An fada uainn ‘The Gentle Black and Tan’ in áit ‘Amhrán na bhFiann’?

Dar le Gay Byrne go bhfuil Amhrán na bhFiann bladhmannach agus trodach agus is fearr leis an líne thrombóin in God Save the Queen

An fada uainn ‘The Gentle Black and Tan’ in áit ‘Amhrán na bhFiann’?

Pictiúr: INPHO/Evan Logan

Ní thaitníonn ‘Amhrán na bhFiann’ le Gay Byrne. Sin é a dúirt sé ina cholún sa ‘Sunday Independent’. Is fearr leis i bhfad ‘God Save the Queen’.

Bhí cuid againn a cheapadh i gcónaí  gurb é an cineál duine é a mbeadh tóir mhór aige ar bhealaí Shasana ach,  ar fhaitíos go ndéanfadh muid éagóir air,  seo é a mhíniú féin ar an scéal:

“I love the trombone line in Amhrán na bhFiann. Oddly enough I love even more the trombone line in God Save the Queen, which doesn’t make me some kind of weasel-worded West Brit sneak, just a trombone head.”

Bain do bhrí féin as sin a léitheoir.

Is cosúil, mar bharr ar gach donas,  go gceapann Gay go bhfuil Amhrán na bhFiann bladhmannach, ionsaitheach  agus trodach.

Fadó chastaí Amhrán na bhFiann nuair a bhíodh Teilifís  Éireann ag imeacht den aer ag meán oíche.

Nuair a bhí an stáisiún á bhunú socraíodh gur cheart an t-amhrán náisiúnta a chasadh chuile oíche. Theastaigh cóiriú a chur air a d’fheilfeadh don ócáid.

Iarradh ar an gcumadóir ceoil Brian Boydell a theacht isteach leis an iarracht a phlé. Fear as Ceanada a fuair sé roimhe, a dúirt Boydell, a chosa thuas ar an mbord aige agus é ag tarraingt ar thodóg mhór.

Comhairleoir a bhí ann a raibh scil aige i gcúrsaí teilifíse agus a bhí tugtha anall le hoiliúint a chur ar na Páidíní a bhí le dhul i mbun na seirbhíse nua.

Mhínigh fear Cheanada go soiléir céard a bhí uaidh. “Leagan MÓR atá uaim,” a dúirt sé, “an cineál ceoil a thógfas croí mhuintir na hÉireann…tormáil na ndrumaí , gleadhradh spreagúil ceoil agus fuaim bhreá láidir.”

Taca an ama chéanna bhí deartháir le Gay Byrne, Ernest,  ag obair do chomhlacht teilifíse KMOX i St. Louis i Meiriceá.  Chuir a mháthair scéala anonn  chuige ag rá leis gur mhaith an beart aige a theacht abhaile agus féachaint le post a fháil in Teilifís  Éireann.

Tháinig agus fuair sé an post.

Ach oiread le Gay, ní i bhfad a bhí sé ann nuair a thosaigh Amhrán na bhFiann ag goilliúint air.

Chuaigh sé chun cainte le fear sa stáisiún a raibh ceannas aige ar chúrsaí ceoil. Bhí Gay a’ cheapadh gurbh é Tibor Paul a bhí ann, fear a rugadh i mBúdapeist san Ungáir agus a bhí ina Phríomhstiúrthóir ar Cheolfhoireann Shiansach Náisiúnta RTÉ ag an am.

D’aontaigh Tibor Paul le Ernest agus fuair sé duine éigin le cóiriú nua a chur ar Amhrán na bhFiann. Leagan álainn siansach  a bhí ann, a dúirt Gay, é séimh, rithimeach, machnamhach agus é éasca éisteacht leis.

Ní raibh na buabhaill ag bloscadh ann  ná an ghairm chun catha.

Leis an gcur i láthair a dhéanamh ní ba neamhurchóidí  fós,  chuir Ernest Byrne pictiúir  áille  leis,  an t-uisce ag slaparnach le bruach locha,  tonn éadrom farraige ag teacht isteach go mall réidh ar an trá agus an ghrian ag dul faoi ar phlásóg choille.

Fíor-annamh a chastar ‘Amhrán na bhFiann’ ar chor ar bith anois ar RTÉ, ach tá an leagan suanmhar  sin de i gcartlann RTE agus tá Gay thar a bheith bródúil as a dheartháir arbh é ba chúis lena chur ar fáil.

Cén bhrí, a dúirt sé, ach fear a bhí ann nach raibh nóta ceoil ina chloigeann! Anois an bhfuil biseach ort?

Ní hé Gay Byrne ar ndóigh an t-aon duine amháin ar bhreá leis go gcuirfí deireadh ar fad leis na focla atá in Amhrán na bhFiann. Bíonn leithéidí Fintan O’Toole ag pápaireacht faoi go minic.

Fiú amháin Mary Lou Mac Donald tá sé ráite aici nach mbeadh aon locht aicise ar leagan nua de nuair a bheadh socruithe á ndéanamh faoi Éire aontaithe

Is aisteach an rud é  go bhfuil glacadh i dtíortha eile le hamhráin náisiúnta chaithréimeacha mhíleata agus go gcuireann siad béim ar ghníomhartha ab éigean dóibh a dhéanamh lena saoirse a bhaint amach.

Éist arís leis ‘The Star-Spangled Banner’ nó le ‘La Marseillaise’.

Ach is cosúil nach mbeadh sé ceart againne smaointe mar sin a dhúiseacht.

Mura bhfuil ag Dia, tiocfaidh an lá a mbeidh línte as an amhrán a chum Breandán Ó hEithir á gcur againn san  amhrán náisiúnta – ‘The Gentle Black and Tan’.

Fág freagra ar 'An fada uainn ‘The Gentle Black and Tan’ in áit ‘Amhrán na bhFiann’?'

  • Eoghan ONéill

    Sí an fhaidhb leis an amhrán náisiúnta ná go bhfuil an fhoclaíocht as gaelig ann agus goilleann sin ar na Anglos thuas-luaite agus ar neart eile chomh maith. Dar leosan is é an béarla an ‘Uebersprache’ agus ní ar an ghaelig amháin a bhfuil an droch-mheas, mar shampla is é an chéad rud a rinne lucht an Trumpa ná an leagan espaňol a bhaint de shuíomh an Tigh Bháin. No pasarán!