Mhillfeadh muilte gaoithe do radharc mara? Tá rudaí níos measa ann…

Caithfimid deireadh a chur leis an meon go bhfuil rogha againn idir seo agus siúd más maith linn pláinéad inmharthana a fhágáil ag ár bpáistí

Mhillfeadh muilte gaoithe do radharc mara? Tá rudaí níos measa ann…

Téim ag snámh uair sa tseachtain ó cheann ceann na bliana le beirt fhear eile i gCuan Chill Iníon Léinín i ndeisceart Bhaile Átha Cliath. Lá gréine is éasca a shamhlú go bhfuil tú ar Riviera na Fraince – seachas an lá go ndearna madra a mhún ar m’éadaí agus mé amuigh san uisce.

Ó thuaidh uainn feicimid oileán Dheilginis agus Cnoc Chill Iníon Léinín, agus ó dheas uainn feicimid Ceann Bhré. Tá sé deacair a chreidiúint go bhfuil seoid dá leithéid níos lú ná 20 km ó Shráid Uí Chonaill. Is beag fianaise den uirbeachas atá le feiceáil againn agus muid ag snámh seachas an líne DART cois cósta. Beidh athrú air sin go luath áfach má éiríonn le moladh feirm mhór ghaoithe a thógáil 10km ó chósta dheisceart Bhaile Átha Cliath agus Thuaisceart Chill Mhantáin. Ní mó ná sásta atá roinnt de mhuintir na háite go bhfuil a radharc farraige le milleadh, dar leo.

Is comhfhiontar í an fheirm ghaoithe atá molta idir RWE Renewables, an dara comhlacht fuinneamh gaoithe eischósta is mó ar domhan, agus an comhlacht Éireannach Saorgus. Tá sé i gceist go mbeadh idir 39 agus 50 tuirbín ag soláthar suas le 824 meigeavata aibhléise.

Ag brath ar cé chomh fada a thógfaidh sé ar an gcóras pleanála d’fhéadfadh an fheirm ghaoithe a bheith ag feidhmiú faoi 2028. Is leor seo chun cumhacht a sholáthar do thuairim is 770,000 líon tí agus gearrfaidh sé 1.4 milliún tonna ó astaíochtaí carbóin bliantúla na hÉireann. Ach tá an t-olagón tosaithe cheana féin.

‘Dar ndóigh táimid ar fad i bhfabhar dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide ach cén fáth gur gá dóibh é a chur anseo? Cén fáth nach féidir leis a bheith níos faide amach san fharraige…?’

Caithfear an fheirm ghaoithe a thógáil 10km ón gcósta mar gheall ar éadoimhne ghrinneall na farraige. Tá uisce éadomhain ag tíortha eile ar nós na Gearmáine agus na hÍsiltíre i bhfad níos faide amach ón gcósta ach ní mar ain atá ar chósta thoir na hÉireann.

‘Ach cén fáth nach féidir na tuirbíní a chur ar snámh níos faide amach?’ a fhiafraíonn lucht an olagóin.

Éinne atá ag tabhairt aird ar bith ar an ngéarchéim aeráide tuigeann siad go bhfuil muid i sáinn cheart faoin tráth seo. Ní hé go bhfuil rogha againn idir tuirbíní gaoithe bunaithe ar ghrinneall na farraige agus cinn a bheidh ar snámh; idir gearradh siar ar astaíochtaí san earnáil talmhaíochta nó san earnáil iompair; idir níos lú feola a ithe agus tithe níos éifeachtaí ó thaobh úsáid fuinnimh a bheith againn.

Caithfidh muid iad sin ar fad – agus tuilleadh – a dhéanamh chun seans ar bith a thabhairt dár bpáistí agus dá bpáistí siúd pláinéad inmharthana a bheith acu. Agus chomh maith leis sin tá práinn ama ag baint leis toisc gur fhágamar chomh déanach sa lá é aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb.

