Méadú suntasach tagtha ar an tóir ar ainmneacha Gaeilge le 50 bliain anuas

Tá súil caite ag Tuairisc.ie ar liostaí na n-ainmneacha ba choitianta do bhuachaillí agus do chailíní in 2019 agus i 1969,  50 bliain ó shin

Méadú suntasach tagtha ar an tóir ar ainmneacha Gaeilge le 50 bliain anuas

Tá méadú suntasach tagtha ar an tóir atá ar ainmneacha Gaeilge le 50 bliain anuas de réir figiúirí atá foilsithe ag an CSO.

Léiríonn anailís atá déanta ag Tuairisc.ie ar liostaí na n-ainmneacha is coitianta do bhuachaillí agus do chailíní in 2019 agus i 1969, go bhfuil níos mó ainmneacha Gaeilge á dtabhairt ar ghasúir sa lá atá inniu ann.

Ar liosta 2019 bhí Odhrán agus Éabha ar na hainmneacha is mó ar tháinig méadú ar an úsáid a baineadh astu.

De réir figiúirí 1969, sa 35ú háit liosta a bhí an t-ainm Gaeilge is coitianta a tugadh ar bhuachaillí. Ba é sin Sean (níor thosaigh an CSO ag tabhairt aitheantas don síneadh fada go dtí 2018).

Bhíodh sé de nós ag an am chomh maith leagan Béarla d’ainm a chur ar theastas breithe, fiú más ainm Gaeilge a bhí ar an bpáiste. Tá an t-athrú a tháinig ar an nós sin ar cheann de na cúiseanna leis an mborradh faoi na hainmneacha Gaeilge.

Ach is léir freisin go bhfuil ainmneacha Gaeilge níos mó sa bhfaisean anois ná mar a bhíodh.

In 2019, bhí naoi n-ainm Gaeilge i measc an 35 ainm ba choitianta ar liosta na mbuachaillí.

Bhí péire acu sin, Liam (8) agus Tadhg (9), i measc na ndeich n-ainm is coitianta a tugadh ar bhuachaillí in 2019. Bhí Seán sa 24ú háit ar liosta na bliana seo caite agus bhí an-tóir ar Oisín, Fionn, Cillian, Rían, Finn agus Cian chomh maith.

Bhí ainmneacha Gaeilge ar chailíní beagáinín níos coitianta ná ainmneacha Gaeilge ar bhuachaillí i 1969. Bhí Deirdre agus Fiona i measc na ndeich n-ainm is coitianta 50 bliain ó shin.

15 ainm Gaeilge a bhí i measc an 100 ainm is coitianta do chailíní ar liosta 2019.

Fiadh an t-aon ainm Gaeilge a bhí i measc na ndeich n-ainm is coitianta do chailíní in 2019.

Ní raibh aon cheann de na deich n-ainm atá ar bharr liosta na gcailíní in 2019 ar liosta an 100 ainm is coitianta in 1969.

Bhí Mary ar bharr an liosta i 1969, bliain ar tugadh an t-ainm sin ar 2,188 cailín. Ní raibh Mary ach sa 92ú háit ar liosta 2019 agus 62 Mary a rugadh anuraidh.

Tá éagsúlacht i bhfad níos mó in ainmneacha an lae inniu chomh maith. I 1969 tugadh 859 ainm éagsúil ar bhuachaillí ach 3,725 ainm difriúil a bhí i gceist i gcás na mbuachaillí anuraidh.

I 1969 tugadh 1,405 ainm éagsúil ar chailíní ach 4,814 ainm difriúil a bhí i gceist i gcás na gcailíní in 2019.

Fág freagra ar 'Méadú suntasach tagtha ar an tóir ar ainmneacha Gaeilge le 50 bliain anuas'

  • Eoin Ó Riain

    Ní thuigim cén fáth a n-úsáidain sibh leagan Bhéarla de foirmeacha nó fógraí in bhur gcuid pictiúirí nuair atá siad le fáil i nGaeilge chomh maith. Ní dóigh liom go n-úsáideann na meáin Bhéarla úsáid as na leaganacha Ghaeilge ina a gcuid altanna! Mar a deireann lucht SnaG “Úsáid do theanga!”