McHugh ‘ag magadh faoin Dáil’ agus ‘cúpla abairt fhánach’ faoin nGaeltacht i bplean náisiúnta

Chuir an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív i leith Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil tráthnóna inné nach raibh sé sásta ‘ceist shimplí’ a fhreagairt faoi chás na Gaeltachta sa Chreatlach Náisiúnta Pleanála

McHugh ‘ag magadh faoin Dáil’ agus ‘cúpla abairt fhánach’ faoin nGaeltacht i bplean náisiúnta

Cuireadh i leith Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh inné go raibh sé “ag magadh faoin Dáil” agus gur theip air “ceist shimplí” a fhreagairt faoin gCreatlach Náisiúnta Pleanála.

D’fhiafraigh an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar-Maigh Eo Theas Éamon Ó Cuív d’Aire Stáit na Gaeltachta an raibh plé aige leis an Aire Tithíochta agus Pleanála, Eoghan Murphy ar mhaithe le cinntiú go mbeidh “soláthar faoi leith sa Chreatlach Náisiúnta Pleanála don Ghaeltacht le go bhfásfaidh na ceantair Ghaeltachta”.

Ní mó ná sásta a bhí Ó Cuív leis an bhfreagra fada a thug McHugh air mar nár luaigh an tAire Stáit líon na gcruinnithe a bhí aige le Murphy faoin ábhar, mar a iarradh air.

“Caithfidh mé a rá, a Aire Stáit, go bhfuil tú ag magadh faoin Dáil. Chuir mé ceist shimplí, cén plé a bhí agatsa leis an Aire Pleanála, Tithíochta, agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an phlean seo. Níor fhreagair tú an cheist sin.

“B’fhéidir go bhféadfá a rá liom cé mhéad cruinniú a bhí agat leis an Aire Pleanála, Tithíochta agus Rialtais Áitiúil maidir le réiteach an Chreatlach Náisiúnta Pleanála?” a dúirt Ó Cuív.

Mhaígh Ó Cuív nach bhfuil “aon rud ráite” sa phlean faoin mbealach ná faoin gcur chuige a bheadh ann maidir leis an nGaeltacht a chosaint.

Thug an tAire McHugh le fios nach bhfuil an plean críochnaithe go fóill agus go bhfuil deis ann go dtí an 30 Samhain  “cúpla smaoineamh eile” a chur san áireamh. Dúirt sé go bhfuil plé leanúnach ar bun aige leis an Aire faoin bplean. Ní dúirt cén líon cruinnithe a bhí aige leis an Aire Murphy, áfach.

Agus Ó Cuív ag éirí mífhoighdeach faoin scéal, dúirt an leasCheann Comhairle Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir leis  nach bhféadfadh sé “brú a chur ar an Aire ceisteanna a fhreagairt”.

“Nach é an trua é?” a dúirt Ó Cuív.

D’fhiafraigh Ó Cuív de McHugh arbh é toradh “na hidirghabhála uileghabhálaí” ar fad a bhí aige leis an Aire Pleanála ná “dhá líne theibí gan sprioc”. D’fhiafraigh sé chomh maith den Aire Stáit ar chuir a Roinn aighneacht maidir le todhchaí na Gaeltachta agus na Gaeilge faoi bhráid an Aire Murphy agus an plean á réiteach.

“A Aire, an bhfreagróidh tú an cheist? Cén plé a bhí agat leis an Aire, agus an é seo an toradh a bhí ar an bplé sin? An bhfuil tú sásta leis an bplé sin? Ar chuir do Roinn aighneacht isteach? Ceisteanna simplí, freagraí díreach, a Aire, le do thoil,” a dúirt Ó Cuív.

Fág freagra ar 'McHugh ‘ag magadh faoin Dáil’ agus ‘cúpla abairt fhánach’ faoin nGaeltacht i bplean náisiúnta'