Méara Boston Marty Walsh i gcroílár scannán faisnéise nua

Tá ardmholadh á fháil ag an scannán City Hall a bhfuil ról lárnach ann ag Méara Boston ar de bhunadh Chonamara é

Méara Boston Marty Walsh i gcroílár scannán faisnéise nua

Tá Méara Boston, Marty Walsh, ar de bhunadh Chonamara é, i gcroílár scannán nua faisnéise faoi riaradh na cathrach sin. Tá ardmholadh faighte ag an scannán City Hall ó taispeánadh den chéad uair é ag Féile Scannán na Veinéise agus ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Toronto an tseachtain seo caite.

Is mac é Marty Walsh le John Walsh, nó John Mháirtín Tom as Caladh Mhaínse, Carna, nach maireann, agus Mary Walsh, nó Mary Joe Pheadair Uí Mháille, as Ros Cíde, Ros Muc. Toghadh an polaiteoir de chuid na nDaonlathach ina mhéara ar Bhoston den chéad uair i Samhain 2013 agus atogadh é sa phost sin, le beagnach 65% den vóta, in 2017.

Rinneadh City Hall in 2018, tráth a raibh ráta dífhostaíochta thart ar 2.5% i mBoston agus tráth a raibh an chathair ag ceiliúradh bua eile ag na Red Sox sa World Series.

Scannán fada é (maireann sé ceithre uair go leith) ina dtugtar léargas ar na dúshláin éagsúla a bhaineann le cathair mhór (4.3 milliún duine agus buiséad bliantúil de $3.3 billiún)  a rith. Taispeántar an chaoi ina gcuirtear na cinntí a dhéantar i Halla na Cathrach i gcrích agus an tionchar a bhíonn ag na cinntí sin ar an bpobal. Agus cuirtear ar a súile don lucht féachana na hiarrachtaí atá á ndéanamh le polasaithe maidir le cearta cine, tithíochta, agus athrú aeráide a chur i gcrích.

Tá Marty Walsh páirteach i go leor de radharcanna an scannáin agus de réír na hirise Variety, fiú nuair nach bhfuil an méara le feiceáil ar an scáileán, “his statesmanship permeates the film’s other scenes”.

“Marty Walsh is flying the flag for compassion and responsibility in the Trump era,” a dúradh i léirmheas san Observer i Sasana le gairid agus roghnaigh an nuachtán sin City Hall ar cheann de na trí scannán faisnéise is fearr a taispeánadh ag Féile Scannán na Veinéise.

Is as Boston do stiúrthóir City Hall, Frederick Wiseman, atá 90 bliain d’aois agus a bhfuil aitheantas bainte amach aige dá chuid scannán faisnéise le 50 bliain anuas. Dúirt Wiseman go ndearna sé City Hall le taispeáint go mbíonn rialtas riachtanach le gur féidir le daoine maireachtáil le chéile faoi rath. De réir na dtuairiscí d’éirigh le cuspóir Wiseman. “Wiseman has made a movie that shows that government can work,” a dúradh i léirmheas sa Boston Globe.

Deir Marty Walsh i City Hall féin: “The impact can be made locally, and all it takes is one city.”

City Hall á thaispeáint ar líne, mar chuid de Fhéile Scannán Nua-Eabhrac, go dtí Dé Céadaoin, an 30 Meán Fómhair. Beidh sé le feiceáil i bpictiúrlanna i Meiriceá mí na Samhna.

Fág freagra ar 'Méara Boston Marty Walsh i gcroílár scannán faisnéise nua'