‘Masla’ do phobal na Gaeltachta diúltú Eir do sheoltaí i nGaeilge— Maireád Ní Mhaonaigh

Theastaigh ón gceoltóir an leagan oifigiúil Gaeilge dá seoladh baile a chlárú leis an gcomhlacht agus í ag ceannach pacáiste leathanbhanda uathu ach dúradh léi gur ghá leagan Béarla dá seoladh baile a thabhairt

‘Masla’ do phobal na Gaeltachta diúltú Eir do sheoltaí i nGaeilge— Maireád Ní Mhaonaigh

Tá “leithcheal” á dhéanamh ag an gcomhlacht cumarsáide Eir ar phobal na Gaeltachta i dTír Chonaill agus ar chainteoirí Gaeilge ar fud na hÉireann, dar leis an amhránaí Mairéad Ní Mhaonaigh, as Carraig Fhinn i gceantar na Rosann. Chuir an ceoltóir aitheanta tvuít amach an tseachtain seo inar thug sí “masla” ar an scéal nach nglacann Eir lena seoladh i nGaeilge.

Labhair Ní Mhaonaigh ar an gclár Barrscéalta ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar maidin faoin deacracht a bhí aici clárú le Eir agus seoladh Gaeltachta in úsáid aici.

Theastaigh ón gceoltóir an leagan oifigiúil Gaeilge dá seoladh baile a chlárú leis an gcomhlacht agus í ag ceannach pacáiste leathanbhanda uathu.

Dúirt sí, áfach, nár lig Eir di clárú leo i nGaeilge agus go ndúradh léi go mbeadh uirthi leagan Béarla den seoladh Gaeltachta a thabhairt le clárú leo.

Dúirt Ní Mhaonaigh gur “masla” do mhuintir na Gaeltachta é nach bhfuil seirbhís i nGaeilge ar fáil ó Eir, ar an gcéad dul síos, agus go bhfuil ar mhuintir na Gaeltachta leaganacha i mBéarla dá seoltaí baile a úsáid le seirbhís a fháil ón gcomhlacht.

“Níl cothrom na féinne tugtha [ag Eir] do lucht labhartha na Gaeilge agus do bhunadh na Gaeltachta ó thaobh seirbhísí de nó cúrsaí teanga de,” a dúirt sí.

Chuaigh Ní Mhaonaigh i dteagmháil leis an gcomhlacht ar Twitter inné, i nGaeilge agus i mBéarla, agus í ag gearán faoin bhfadhb. D’fhreagair an cuntas @eircare a teachtaireacht Bhéarla agus tugadh le fios nach féidir le Eir glacadh le seoltaí Gaeilge ar an gcóras clárúcháin.

Tugadh le fios i bhfreagra a tugadh ar úsáideoir eile ar Twitter go mbeadh ar chustaiméirí clárú i mBéarla leis an gcomhlacht, ach go bhféadfaí an seoladh ar na billí a sheoltar a leasú agus leagan Gaeilge a úsáid i ndiaidh an chlárúcháin.

Tá ceisteanna curtha ag Tuairisc.ie ar Eir faoin scéal ach táthar fós ag fanacht ar fhreagra uathu.

Fág freagra ar '‘Masla’ do phobal na Gaeltachta diúltú Eir do sheoltaí i nGaeilge— Maireád Ní Mhaonaigh'

  • Mánus

    Nach teanga oifigiúil Stáit í agus dá réir sin d’fhéadfaí Eir a thógaint chun na cúirte.

  • Braoin Ó Braoin

    … agus nuair a thógfar an comhlucht céanna os comhair na cúirte, déantar sin a chur ar an eolas don phobal sna meáin bhéarla… i litreacha móra… b’shin sampla de theanga éigeantach dúinn…