McConville agus McEntee le chéile arís, an ghaoth i seolta Fhear Manach

Imreofar na cluichí ceannais i Roinn 3 agus Roinn 4 na sraithe i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna

McConville agus McEntee le chéile arís, an ghaoth i seolta Fhear Manach

Sligeach v Cill Mhantáin – Páirc an Chrócaigh, 5.00in (Beo ar TG4)

Beirt a bhfuil an-aithne acu ar a chéile iad Oisín McConville agus Tony McEntee a chaith na blianta ag imirt lena chéile agus ag buachan craobhacha uile-Éireann le hArd Mhacha agus Raonaithe na Croise. Cuirfear an cairdeas ar leataobh i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna, áfach, agus an bheirt ina mbainisteoirí foirne, McConville le Cill Mhantáin agus McEntee le Sligeach, agus iad ag imirt i gcluiche ceannais Roinn 4 na sraithe.

Is mó taithí atá ag McEntee mar bhainisteoir agus é i gceannas ar Shligeach le trí bliana anuas ach tá an t-ardú céime bainte amach ag an bhfoireann agus iad le bheith i Roinn 3 an bhliain seo chugainn den chéad uair ó 2018.

Bhí ar Shligeach an ceann is fearr a fháil ar Liatroim sa bhabhta deireanach an tseachtain seo caite agus cluiche spleodrach a bhí ann. Bhí fir Shligigh ocht bpointe chun tosaigh ag tráth amháin ach, agus an 70 nóiméad istigh, bhí Liatroim pointe chun cinn. D’éirigh le Finnian Cawley agus Seán Carrabine an dá phointe deireanach a aimsiú do Shligeach chun an bua a thabhairt dóibh, an séú chluiche as seacht gcinn a bhuaigh foireann McEntee le críochnú ar bharr na sraithe.

Bhí Carrabine agus tosach eile de chuid Shligigh, Niall Murphy, ar bheirt de na himreoirí ba mhó a d’aimsigh scóranna sa roinn le linn na sraithe. Fuair an bheirt ceithre phointe an duine sa bhua cuimsitheach a bhí ag Sligeach ar Chill Mhantáin i mbabhta a dó, 0-18 in aghaidh 0-12.

Tá Cill Mhantáin feabhsaithe go mór, áfach, agus gan cluiche caillte acu ó shin. Bhí orthu an ceann is fearr a fháil ar Phort Láirge an deireadh seachtaine seo caite chun ardú céime a bhaint amach, rud a rinneadar i bPáirc Uí Fhearchair. Tá gaisce déanta ag Oisín McConville cheana féin ina chéad bhliain mar bhainisteoir agus bheadh sé níos sásta fós dá mbuafadh Cill Mhantáin tráthnóna, an chéad chorn a bheadh buaite ag an gcontae ó bhuaigh siad Roinn 4 breis is deich mbliana ó shin.

Fear Manach v An Cabhán – Páirc an Chrócaigh, 7.15in (Beo ar TG4)

Níl sé lá ann ó chas na foirne seo ar a chéile sa bhabhta deireanach de Roinn 3 na sraithe ach ba cheart go mbeadh coimhlint i bhfad níos déine againn anocht agus corn ar fáil don bhuaiteoir.

Bhuaigh Fear Manach an cluiche eatarthu an deireadh seachtaine seo caite, bua a bhí ag teastáil chun ardú céime a chinntiú, ach seans nár chuir an chailliúint isteach rómhór ar an gCabhán, a raibh áit i Roinn 2 bainte amach acu cheana féin tar éis dóibh a gcéad chúig chluiche a bhuachan sa tsraith.

Tá dhá chluiche as a chéile caillte ag foireann Mickey Graham – chaill an Cabhán in aghaidh Aontroma i mbabhta a sé – agus ní bheidh an bainisteoir ná na himreoirí ag iarraidh an tríú cluiche as a chéile a chailliúint, go háirithe agus an chraobh ag teannadh linn.

Buille a bheidh ann don Chabhán mura mbeidh leithéidí Dara McVeety, Niall Carolan agus Paddy Lynch, triúr atá ag streachailt le gortuithe, in ann imirt i bPáirc an Chrócaigh anocht ach tá an cumas ag fir Bhréifne an beart a dhéanamh go fóill.

Tá dul chun cinn á dhéanamh ag Fear Manach faoi cheannas Kieran Donnelly le cúpla bliain anuas agus ba mhór an spreagadh dóibh na cluichí crua a bhuaigh siad in aghaidh an Dúin agus Aontroma le linn na sraithe.

Tá ag éirí go maith go fóill le Seán Quigley i measc na dtosaithe ach tá cúnamh aige anois ó Ultan Kelm, a bhí le dul go dtí an Astráil go dtí gur gortaíodh é, agus atá ag imirt thar barr.

Tá cúig chluiche as a chéile anois buaite ag Fear Manach agus an ghaoth ina seolta roimh an gcluiche ceannais.

Fág freagra ar 'McConville agus McEntee le chéile arís, an ghaoth i seolta Fhear Manach'