Ní faoi dheifir a smachtaíodh Éamon Ó Cuív agus Mark Daly, ach bhí an pionós géar go leor nuair a tháinig sé.
Díbríodh Teachta Dála Ghaillimh Thiar ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil agus chaill an Seanadóir a phost mar leascheannaire an pháirtí sa teach uachtarach agus mar urlabhraí gnóthaí eachtracha.
Coicís ó shin a chuaigh an bheirt thar teorainn chun feachtas toghcháin a sheoladh gan chead ar an Ómaigh. Sheasadar gualainn ar ghualainn leis an gcomhairleoir Sorcha McAnespy agus grianghraif á nglacadh de phóstaer toghcháin a raibh ‘Fianna Fáil’ in uachtar air.
Is comhalta d’ardchomhairle Fhianna Fáil í an comhairleoir McAnespy. Chuir sise agus an bheirt a tháinig aneas chun tacú léi i gcuimhne d’iriseoirí gur vótáil Ard-Fheis Fhianna Fáil i bhfabhar páirt a ghlacadh i dtoghcháin i dTuaisceart Éireann. Ach níor réitigh a ráitis na ceisteanna a cuireadh ina dhiaidh sin.
Níl aon údarás ag ardfheiseanna Fhianna Fáil le cinneadh ar bith a dhéanamh, murab ionann agus ardfheiseanna Shinn Féin. Bheadh ar ardchomhairle Fhianna Fáil cinneadh dá leithéid a dhéanamh, agus ní dhearnadh fós é.
Tháinig soiléiriú agus séanadh go pras ó phreasoifig an pháirtí tar éis ‘seoladh’ Fhianna Fáil i dTír Eoghain. Dúradh go beacht agus go díreach nach raibh cinneadh ar bith déanta go seasfaí i dtoghcháin ó thuaidh agus nach raibh aon iarrthóir ainmnithe fós.
Ainneoin a bhfuil ráite ag Ó Cuív agus Daly ó shin i leith, ba léir ó thús beagnach go ndearna siad ruathar aonair thar teorainn. Rinneadar ceap magaidh den cheannaire agus dá údarás. Rinneadar dochar nach beag freisin d’aon iarracht a dhéanfar amach anseo an páirtí a sheoladh i gceart ó thuaidh. Mar bharr ar an mí-ádh tharraing siad aird ar easaontas san SDLP maidir leis an gcumasc nó an chónaidhm atá á plé acu le Fianna Fáil.
Ba léir do dhaoine neamhchlaonta mídhílseacht agus místuaim na beirte. Go deimhin, bhí an t-ádh orthu araon nár gearradh pionós níos déine orthu (tréimhse fionraíochta mar shampla) mar gheall ar a ngeábh neamhoifigiúil thar teorainn.
Sin ráite, chuir an scigdhráma ar an Ómaigh i gcuimhne do chách, agus do chomhaltaí Fhianna Fáil go háirithe, go bhfuil cinneadh cinniúnach curtha ar an méar fhada ag Micheál Martin. Tá cinneadh faoi ghníomhú ó thuaidh geallta aige trí huaire ar a laghad le dhá bhliain anuas. Gheall sé san earrach go ndéanfaí cinneadh go luath faoi sheasamh sna toghcháin áitiúla i dTuaisceart Éireann. Cinneadh nach ndearna sé fós.
Ní tearc na cúiseanna gur chóir d’Fhianna Fáil a bheith aireach agus cinneadh mar seo á dhéanamh, nó á sheachaint, acu. Tá Sinn Féin láidir sa Tuaisceart. Níl ionadaithe tofa an SDLP ar aon tuairim maidir le comhfhiontar de shaghas ar bith le Fianna Fáil. Ní fios cén tionchar a bheas ag an mBreatimeacht ar shaol polaitiúil an Tuaiscirt ach is léir an chontúirt d’Fhianna Fáil: go gcuirfeadh an páirtí fuinneamh agus acmhainní amú thar teorainn, gan toradh fiúntach a fháil ar a saothar.
Níor léirigh rannpháirtíocht Daly agus Uí Chuív sa chur i gcéill ar an Ómaigh stuaim ná díliseacht. Ní dhearna a ndúirt siad coicís ó shin, ná ó shin i leith agus an seoladh á chosaint acu, aon tairbhe dóibh féin ná don pháirtí. Ach chuir siad trí cheist réasúnta ar chlár cainte Fhianna Fáil:
An seasfaidh Sorcha McAnespy sa toghchán áitiúil mar iarrthóir oifigiúil nó neamhoifigiúil thar ceann Fhianna Fáil?
An bhfuil sé ródhéanach iarrthóirí eile a aimsiú le haghaidh na dtoghchán áitiúil ó thuaidh i mí na Bealtaine seo chugainn?
Nach bhfuil sé thar am ag Micheál Martin cinneadh éigin faoi ghníomhú an pháirtí i dTuaisceart Éireann a dhéanamh, agus a fhógairt?
Seán Mac Gearailt
“Rinneadar ceap magaidh den cheannaire agus dá údarás.” Tá Mícheál lán ábalta ceap magaidh a dhéanamh de féin agus is fada an lá ó bhí aon údarás aige.