MEASCÁN MEARAÍ: Comhrá le bearnaí – Beirt chairde ag caint faoi laethanta saoire

GAEILGE NA hARDTEISTE: Meascán mearaí de ghníomhaíochtaí difriúla: pictiúir aisteacha, comhráite le bearnaí, scéalta bleachtaireachta srl. Déanta go speisialta don fhoghlaimeoir. Ábhar spraoi agus oideachais in éineacht

MEASCÁN MEARAÍ: Comhrá le bearnaí – Beirt chairde ag caint faoi laethanta saoire

Gníomhaíocht 1:

Tá Seán agus Siobhán ag caint faoi na laethanta saoire a bhí acu. Ag obair leis an duine in aice leat déanaigí iarracht caint Shiobhán a chumadh. Nuair atá sé déanta agaibh déanaigí an comhrá a aithris os ard.

Seán: Cén chaoi ar éirigh libh ar na laethanta saoire?

Siobhán:

Seán: Ó! tá brón orm é sin a chloisint. Céard a tharla?

Siobhán:

Seán: Ara, tarlaíonn sé sin i gcónaí. Bhíos féin ag dul go Meiriceá anuraidh agus cuireadh moill trí uair an chloig ar an eitilt.

Siobhán:

Seán: Tá crá croí ag baint lena leithéid sin ceart go leor. Ach, bhain sibh taitneamh as na laethanta saoire ina dhiaidh sin?

Siobhán: 

Seán: Ní foláir nó rinne sibh gearán leis an mbainisteoir nó leis an úinéir faoi sin?

Siobhán:

Seán: Tá sé sin náireach.

Siobhán:

Seán: Cé a mhol daoibh imeacht chuig an bprochóg sin?

Siobhán:

Gníomhaíocht 2:

Tá comhrá samplach thíos. An féidir leat na bearnaí a líonadh. Nuair a bheidh sé déanta agat déan é a aithris os ard leis an duine in aice leat.

Gníomhaíocht 3:

Ag obair leis an duine atá in aice leat déanaigí iarracht bhur gcomhrá féin a scríobh. Bainigí úsáid as cuid de na focail san agallamh samplach. Déanaigí nathanna eile a chuardach ar www.teanglann.ie agus www.focloir.ie

  • Nuair a bheidh sé déanta, déanaigí é a aithris os ard.
  • Déanaigí é a aithris do bheirt eile agus éistigí leis an gcomhrá bhí acusan.

Fág freagra ar 'MEASCÁN MEARAÍ: Comhrá le bearnaí – Beirt chairde ag caint faoi laethanta saoire'

  • robert campbell

    Gabh mo leithscéal, Níl me cinnte an bhfuil mé an t-eolas á leamh cheart. Níl ainm agam ar duine eile sa rang chun comhra a dhéanamh leat/lei. Bhí mé an-déanach an chéadaoin seo chaite agus mar sin níl gach rud soiléir agam. Roibeard