróinín agus do Phádraic Ó Farachtáin, tarraingíodh m’aird ar ‘Amhrán Dóchais’ le déanaí.
Amhrán é seo a d’fhoghlaim go leor daoine ar scoil sna seascaidí, de réir dealraimh, agus bhíodar ann tráth a cheap go ndéanfadh sé amhrán breá náisiúnta.
Bhíos ag machnamh ar an méid sin agus alt Sheosaimh Uí Chuaig ar Amhrán na bhFiann á léamh agam, alt ar aontaigh mé leis na tuairimí a nochtadh ann. Más ar Gay Byrne is mó a bhí Seosamh ag caint, rinne sé tagairt do Fintan O’Toole freisin, a raibh sé de mhí-ádh ar chuid againn teacht ar a alt faoin amhrán náisiúnta níos túisce i mbliana.
A ndúirt O’Toole san alt céanna, mheabhraigh sé dom an méid atá ráite ag an intleachtóir Deasún Fennell, is é sin go bhfuil “correctorate” neamhfhoirmeálta i réim sa tír seo anois. Dream iad seo a fhéachann le pionós a chur orthu siúd atá ‘ciontach’ as ‘peacaí’ nua-shainmhínithe na linne seo a dhéanamh.
Ó thaobh na hÉireann de, is iad na ‘peacaí’ is mó atá i gceist sa lá inniu ná an Caitliceachas ortadacsach, an Gaelachas agus an náisiúnachas.
Na tréithe is mó a bhain le halt úd Fintan O’Toole – mar atá, an drochmheas agus an díspeagadh – sin iad na tréithe is suntasaí a bhain leis an gcuid ba mheasa de lucht coilíneachta na tíre seo agus iad ag féachaint leis an mbonn a bhaint dár bhféiniúlacht mar dhaoine agus mar náisiún.
Is beag an t-iontas go mbeadh leithéidí Gay Bryne ar aon fhocal le Fintan O’Toole, ach dála na n-iarrachtaí atá ar bun le tamall an bonn a bhaint d’oidhreacht chreidimh na hÉireann agus den náisiúnachas traidisiúnta, níl in go leor den chaint ar na cúrsaí seo anois ach léiriú ar an zeitgeist nua atá i réim sa tír le cúig bliana anuas nó mar sin.
Míliobrálachas an tréith is mó a bhaineann leis an ngluaiseacht nua liobrálach atá i gceannas na tíre anois.
Ar ndóigh, tá lánsaoirse ag leithéidí Gay Byrne agus Fintan O’Toole tabhairt suas don chineál míleateachais a dtagraítear dó in Amhrán na bhFiann más mian leo; síocháin atá uainn go léir i ndeireadh báire. Ach is túisce a scanródh míleatachas an ‘correctorate’ nuabhunaithe sa tír seo mo leithéidse ná na suáilcí agus na fiúchais a ndearna rannpháirtithe an Éirí Amach ceiliúradh orthu agus a bhfuair siad bás dá mbarr.
Duine de na rannpháirtithe sin ab ea Liam Ó Rinn, an fear a chuir Gaeilge ar an Soldier’s Song. Ghlac seisean páirt san Éirí Amach agus i gCogadh na Saoirse, ach dhiúltaigh sé páirt ar bith a ghlacadh sa Chogadh Cathartha a lean.
Dá bhféachfaí le ceiliúradh mar is ceart a dhéanamh ar dhearcadh saoil leithéidí Liam Uí Rinn – Óglach, aistritheoir, agus Eorpach sa chiall is fearr den fhocal sin – sheachnófaí an-chuid cogaí fadó.
Fear é siúd a thuig a chaolchúisí agus a shuibiachtúla a bhí tóir an uile dhuine ar an bhfírinne, ach a thuig nádúr na coise ar bolg, idir intinn agus chorp, chomh maith céanna.
Pé tuiscint atá againn féin ar a leithéid, áfach, caithfear dúshlán an ‘correctorate’ agus phóilíní na smaointe a thabhairt, nó is dúinn is measa amach anseo – rud a thuigfimis ach féachaint siar ar stair na hEorpa.
Bart
Maíonn formhór gach éinne gur ‘liobrálaigh’ iad (focal baoth) agus is ea leis, ach gan a gcuid steiriotípeanna a chur bunoscionn. Níl oiread na frí’ idir an tsibhialtacht agus an bharbarthacht, dáiríre. Éinne a bhfuil Primo Levi léite aige tuigeann sé an méid sin. An duine ‘sibhialta sofaisticiúil’ féadann sé tiontú ina ainmhí confaigh ar hap an tairnge i gcúinsí ar leithligh. Gothaí an ‘ubermensch’ a chur air féin, é lán de lán – dá lán féin – agus greim anois aige ar an gcumhacht. É in inmhe bás nó beatha a bhronnadh, é ag borradh le mórtas agus le mórchúis agus díocas diabhalta air an ‘untermensch’ a bhrú fé chois. A ‘chomhshibhialaigh’ sásta cuidiú leis. Tharla sé, tarlaíonn sé agus tarlóidh sé arís is arís eile. Ná bímis ag magadh chugainn féin a dhuine. Tá fórsaí an oilc ag coipeadh istigh sa duine ‘daonna’. Caitear rogha a dhéanamh.