‘Masla tomhaiste’ á thabhairt ag Rialtas na Breataine do phobal na Gaeilge ‘ar ordú’ an DUP

Bhí díospóireacht faoi cheist an achta Ghaeilge don tuaisceart ag ceannaire Shinn Féin agus ceannaire Fhianna Fáil

‘Masla tomhaiste’ á thabhairt ag Rialtas na Breataine do phobal na Gaeilge ‘ar ordú’ an DUP

D’éirigh idir ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin agus ceannaire Shinn Féin Mary Lou MacDonald sa Dáil an tseachtain seo faoi cheist an achta Ghaeilge ó thuaidh.

Rinne ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin cáineadh ar chur chuige Shinn Féin i leith cheist an achta agus mhaígh sé go raibh ‘ceist pháirtí’ déanta ag Sinn Féin di.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gurb amhlaidh gur lig Fianna Fáil agus Fine Gael síos Gaeil an Tuaiscirt nuair nár sheas leis an ngealltanas faoin acht a rinneadh 13 bliain ó shin.

Dúirt Mary Lou MacDonald chomh maith go raibh ‘masla tomhaiste á thabhairt d’aon turas” ag Rialtas na Breataine do dhaoine ar mór acu an Ghaeilge.

Mhaígh Micheál Martin gur ‘teaicticí páirtí’ a bhíonn ar siúl ag Sinn Féin i dtaobh cheist na reachtaíochta teanga agus ceisteanna eile.

“Is é an rud a scrios an comhoibriú ar na ceisteanna seo go bhfuil an chuma air nach ceisteanna trasphobail iad níos mó ach go bhfuil siad á gcur i láthair mar cheisteanna a bhaineann le páirtí. Nuair a dúirt an Teachta [Gerry] Adams gurb é an comhionannas ‘capall na Traí ag gluaiseacht na poblachta’ rinne sé an t-uafás dochair.

“Tá dochar déanta chomh maith ag an mbealach a mbíonn, nó nach mbíonn, na ceisteanna seo ina bpolasaí de réir mar a oireann sé sin do pháirtí amháin ag am faoi leith. Tuigtear go forleathan gur teaicticí páirtí seachas tiomantas dáiríre do na ceisteanna féin atá ar siúl nuair a chuirtear in iúl gurbh iad seo an t-aon siocair amháin gur theip ar an bhFeidhmeannas cé nach raibh aon bhaint acu leis.”

Cháin Martin chomh maith seasamh an DUP i leith na Gaeilge.

“Ar an taobh eile den scéal, tá an cur chuige atá ag cuid de na daoine sa DUP i leith na héagsúlachta cultúrtha páistiúil agus fíormhaslach agus tá dochar mór déanta aige. Tá an dearcadh sin fós ann d’ainneoin leithscéal a bheith gafa ag ceannaire an DUP, agus fáiltím roimhe sin, agus go deimhin féin, d’ainneoin oidhreacht láidir  a bheith fágtha ag cléir Eaglais na hÉireann, agus lucht léinn san Eaglais Phreispitéireach, go háirithe, maidir le caomhnú na Gaeilge san am a caitheadh.”

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur iontach “an dul chun cinn” a bheadh ann “dá  n-admhódh na páirtithe móra an ról a bhí acusan sa tsáinn ó thuaidh agus glacadh leis gur ghortaigh cuid dá ngníomhartha féin daoine agus gur chothaigh siad an t-easaontas”.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou MacDonald gurb amhlaidh go raibhcomhaontú ann cheana féin” faoin gcuid is mó de na hábhair atá faoi chaibidil sna cainteanna ó thuaidh agus nach raibh i gceist anois “ach iad a chur i bhfeidhm”.

“Aontaíodh 13 bliain ó shin i gComhaontú Chill Rímhinn go dtabharfaí isteach Acht Gaeilge. Cuimhnímse air sin mar bhí mé i láthair. Comhaontú a bhí ann idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Breataine. Bhí sé an-soiléir agus cuireadh de cheangal ar Rialtas na Breataine ‘acht Gaeilge a thabhairt isteach a bheadh bunaithe ar thaithí na Breataine Bige agus na hÉireann agus oibriú leis an bhFeidhmeannas nua chun dul chun cinn na Gaeilge a neartú agus a chosaint’. Sin 13 bliain ó shin.

“Ní nach ionadh bhí Gaeil sa Tuaisceart, ar caitheadh leo mar shaoránaigh den dara grád le blianta fada, ag súil go gcomhlíonfadh Rialtas na Breataine a ghealltanas. Gníomh siombalach agus praiticiúil atá san acht. Tá an t-acht riachtanach chun an Ghaeilge a chosaint, go háirithe do Ghaeilgeoirí, ach tá i bhfad níos mó ná sin i gceist leis. Baineann sé seo le féiniúlacht,” a dúirt Mary Lou MacDonald.

Dúirt ceannaire Shinn Féin gur chuir Gaeil an Tuaiscirt a muinín i  rialtais éagsúla de chuid Fhianna Fáil agus Fine Gael agus iad ag ceapadh go seasfaidís leis an ngealltanas faoin acht ach nár comhlíonadh é ó shin.

“Dúirt an Taoiseach nach bhfágfaí saoránaigh na hÉireann sa Tuaisceart ar deireadh níos mó. Tá saoránaigh na hÉireann sa Tuaisceart ag iarraidh go seasfadh an Taoiseach, an Tánaiste agus muid ar fad leis an ngealltanas sin. Masla tomhaiste atá á thabhairt d’aon turas ag Rialtas na Breataine, ar ordú dream de chuid na nAontachtach, dóibh siúd ar mór acu an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach nuair a dhiúltaíonn siad seasamh leis an gcomhaontú agus tá an próiseas polaitíochta á chur dá bhoinn acu.

“Tugann sé sin leithscéal do na hAontachtaigh sin a bhí in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus atá fós ina aghaidh.”

Fág freagra ar '‘Masla tomhaiste’ á thabhairt ag Rialtas na Breataine do phobal na Gaeilge ‘ar ordú’ an DUP'