MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord

Thíos tá cuid d’alt nuachta ó Tuairisc.ie. Níl sé san ord ceart. Ag obair le do pháirtí déan iarracht teacht ar an ord ceart.

Is féidir an freagra a fháil thíos mar aon le nasc chuig an leagan bunaidh.

Pictiúr: ©INPHO/Cathal Noonan

Joe Canning, mórlaoch na Gaillimhe, ag éirí as an imirt idirchontae

  1. Bhuaigh Canning gradam All-Star agus roghnaíodh é mar Iománaí Óg na Bliana an bhliain chéanna agus ba é mórlaoch na Gaillimhe ó shin é.
  2. “Níor cheap mé go dtiocfadh deireadh le rudaí Dé Sathairn seo caite ach sin mar a thit rudaí amach,” a dúirt Canning.
  3. D’fhógair Canning, atá 32 bliain d’aois, an scéal tráthnóna, ceithre lá ó tháinig deireadh le feachtas na Gaillimhe i gCraobh na hÉireann 2021.
  4. Bhí sé ina imní go mbeadh sé áirithe ar an iománaí is fearr nár bhuaigh craobh na hÉireann, ach d’éirigh leis Corn Mhic Cárthaigh a bhuachan faoi dheireadh in 2017 nuair a fuair Gaillimh an ceann is fearr ar Phort Láirge sa chluiche ceannais.
  5. Tá Joe Canning na Gaillimhe, atá áirithe ar dhuine de na hiománaithe is fearr riamh, éirithe as an imirt idirchontae.
  6. Agus é ag labhairt leis na meáin inniu, rinne Canning tagairt do na gortuithe a bhí ag cur as dó le roinnt blianta anuas.
  7. Bhí cáil mhór ar Canning agus é ina imreoir óg agus thosaigh sé ag imirt le foireann shinsir na Gaillimhe in 2008.
  8. “Bhí rudaí beaga ag cur as dom ar feadh na bliana,” a dúirt Canning. “Bhí sé sa cheann agam ar feadh na bliana gurb í seo an bhliain dheireanach a bheadh agam.”
  9. D’fhág na naoi bpointe a scóráil fear Phort Omna nuair a chaill Gaillimh in aghaidh Phort Láirge Dé Sathairn seo caite gurb é is mó a fuair scóranna riamh sa Chraobh. 27- 485 ar fad a d’aimsigh Canning, pointe amháin níos mó ná mar a scóráil Henry Shefflin, ach ní chuirfidh Canning leis an ngaisce scórála sin agus cinneadh déanta aige nach gcuirfidh sé air geansaí na Gaillimhe arís.
  10. Bhí Canning ina chuid d’fhoirne na Gaillimhe a chaill cluichí ceannais na hÉireann in 2012 agus in 2015 in aghaidh Chill Chainnigh.

Is féidir an leagan ceart a léamh anseo.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Cur in Ord'