McCarthy agus Grant os cionn a mbuille in ‘Can You Ever Forgive Me?’

Scannán taitneamhach é Can You Ever Forgive Me? arb é an rud is taitneamhaí faoi ná taispeántais na bpríomhaisteoirí

McCarthy agus Grant os cionn a mbuille in ‘Can You Ever Forgive Me?’

Can You Ever Forgive Me?
Stiúrthóir: Marielle Heller
Cliar: Melissa McCarthy, Richard E. Grant, Dolly Wells, Ben Falcone.

Ní lia duine ná tuairim, ach is beag duine gur mór aige scannáin nach n-áiteodh gur dras ceart é tromlach mór de shaothair Melissa McCarthy. Is scannán greannmhar in áiteanna é Bridesmaids (2011) ach bhí an t-ádh dearg le McCarthy gur ghnóthaigh sí ainmniúchán Oscar. Níl aon taispeántas le dealramh tugtha uaithi aici ó shin seachas a cuid scigaithrise ar Sean Spicer ar Saturday Night Live. Go deimhin d’imigh na taispeántais úd chun leadráin tar éis scaithimh.

Ach léiríonn a taispeántas in Can You Ever Forgive Me? nach aon dóithín í mar aisteoir. ’Sí an scríbhneoir Lee Israel atá idir lámha aici anseo agus déantar léiriú ar conas mar a thug an beathaisnéisí cumasach faoi bhrionnú liteartha sna nóchaidí lena crústa a thuilleamh.

Bhí saol scríbhneoireachta Lee in airde láin sna seachtóidí/ochtóidí agus bhí glacadh maith lena beathaisnéisí/gearrbheathaisnéisí ar Katherine Hepburn, Tallulah Bankhead agus Dorothy Kilgallen. Faoi thosach na nóchaidí ní raibh aon bhlas ag an lucht féachana ar a leithéid de shaothair a thuilleadh.  Lena chois sin, dhein Israel cac sleáidí de bheathaisnéis faoi Estée Lauder nuair ab éigean di é a thabhairt ar an bport faoi dheifir mar go raibh Lauder í féin tar éis dul i mbun pinn.

Tosaíonn an scannán seo agus an tóin tite as saol Lee. Tá cuma mhíshlachtmhar uirthi, í luite leis an ól agus ag maireachtaint in árasán a bhfuil drochbhail air. Cuireann McCarthy bean chancrach, dhrochmhaitheasach, bhorb, thruacánta os ár gcomhair ach tá sí greannmhar ina slí féin. Ní shantaíonn sí caidreamh le daoine eile agus níl de chara aici ach seanchat atá sna croití deireanacha. Deir a gníomhaire go seanbhlastúil go bhfuil a saol oibre tite as a chéile mar go ndéanann sí daoine a chuimilt in aghaidh an fhionnaidh.

’Sé an seanchat céanna a sheolann Lee ar bhóthar na coiriúlachta óir nach bhfuil an t-airgead aici cóir leighis a chur air nuair a theipeann ar a shláinte. Ar dtús éiríonn léi teacht ar litreacha liteartha trí thimpiste sa leabharlann agus sciobann sé léi iad. De réir a chéile tosaíonn sí ag cumadh agus lán laidhre airgid á thuilleamh aici ar gach ceann. Cuirtear abhaile orainn i rith an ama gur scríbhneoir cumasach í Israel agus go raibh cruthaitheacht le sonrú ina cuid cumadóireachta mar aon le tuiscint dhomhain ar na daoine a raibh sí ag déanamh aithrise orthu.

’Sé an leábharaic Jack Hock (Grant) atá mar leathbhádóir óil aici agus tar éis tamaill tá sé mar chomhghuaillí coiriúlachta aici chomh maith. Tugann Grant faoin ról le fonn agus le flosc agus is iad na comhráite eatarthu a thugann breis léargais dúinn ar an mbean shuaite seo.

Dá fhad a théann an madra rua beirtear sa deireadh air ach ina dhiaidh sin féin d’éirigh le Israel na cosa a thabhairt léi ábhar mar nárbh éigean di aon lá a chaitheamh i bpríosún. Ina theannta sin d’éirigh léi ábhar dírbheathaisnéise a bhaint as an gcúram. Tá an scannán seo bunaithe ar an saothar úd den teideal céanna agus is beag aithreachas atá le sonrú sa dá shaothar, go deimhin tá an t-údar bródúil as an ngaisce liteartha a bhaineann lena camasataíl phinn.

Scannán taitneamhach arb é an rud is taitneamhaí faoi ná taispeántais na bpríomhaisteoirí.

Fág freagra ar 'McCarthy agus Grant os cionn a mbuille in ‘Can You Ever Forgive Me?’'