Níltear chomh fada chun cinn fós le forbairt na dtograí gaoithe snámha leis na cinn atá bunaithe ar ghrinneall na farraige agus tógfaidh sé blianta breise sula mbeifear ábalta iad a chur ag feidhmiú – blianta breise nach bhfuil againn. Níl seans ar bith gur féidir linn ár spriocanna astaíochtaí do 2030 a bhaint amach gan feirmeacha gaoithe bunaithe ar ghrinneall na farraige.

Níos mhiste a lua freisin gur saoire iad a fhorbairt ná tuirbíní atá ar snámh ar bharr uisce, agus mar sin nach bhfuil gá le praghas chomh hard a ghearradh ar an leictreachas a ghineann siad chun an infheistíocht sin a thuilleamh ar ais. Faoi láthair tá gach saghas leictreachais ó fhuinneamh gaoithe cuid maith níos saoire ná an meánphraghas do leictreachas.

€117 an meánphraghas a bhí ann d’uair meigeavata leictreachais i mí an Mheithimh – sin laghdú ó €182 an t-am céanna anuraidh. Ach is féidir an méid céanna leictreachas a tháirgeadh le fuinneamh gaoithe ar chostas €86. Dá mhéid leictreachais a bheith againn ó fhuinneamh gaoithe is ea is lú a bheimid ag braith ar an margadh guagach idirnáisiúnta d’ola agus do ghás, agus beimid ábalta an farasbarr a dhíol leis an mBreatain agus le eile tíortha na hEorpa.

Tá cúis eile go bhfuil sé tábhachtach go dtógfaí feirmeacha gaoithe amach ó chósta an cheantair is rachmasaí sa tír. Is minic muintir na tuaithe ag gearán go bhfuil ualach míchothrom á iompar acu in iarrachtaí dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide. Níl na roghanna céanna ó thaobh iompar poiblí ar fáil ag muintir na tuaithe is atá ag muintir na cathrach cé go bhfuil feabhas ag teacht ar an scéal sin mar a léiríonn an tuairisciú atá déanta ag Anna Huessaff timpeall na tíre don chlár Tús Áite an samhradh seo.

Is i gceantracha tuaithe atá na feirmeacha gaoithe ar fad nach mór a tógadh go dtí seo. Má táimid ag iarraidh an pobal a thabhairt linn san iarracht ollmhór seo, ní éireoidh linn má shíltear go bhfuil eisceacht á dhéanamh do dhreamanna áirithe. Is tubaiste a bheadh ann mar sin dá ngéillfí d’iarrachtaí daoine i gceann de na ceantair is rachmasaí sa tír a radharc mara ‘foirfe’ a choimeád. Is praghas beag é feirm ghaoithe ar íor na spéire i Muir Éireann ar son na dlúthpháirtíochta aeráide.

Samhlaím mé fhéin ag snámh i gCuan Chill Iníon Léinín in 2028. Feicim oileán Dheilginis ó thuaidh uaim, ceann Bhré ó dheas agus na tuirbíní gaoithe amach uaim san fharraige ar íor na spéire. Tá Éire ina ceann feadhna sa réabhlóid fuinnimh inathnuaite anois.

Faraor, bíonn madra eile i gcónaí ann a dhéanfaidh a mhún ar do chuid éadaí.

Fág freagra ar 'Mhillfeadh muilte gaoithe do radharc mara? Tá rudaí níos measa ann…'

  • Tash

    Is praghas beag é cinnte. a Fhacthna.

    Tar éis roinnt bliana beidh muintir na háite chomh cleachta leis an radharc nua ar íor na spéire go mbeidh siad ag olagóin nach féidir na muilte álainne a fhescint ar laethanta scamallach.

    Féach ar an dá simléir gránna an Phoill Bhig. As feidhm le blianta fada, ach drogall ar na húdaráis iad a thógaint anuas toisc go bhfuil muintir an príomhchathair chomh thógtha leo.

    Tóg iad, agus beidh gach rud go breá sara i bhfad.